Bearta sláinte poiblí i bhfeidhm anois
Ó An Roinn Sláinte; Roinn an Taoisigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Sláinte; Roinn an Taoisigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An 29 Meitheamh, rachaidh Éire isteach i gCéim 3 de threochlár an Rialtais chun an tsochaí agus an gnó a athoscailt. Ó tharla gur glacadh ar scála mór le comhairle sláinte poiblí, is féidir anois cuid de na bearta a beartaíodh i dtosach do chéimeanna níos déanaí den treochlár a chur ar aghaidh agus bearta níos leithne a ghlacadh sa chéim seo. Le linn Chéim 3, is féidir le formhór na ngnólachtaí, na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí cultúrtha athoscailt anois. Beidh cead agat anois taisteal ar fud na tíre de réir mar a bhainfear teorainneacha taistil intíre.
Le hathoscailt na sochaí, tá sé tábhachtach a mheabhrú gur galar an-tógálach é COVID-19. Tá an riosca go bhfaighidh muid COVID-19 anois mar chuid dár saol laethúil agus fanfaidh sé amhlaidh go ceann i bhfad. Táimid go léir leochaileach don víris seo agus tá daoine áirithe, go háirithe iad siúd os cionn 70 agus daoine leochaileacha ó thaobh sláinte de, fós i mbaol níos mó a bheith an-tinn.
Ba cheart leanúint ar aghaidh le scaradh fisiceach i gcónaí.
Moltar duit fós:
Bheith eolach ar na siomptóim de COVID-19.
Is iad sin:
Má tá siomptóim ort, féin-aonraigh agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh láithreach.
De réir mar a athosclaíonn an tír agus mar a fhoghlaimímid maireachtáil le COVID-19, moltar do gach duine a mbreithiúnas féin a úsáid agus freagracht phearsanta a ghlacadh as iad féin agus daoine eile a chosaint.
Ba chóir go mbeadh gach duine ar an eolas faoi na fachtóirí riosca a bhaineann le COVID-19 a fháil:
Coinnigh ar an eolas faoi scaipeadh COVID-19 i do phobal. Seiceáil an víreas mar a dhéanann tú an aimsir a sheiceáil trí mhol nua sonraí COVID-19 a úsáid.
Le linn Chéim 3 is féidir leat taisteal ar fud na tíre agus chuig oileáin amach ó chósta na hÉireann.
Beidh tú in ann bualadh le daoine eile i ngrúpaí níos mó sa bhaile agus lasmuigh agus comhairle sláinte poiblí á leanúint agat.
Is féidir ollchruinnithe eagraithe de líon teoranta a reáchtáil freisin ach ba cheart iad a eagrú agus aird á thabhairt ar chomhairle sláinte poiblí.
Baineann an baol is mó maidir le droch-thinneas a fháil ó COVID-19 le daoine os cionn 70 bliain d'aois agus daoine atá an-leochaileach agus moltar dóibh fanacht sa bhaile a oiread agus is féidir agus teagmháil fhisiceach le daoine eile a theorannú.
Iarrtar ort cuntas laethúil a choinneáil de na daoine a mbuaileann tú leo chun críocha rianú teagmhálaithe.
Le linn Chéim 3, bainfear teorainneacha maidir le taisteal in Éirinn. Is féidir leat taisteal anois ar fud na tíre agus chuig oileáin amach ó chósta na hÉireann.
Sula dtaistealaíonn tú chuig áiteanna eile sa tír ba cheart duit leibhéal tarchuir COVID-19 i do cheann scríbe a sheiceáil ar mhol sonraí COVID-19 agus machnamh a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun tú féin a chosaint.
Ní mholtar taisteal neamhriachtanach lasmuigh d’Éirinn ag an am seo agus ba cheart é a sheachaint.
Tá srianta curtha anois ar an líon daoine ar féidir leat bualadh leo ach níor chóir go mbeadh cuairteanna/cruinnithe sóisialta níos mó ná an líon a cheadaítear le haghaidh ollchruinnithe - 50 laistigh agus 200 lasmuigh.
Tá cruinnithe lasmuigh níos sábháilte ná cruinnithe laistigh.
Ba chóir cuairteanna/cruinnithe a choinneáil ag méid ionas gur féidir fad fisiceach 2 mhéadar a choinneáil agus aeráil leordhóthanach má bhíonn siad ar siúl laistigh.
Moltar duit líon na ndaoine a mbuaileann tú leo lasmuigh a theorannú. Dá mhéad teagmhála a bhíonn agat - is amhlaidh is mó an baol go bhfaighidh tú agus go scaipfidh tú an víreas.
