Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a Fháil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is uimhir thagartha uathúil í an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) a chabhraíonn leat sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus faisnéis a rochtain in Éirinn.
Tá 7 n-uimhir in Uimhir PPS i gcónaí mar aon le litir amháin nó dhá litir i ndiaidh na n-uimhreacha sin.
Chun Uimhir PPS a fháil, ní mór fianaise ar an méid seo a leanas a sholáthar
Má tá tú: | Beidh ort an fhianaise seo a leanas ar d’aitheantas a sholáthar: |
Saoránach Éireannach a rugadh i bPoblacht na hÉireann | Do theastas breithe agus aitheantas fótagrafach, cosúil le do phas nó ceadúnas tiomána |
Saoránach Éireannach trí eadóirsiú nó Clárú Breitheanna Coigríche | Do phas Éireannach reatha nó Teastas Eadóirsithe NÓ do theastas Cláraithe Breithe Coigríche AGUS ceadúnas tiomána Éireannach nó de chuid na Ríochta Aontaithe nó ceadúnas tiomána foghlaimeora Éireannach |
Saoránach Éireannach a rugadh i dTuaisceart Éireann nó saoránach den Ríocht Aontaithe | Pas reatha NÓ do theastas breithe ar a bhfuil sloinne breithe do mháthar AGUS do cheadúnas tiomána reatha |
Saoránaigh AE/LEE (seachas Éireannach agus Ríocht Aontaithe) | Pas reatha nó cárta aitheantais náisiúnta |
Saoránaigh Neamh-AE/LEE | Pas reatha |
Ní ghlactar leo seo a leanas mar fhianaise ar d’aitheantas:
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Uimhir PPS chun tús a chur le fostaíocht, ní mór go mbeadh tairiscint sínithe fostaíochta agat ó d’fhostóir lena ndeimhnítear cathain a bhfuil tús le cur le do phost nó cathain ar cuireadh tús le do phost. Ba cheart go mbeadh an litir seo ar pháipéar ceannteidil na cuideachta agus ba cheart go mbeadh sonraí teagmhála agus uimhir chláraithe an fhostóra/na cuideachta ar an litir. Ní theastaíonn Uimhir PPS uait má tá obair á cuardach agat nó ionas gur féidir le fostóir fostaíocht a thairiscint.
Seo a leanas roinnt samplaí de na cúiseanna a bhféadfadh Uimhir PPS a bheith ag teastáil ó dhuine:
Ní mór duit fianaise ar do sheoladh a sholáthar.
Ní mór go mbeadh d’ainm agus seoladh ar an doiciméad agus ní ghlacfar le doiciméad dátaithe níos mó ná 3 mhí ó shin
Is féidir leat aon cheann de na doiciméid seo a leanas a úsáid chun é seo a dhéanamh:
*Má tá tú ag fanacht le cairde nó gaolta, tá bille teaghlaigh bhunaidh mar aon le nóta ó shealbhóir an bhille ag deimhniú do chónaitheacht ag seoladh an bhille inghlactha. D’fhéadfaí an nóta seo a scríobh ar an mbille féin.
Tá seirbhís iarratais Uimhir PPS ar fáil ag mywelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d’aois ar a laghad.
Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil. Mura bhfuil cuntas MyGovID agat faigh ceann anseo. .
Beidh ort grianghraif nó cóipeanna scanta de do dhoiciméad aitheantais a uaslódáil:
Ba cheart duit a chinntiú go bhfuil sé éasca na doiciméid ar fad a uaslódálann tú a léamh.
Go hiondúil sanntar Uimhir PPS do leanaí a saolaítear i bPoblacht na hÉireann nuair a chláraítear a mbreith le An Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO). Ciallaíonn sé seo nach gá duit iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS le haghaidh linbh a shaolaítear sa stát. Mura gcláraítear breith laistigh de 3 mhí, áfach, ní mór do thuismitheoir nó do chaomhnóir iarratas a dhéanamh.
Ní mór don tuismitheoir nó caomhnóir iarratas a dhéanamh ar Uimhreacha PPS le haghaidh leanaí atá ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann ach nár saolaíodh i bPoblacht na hÉireann. Ní mór go mbeadh Uimhir PPS ag ceann amháin de na tuismitheoirí nó caomhnóirí ionas gur féidir an leanbh a chlárú.
Ba cheart don tuismitheoir, tuismitheoir altrama nó caomhnóir foirm iarratais REG1M (thíos) a chomhlánú chun Uimhir PPS a fháil dá leanbh atá faoi 18 mbliana d’aois, agus fianaise maidir leis a méid seo leanas a sholáthar:
Ba cheart duit an t-iarratas comhlánaithe d’Uimhir PPS don leanbh a sheoladh chuig an Ionad Leithdháilte Uimhreacha PPS. .
Nuair a bheidh an t-iarratas seolta ar aghaidh agat, agus nuair a bheidh na céimeanna ar fad curtha i gcrích, seolfaidh an Roinn litir chugat sa phost ina mbeidh na sonraí maidir le d’Uimhir PPS.
Glactar leis gur leanbh é duine atá faoi 18 mbliana d’aois chun críocha leithdháilte Uimhreacha PPS.
Má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn agus má theastaíonn Uimhir PPS uait chun críche idirghníomhaíochta le comhlacht sonraithe in Éirinn cosúil le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim chun críocha Cánachais, Probháide agus maoin a cheannach, beidh ort foirm iarratais a chomhlánú Foirm Iarratais le haghaidh Uimhir PPS (REG1) agus an méid seo a leanas a sholáthar freisin:
Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a scanadh agus a sheoladh trí r-phost chuig CIS@welfare.ie nó sa phost chuig;
An Roinn Coimirce Sóisialaí,
Grianán na Sionna,
Cora Droma Rúisc,
Co. Liatroma, N41 KD81,
Poblacht na hÉireann.