Íomha: Rural Campaign Feature Image ga

Deiseanna faoin Tuath

Léirítear le "Deiseanna faoin Tuath" cuid de na bealaí is fearr a bhfuil ag éirí le pobail tuaithe teacht ar chúnamh agus ar chistí Rialtais chun a gcinniúint féin a mhúnlú. Léirítear sin trí shraith chomhordaithe d'imeachtaí réigiúnacha, fógraí agus cás-staidéir físeáin. Cuirfear daoine a fhreastalóidh ar na himeachtaí ar an eolas faoi mar a fuarthas maoiniú do thionscadail rathúla tuaithe agus phobail. Tabharfar eolas dóibh freisin maidir leis na bearta a chaithfidh siad a dhéanamh le go bhfaighidh siad cúnamh dá dtionscadail.

Forbraíodh an mhír físeáin thíos chun cuid de na tionscadail a cuireadh ar fáil i bpobail tuaithe go dtí seo leis na tacaíochtaí a fuarthas a léiriú.

Beidh imeachtaí "Deiseanna faoin Tuath" ar siúl sna háiteanna seo a leanas:

Cill Chainnigh Ceoláras Bhaile Mhic Andáin 2pm an 22 Márta
An Longfort Leabharlann Ghránaird 9am an 27 Márta
An Clár Cora Finne 9am an 10 Aibreán
Dún na nGall Baile Dhún na nGall 9am - an 12 Aibreán
Corcaigh Mala an 15 Bealtaine

Tá cuireadh tugtha do ghrúpaí pobail a bhfuil spéis acu teacht ar mhaoiniú Rialtais do thionscadail tuaithe freastal ar na himeachtaí thuas.

Cloisfear ag an himeachtaí réigiúnacha seo ó ionadaithe ó phobail tuaithe ar éirigh leo cúnamh a fháil agus dá bharr a chuir clár nó tionscadal ar fáil ina gceantar féin. D'imir na tionscadail seo tionchar dearfach i dtaobh forbairt pobail agus acmhainneacht pobail, forbairt fiontair nó fostaíochta, forbairt turasóireachta, srl.

Táthar ag súil go gcabhróidh na scéalta faoi thionscadail ar éirigh leo le pobail eile fís a fhorbairt ina gceantar féin agus go mbeidh teacht acu ar an gcúnamh atá ar fáil tríd Tionscadal Éireann 2040 agus tionscnaimh éagsúla eile an Rialtais.

Is tionscnamh tras-Rialtas é "Deiseanna faoin Tuath" faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail. Is féidir tuilleadh eolais faoi na scéimeanna maoinithe a fháil anseo.

Is féidir tuilleadh eolais faoi scéimeanna maoinithe a fháil ó Ranna eile ag na naisc thíos.