Le hÍocaíocht ar Riachtanais Bhreise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Íocaíocht í Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a bhíonn ar fáil duit má tá costais bhunriachtanacha le híoc agat nach féidir leat a íoc as d'ioncam seachtainiúil.
Féadfaidh tú an íocaíocht seo a fháil fiú mura bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat. Féadfaidh sí a bheith ar fáil duit freisin má tá tú ag obair agus má tá ioncam íseal agat beag beann ar an méid uaireanta an chloig a oibríonn tú.
Is féidir linn Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise a sholáthar do na rudaí seo a leanas:
Ní íocann an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise as costais neamh-bhunriachtanacha teaghlaigh ná as costais phearsanta, ná as costais a bhfuil roinn nó gníomhaireacht eile rialtais freagrach astu.
Íoctar Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla faoi Liúntas Leasa Forlíontach agus riarann Seirbhís Leasa Pobail (SLP) nó an roinn iad.
Is féidir le duine ar bith a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil aige/aici nó atá ag obair agus a bhfuil ioncam íseal aige/aici cáiliú d'Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Tá orainn d'ioncam teaghlaigh seachtainiúil, do choigilteas agus d'infheistíochtaí, do chostais tí agus an saghas cúnaimh a theastaíonn uait a chur san áireamh.
Le hÍocaíocht ar Riachtanais Bhreise a fháil, déanfaidh Oifigeach Leasa Pobail d'iarratas a athbhreithniú agus feicfidh sé/sí ar do chúinsí sula ndéanfaidh sé/sí cinneadh faoin íocaíocht is féidir leat a fháil.
Níl aon 'ráta íocaíochta' seasta ann don Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Braithfidh méid na híocaíochta a gheobhaidh tú ar d’ioncam teaghlaigh seachtainiúil agus ar an saghas cúnaimh a theastaíonn uait.
Daoine i do theaghlach | Méid |
Singil | €444 |
Lánúin, gan leanaí | €544 |
1 leanbh | €645 |
2 leanbh | €746 |
3 leanbh | €847 |
4 leanbh | €938 |
5 leanbh | €1,064 |
6 leanbh | €1,180 |
7 leanbh | €1,316 |
8 leanbh nó níos mó | €1,412 |
* Ní chuireann na treoirlínte ioncaim seo teorainn ar rogha na n-oifigeach nuair a bhíonn Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise á n-eisiúint chun cabhrú le daoine aonair nó teaghlaigh i gcúinsí cruatan ar leith.
Is é an bealach is tapúla agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar líne ná ag MyWelfare.ie
Is féidir leat an fhoirm thíos a chomhlánú agus a sheoladh chuig do Sheirbhís Leasa Pobail áitiúil.
Is féidir foirm a iarraidh ó CWSForms@welfare.ie
Is féidir leat an fhoirm a fháil i d'oifig áitiúil agus í a chomhlánú ansin. Níl aon ghá le coinne a chur in áirithe.
Is féidir an t-iarratas a chur isteach tríd an bpost.
Foirm Iarratais le haghaidh Liúntais Leasa Forlíontaigh (SWA1)
Eagrán: Feabhra 2023
Chun cabhrú le d'éileamh a phróiseáil, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat: