An Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirtear An Scéim Teagaisc um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar fáil chun seirbhís teagaisc sheachtainiúil a sholáthar ina dtagann teagascóir ar cuairt chuig teach páiste réamhscoile a bhfuil deacracht cloisteála air/uirthi nó páiste scoile a bhfuil deacracht cloisteála air/uirthi chun oiliúint TCÉ a thabhairt don pháiste, dá s(h)iblín(í) agus dá t(h)uismitheoir(í)/c(h)aomhnóir(í).
Ní mór do thuismitheoir/caomhnóir an pháiste a bhfuil iarratas á dhéanamh ar a s(h)on, an fhoirm iarratais thíos a chomhlánú agus í a chur isteach chuig An Rannóg Oideachais Speisialta. Tá codanna den fhoirm seo le comhlánú ag príomhoide na scoile, an Múinteoir Cuartaíochta do pháistí agus do dhaoine óga atá bodhar nó le deacracht cloisteála, agus an teagascóir TCÉ.
Teagasc Teanga Chomhartaíochta na hÉireann (ISL)