Iarrtar ort cuntas laethúil a choinneáil de na daoine a mbuaileann tú leo chun críocha rianú teagmhálaithe.
Le linn Chéim 3 beidh cead ag daoine bualadh le chéile ag imeachtaí eagraithe ach is líon teoranta a bheidh i gceist.
Cuimsíonn na himeachtaí sin spóirt, ceol/siamsaíocht, imeachtaí creidimh, imeachtaí teaghlaigh (mar shampla bainiseacha, sochraidí srl.) comhdhálacha agus taispeántais mhóra, chomh maith le himeachtaí pobail, carthanais agus cineálacha eile imeachtaí.
Ba chóir ollchruinnithe a eagrú roimh ré agus comhairle sláinte poiblí maidir le COVID-19 a leanúint lena n-áirítear comhairle maidir le scaradh fisiceach.
Níor chóir go mbeadh níos mó ná 50 duine laistigh nó 200 duine lasmuigh ag cruinnithe.
Méadaíonn do riosca an víreas a fháil agus tú ag bualadh le níos mó daoine agus ag dul i dteagmháil leo. Ní mholtar ollchruinnithe gan choinne ar nós cóisirí, cruinnithe, taispeántais srl. ag an am seo.
Is féidir na saoráidí pobail, creidimh, cultúrtha, sóisialta agus spóirt eile go léir a athoscailt anois le linn Chéim 3.
Moltar dóibh siúd atá freagrach as na saoráidí seo a athoscailt measúnú riosca a dhéanamh sula n-athosclaítear iad chun an riosca sláinte poiblí a bhainistiú dá gcustaiméirí, do lucht freastail, do rannpháirtithe agus do chomhaltaí foirne.
Ba cheart don mheasúnú na fachtóirí riosca a bhaineann le COVID-19 a fháil m.sh. Fad, Gníomhaíocht, Am agus Timpeallacht a mheas agus ba cheart go mbeadh rialuithe i bhfeidhm mar iontráil bhainistithe, saoráidí sláinteachais feabhsaithe agus glanadh rialta chun na fachtóirí riosca a theorannú.
Ba cheart go gcomhlíonfadh saoráidí a athosclaíonn treoirlínte um scaradh fisiceach agus an seicliosta sláinte poiblí a chur i bhfeidhm. Ba cheart treoir maidir le ollchruinnithe a leanúint freisin.
Ba cheart go gcuirfeadh saoráidí a athosclaíonn le comhaltaí foirne ag filleadh ag an obair Prótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte i bhfeidhm. Dearadh é seo chun tacú le fostóirí agus oibrithe bearta a chur i bhfeidhm a choiscfidh scaipeadh COVID-19 san ionad oibre. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil sa chuid maidir le Oibrithe thíos.
Is féidir gach gníomhaíocht spóirt lena n-áirítear sraitheanna foirne, spóirt dlúth-theagmhála, ionaid aclaíochta faoi dhíon, saoráidí spóirt agus linnte a athoscailt anois sa chéim seo. Ba chóir comhairle sláinte poiblí maidir le scaradh fisiceach agus ollchruinnithe a leanúint.
Mar gheall ar na rioscaí breise a bhaineann leis an víreas a scaipeadh atá nasctha le cleachtaí cóir agus gaothuirlisí ceoil a sheinm (trumpaí, trombóinn, feadóga srl.), moltar réamhchúraimí breise do ghrúpaí a bhfuil baint acu leo. Ba chóir go mbeadh cleachtadh, teagasc agus taibhithe amuigh faoin aer más féidir agus go gcloífí go docht le comhairle maidir le scaradh fisiceach 2 mhéadar. Is féidir bearta cosanta breise mar scáileáin, clúdaigh uirlisí agus clúdaigh aghaidhe a úsáid chun an riosca a laghdú tuilleadh dóibh siúd a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí seo.
Mar chuid de mhaolú na srianta, tá an chomhairle sláinte poiblí dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d’aois agus do dhaoine atá an-leochaileach ó thaobh sláinte de nuashonraithe agus tiocfaidh sí i bhfeidhm ón 29 Meitheamh. Tá treoir nuashonraithe an HPSC maidir le cocúnú ar fáil ar líne chun tacú leat, le do theaghlach agus/nó le do chúramóirí. Mura bhfuil tú cinnte cibé an dtagann tú faoi cheann de na catagóirí leochaileacha arna soláthar ag an HPSC nó nach dtagann, labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le cliniceoir ospidéil.
