An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga cuirtear idir chúnamh caipitil agus reatha ar fáil go leanúnach ar mhaithe le tacú le heagraíochtaí agus coistí pobail fud fad na Gaeltachta a bhíonn i mbun oibre ar son na Gaeilge agus ar leas phobal na Gaeltachta.
Mar chuid den infheistíocht a dhéantar faoin gClár, cuirtear maoiniú reatha faoi leith ar fáil faoi scéimeanna éagsúla, eadhon:
Ina theannta sin ar ndóigh cuirtear cúnamh reatha ar fáil faoin gClár chun cabhrú le heagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge cláir oibre comhaontaithe leis an Roinn a chur i bhfeidhm lena n-áirítear Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG), Comhairle Chonnacht agus na Mumhan (Clár na gCluichí Gaelacha). Tugtar sonraí faoi na heagraíochtaí éagsúla Gaeltachta a fhaigheann maoiniú reatha ón Roinn chun clár gníomhaíochtaí faoi leith a riar thar ceann na Roinne sa tuairisc ghinearálta ar obair na Roinne ar leas na Gaeltachta 2019.
Ar mhaithe le tacú le bonneagar teanga agus pobail na Gaeltachta a threisiú tuilleadh cuirtear cúnamh caipitil ar fáil do choistí agus eagraíochtaí Gaeilge/Gaeltachta chun áiseanna pobail agus teanga a chur ar fáil nó a uasghrádú.
Má tá tú ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Caipitil, ba chóir duit an Bileog Eolais thíos a léamh go cúramach agus teagmháil a dhéanamh le CTPT@tcagsm.gov.ie chun do chás a fhiosrú
Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga - Foirm Iarratais - Caipitil
Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga - Bileog Eolais - Clár Caipitil
Gaeltacht na Gaillimhe, Thuar Mhic Éadaigh agus na Mí:
Joe Ó Flatharta
Gaeltacht na Mumhan lena n-áirítear Co an Chláir:
Déan teagmháil
Gaeltacht Dhún na nGall, Mhaigh Eo Thuaidh agus Thiar
Fiachra Mackel