Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT)

An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht 2026

Tá An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2026 (SIOT) ann chun deisiú agus caomhnú a dhéanamh ar struchtúir atá faoi chosaint faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.

Tá mar aidhm ag an scéim seo tacú le

  • líon suntasach tionscadal caomhantais dhlúthshaothair de scála beag ar fud na tíre
  • a fhostaíonn gairmithe caomhantais agus ceardaithe oilte a bhfuil taithí acu leis an timpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú.

Tá deontais idir €2,500 agus €50,000 ar fáil.

Cuimsíonn an scéim sruthanna le haghaidh foirgneamh dúchasacha agus aghaidheanna siopaí stairiúla freisin, a bhí mar chuid den Chiste Struchtúr Stairiúil roimhe seo, chomh maith le sruth deontais ‘micrea’ le haghaidh oibreacha cothabhála rialta agus deisiúcháin bheaga.

Tá an scéim á riar go ginearálta tríd na húdaráis áitiúla.

Déan teagmháil linn

Déanann iarratasóirí a n-iarratais tríd a nÚdarás Áitiúil.

Cuirtear tús leis an tréimhse le haghaidh iarratas ón lá inniu, 25 Iúil 2025, go dtí 26 Meán Fómhair 2025.

Tá sonraí na scéime agus treoracha ar conas iarratas a dhéanamh le fáil sna doiciméid seo a leanas:

GAE_SIOT 2026 - Treoirleabhar d’Iarratasóirí
Amharc amharc
GAE_SIOT 2026 Foirm Iarratais A
Amharc amharc
GAE_SIOT 2026 Oibreacha Cáilitheacha agus Neamhcháilitheacha
Amharc amharc
GAE_Ciorclán SIOT 26-01 BHIS 2026
Amharc amharc