Moltar fós fanacht sa bhaile a oiread agus is féidir leat. Más mian leat cuairt a thabhairt ar dhuine, cuairteoirí a fháil i do theach, cuairt a thabhairt ar shiopaí, taisteal agus dul i mbun gníomhaíochtaí eile lasmuigh, moltar duit leanúint leis an treoir maidir le sláinte phoiblí agus scaradh sóisialta. Tá an treoir maidir le cocúnú deartha chun cabhrú leat an riosca d’ionfhabhtú COVID-19 a íoslaghdú. Toisc nach féidir fáil réidh leis an riosca go hiomlán, beidh ort cinneadh a dhéanamh faoi cad atá ceart duit féin agus do do shláinte.
Nuair nach bhfuil COVID-19 ag scaipeadh i measc an phobail, laghdaíonn sé an baol go bhfaighidh duine an galar. Féadfaidh tú tú féin a choinneáil ar an eolas faoi leibhéal COVID-19 i do cheantar áitiúil ó shonraí ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte.
De réir mar a thosaíonn tú ag bualadh le líon méadaithe daoine, b’fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar chruinniú leis an gcroíghrúpa céanna teaghlach nó cairde atá ar an eolas faoi do chúinsí agus atá toilteanach cloí le bearta cosanta agus tú ag cocúnú. Níor chóir do chuairteoirí cuairt a thabhairt ort má tá siad tinn, ba chóir dóibh fanacht 2m amach uait, lámha a ní ar feadh 20 soicind ar a laghad nuair a thagann siad agus ba chóir dóibh cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh.
Má roghnaíonn tú cuairt a thabhairt ar thithe daoine eile, inis dóibh roimh ré go bhfuil tú ag teacht, déan iarracht a chinntiú nach bhfuil aon duine sa teaghlach tinn le COVID-19, go hidéalach ba chóir clúdach aghaidhe a chaitheamh, cloí go docht le scaradh fisiceach (sóisialta) 2 mhéadar agus nigh do lámha nuair a fhilleann tú abhaile.
De réir mar a athosclaíonn gnó agus seirbhísí, tugtar spreagadh do mhiondíoltóirí uaireanta tiomnaithe a chur ar fáil dóibh siúd atá ag cocúnú. Tá gníomhaíochtaí ar nós seirbhísí creidimh, freastal ar leabharlanna agus músaeim ar fáil anois chomh maith.
Má tá tú ag freastal ar shiopaí agus ar sheirbhísí tá sé tábhachtach na bearta sláinte poiblí a leanúint:
Tá sé tábhachtach a mheabhrú go mbíonn níos mó riosca ag baint le gníomhaíochtaí áirithe m.sh. freastal ar imeachtaí, áiteanna plódaithe, gníomhaíochtaí nach féidir scaradh fisiceach a choinneáil.
Má tá tú ag dul chuig bialann, cuideoidh an chomhairle seo a leanas leat do riosca a íoslaghdú:
Tá sé tábhachtach go leanfaidh tú ar aghaidh ag freastal ar sheirbhísí leighis riachtanacha mar Dhochtúirí Teaghlaigh agus go bhfaigheann tú cúram leighis sa bhaile (más iomchuí) chun do shláinte agus do fholláine a chosaint.
Ba cheart iompar poiblí a úsáid ag amanna seachbhuaice más féidir. Moltar go láidir duit clúdach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí, fanacht achar 2m amach ó dhaoine eile, más féidir, le linn an turais agus do lámha a ní nuair a fhilleann tú abhaile.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, rinneadh treoir HPSC a nuashonrú agus tá sí ar fáil anseo.
Déanfar athoscailt bhreise ar shaoráidí oideachais agus cúram leanaí le linn Chéim 3.
Ón 29 Meitheamh, is féidir gach ceann díobh seo a leanas a athoscailt anois:
Moltar dóibh siúd atá freagrach as na saoráidí seo a athoscailt measúnú riosca a dhéanamh sula n-athosclaítear iad chun an riosca sláinte poiblí a bhainistiú dá gcustaiméirí, do lucht freastail, do rannpháirtithe agus do chomhaltaí foirne. Is féidir leis an Treoir um Ionfhabhtú a Chosc agus a Rialú an HPSC do na hearnálacha sin cabhrú leis seo.
