Rogha Oideachais Páirtaimseartha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an Rogha Oideachais Páirtaimseartha (PTEO) ar do chumas do Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a choinneáil agus freastal ar chúrsa oideachais nó oiliúna páirtaimseartha sa lá nó san oíche.
Ní mór duit leanúint ag comhlíonadh na gcoinníollacha i gcomhair Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist. Ciallaíonn sé sin nach mór duit a thaispeáint go bhfuil obair á lorg agat go gníomhach i gcónaí agus go bhfuil tú sásta dul i mbun oibre, agus gur dócha go bhfeabhsóidh an cúrsa do sheans post a fháil. Má thairgtear obair duit agus tú ar an gcúrsa beifear ag súil go nglacfaidh tú leis an tairiscint sin.
Féadfaidh tú cáiliú le haghaidh PTEO:
Níl an Rogha Oideachais Páirtaimseartha mar an gcéanna leis an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas. Féadfaidh tú a bheith aon aois agus a bheith dífhostaithe ar feadh aon tréimhse ama sula dtosaíonn tú ar chúrsa páirtaimseartha oideachais.
Níl aon ráta ar leithligh ann don PTEO, leanfaidh tú ag fáil do Liúntas Cuardaitheora Poist nó do Shochair Cuardaitheora Poist ag an gnáthráta.
Déan iarratas trí d’Ionad Intreo áitiúil ar an bhfoirm PTEO1.
Tabhair ar aird: Sula dtosaíonn tú ar chúrsa caithfidh d’Ionad Intreo áitiúil é a cheadú.
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochta ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne sa rannóg agus iad i mbun a gcuid oibre.