Má tá iarratas déanta agat ar Chosaint Idirnáisiúnta agus má tá cónaí ort i gcóiríocht atá á soláthar ag Seirbhísí Cóiríochta Cosaint Idirnáisiúnta na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, fad is atá tú ag fanacht ar chinneadh maidir le d’iarratas, tá tú i dteideal an Liúntas Costas Laethúil a fháil.
Tá an liúntas iníoctha le gach iarrthóir ar Chosaint Idirnáisiúnta a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht atá á soláthar ag Seirbhísí Cóiríochta Cosaint Idirnáisiúnta na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Beidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) ag teastáil uait chun tacaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí a rochtain.
Cuirfear in iúl duit má tá aon socruithe áitiúla déanta chun Uimhreacha PPS a leithdháileadh ar chónaitheoirí d’ionaid chóiríochta.
Tá ráta an liúntais cothrom le €38.80 sa tseachtain le haghaidh aosaigh agus €29.80 sa tseachtain le haghaidh linbh.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh leis na Seirbhisí Leasa Pobail. Foghlaim hconas rochtain a fháil ar Sheirbhísí Leasa Pobail anseo.
Tá sonraí faoi do theagmháil áitiúil leis an tSeirbhís Leasa Pobail ar fáil ag d'ionad cóiríochta.
Tá an rogha agat freisin foirm iarratais an Liúntais Chostais Laethúla (DEA1) a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig:
Foireann Tacaíochta SLS Shligigh, Seirbhísí Leasa Shóisialaigh, Bóthar an Choláiste, Sligeach, F91 T384.
Foirm iarratais: Liúntas um Chostais Laethúla (DEA1)
Eagrán: Iúil 2023
Is féidir leat an fhoirm seo a fháil freisin ag Id'Ionad Intreo áitiúil nó ag d'Oifig Bhrainse áitiúil Leasa Shóisialaigh.
I gcásanna áirithe, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal Íocaíocht Riachtanas Breise.
Má tá cead agat a bheith ag obair féadfaidh tú Seirbhísí Fostaíochta Pobail na Roinne a rochtain trí do Ionad Intreo áitiúil.
Má tá cead agat a bheith ag obair agus má tá tú i mbun fostaíochta, b’fhéidir go mbeadh tú cáilithe don Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht. Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin d’fhostaithe le leanaí í an íocaíocht seo.