Suirbhé Bunscoile
Glac páirt sa Suirbhé Bunscoile inniu.
Tá sé tapa, éasca agus rúnda.
Is do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí atá sa bhunscoil nó a bheidh ag dul isteach sa bhunscoil sna blianta seo amach romhainn an suirbhé seo. Tá suirbhé ar leith thíos do bhaill foirne agus do bhaill de bhoird bhainistíochta i mbunscoileanna.
Tuismitheoirí agus caomhnóirí – teastóidh d’Éirchód uait chun an suirbhé a dhéanamh. Ní úsáidfimid d’Éirchód ach amháin don suirbhé seo.
Aimsigh d’Éirchód
Baill foirne agus baill de bhoird bhainistíochta i mbunscoileanna – teastóidh PIN uait chun an suirbhé a dhéanamh. Beidh an PIN á sheoladh chuig do scoil againn ón 7 Samhain 2025.
Féadfaidh baill foirne ríomhphost a chur chuig an roinn mura bhfuil PIN faighte acu faoin 14 Samhain 2025.
Beidh tábhacht le ráta freagartha maith chun anailís a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé. Ní céim deiridh é an suirbhé. Áit a bhfuil tacaíocht shoiléir ó na tuismitheoirí agus na caomhnóirí le hathruithe a chur san áireamh, tosóidh próiseas eile maidir le plé cuimsitheach.
Beidh gá duit d’éirchód a bheith ar eolas agat chun na suirbhé a chomhlánú. Mura bhfuil d’éirchód ar eolas agat, is féidir leat é a aimsiú anseo: www.eircode.ie. Ní úsáidfidh an Roinn Oideachais agus Óige d’éirchód ach amháin don suirbhé seo agus chun críocha pleanála scoile amach anseo. Féach ar Cheisteanna Coitianta an tsuirbhé le haghaidh tuilleadh eolais faoin suirbhé.
Má tá ceisteanna nó fadhbanna ar bith agat ag déanamh an tsuirbhé, seol ríomhphost, le do thoil, chuig schoolsurvey@education.gov.ie
Go raibh maith agat as ucht páirt a ghlacadh sa suirbhé tábhachtach seo.
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025