Ba cheart don mheasúnú na fachtóirí riosca a bhaineann le COVID-19 a fháil m.sh. Fad, Gníomhaíocht, Am agus Timpeallacht a mheas agus ba cheart go mbeadh rialuithe i bhfeidhm mar mhicrea-phobail a chur i bhfeidhm, iontráil bhainistithe, saoráidí sláinteachais feabhsaithe, agus glanadh rialta chun na fachtóirí riosca a theorannú. Nuair is féidir, ba chóir gníomhaíochtaí/imeachtaí a reáchtáil lasmuigh mar tá sé seo níos sábháilte fós ná a bheith laistigh.
Ba cheart go gcomhlíonfadh saoráidí a athosclaíonn treoirlínte um scaradh fisiceach agus an seicliosta sláinte poiblí a chur i bhfeidhm. Ba cheart treoir maidir le ollchruinnithe a leanúint freisin.
Ba cheart go gcuirfeadh saoráidí a athosclaíonn le comhaltaí foirne ag filleadh ag an obair Prótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte i bhfeidhm. Dearadh é seo chun tacú le fostóirí agus oibrithe bearta a chur i bhfeidhm a choiscfidh scaipeadh COVID-19 san ionad oibre. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil sa chuid maidir le Oibrithe thíos.
Leanfaidh an atosú ar chuairt ag ospidéil, tithe altranais agus suíomhanna cónaithe eile ar bhonn pleanáilte agus céimnithe le linn na céime seo.
Téigh i dteagmháil le d'ospidéal, do theach altranais nó le saoráid cúraim chónaithe le haghaidh sonraí sula dtugann tú cuairt orthu.
Níor chóir duit cuairt a thabhairt ar shaoráid cúraim chónaithe má tá aon siomptóm d’ionfhabhtú COVID-19 ort nó má tá tú tinn. Níor chóir duit cuairt a thabhairt má dúradh leat gur dlúth-theagmhálaí tú do dhuine a bhfuil COVID-19 air.
COVID-19 Guidance on visitations to Residential Care Facilities
Le linn Chéim 3 tabharfar isteach arís de réir a chéile cúram neamh-COVID in ospidéil agus i suíomhanna seirbhíse sláinte eile. Seachadfar é seo in éineacht le cúram COVID-19.
Tá cead ag cógaiseoirí de réir an dlí cógais a dháileadh lasmuigh de na dátaí a leagtar amach in oideas de réir a mbreithiúnas gairmiúil féin.
Bíodh na siomptóim de COVID-19 ar eolas agat. Fan sa bhaile agus ná téigh amach má tá siad ort.
Le linn Chéim 3 tá cead anois ag raon níos leithne asraonta miondíola, lena n-áirítear seirbhísí teagmhála, agus seirbhísí tráchtála athoscailt.
Áirítear orthu sin:
Moltar dóibh siúd atá freagrach as na seirbhísí seo a athoscailt measúnú riosca a dhéanamh sula n-athosclaítear iad chun an riosca sláinte poiblí a bhainistiú dá gcustaiméirí, do lucht freastail, do rannpháirtithe agus do chomhaltaí foirne.
Ba cheart don mheasúnú na fachtóirí riosca a bhaineann le COVID-19 a fháil m.sh. Fad, Gníomhaíocht, Am agus Timpeallacht a mheas agus ba cheart go mbeadh rialuithe i bhfeidhm mar réamháirithintí, suíocháin shannta, saoráidí sláinteachais feabhsaithe, agus glanadh rialta chun na fachtóirí riosca a theorannú. Ba cheart do sheirbhísí fáilteachais tagairt a dhéanamh do HPSC COVID-19: Treoir do Ghnólachtaí Seirbhíse Bia agus é seo á dhéanamh acu.
Caithfidh siad go léir socruithe maidir le scaradh fisiceach a chur i bhfeidhm ina n-áitribh chun riosca tarchuir COVID-19 a laghdú. Caithfidh siad go léir an Prótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte a chur i bhfeidhm.
Iarrtar ar mhiondíoltóirí amanna siopadóireachta ar leith a ainmniú do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá an-leochaileach ó thaobh sláinte de.
Ní mór do mhiondíoltóirí agus seirbhísí tráchtála bearta a chur i bhfeidhm ina gcuid áitreabh chun scaipeadh an ionfhabhtaithe i measc custaiméirí agus na mball foirne a íoslaghdú.
D’fhéadfadh go n-áireofaí orthu sin:
Ba cheart go mbeadh áitribh ullmhaithe a dóthain chun fostaithe agus custaiméirí a thabhairt ar ais. Ba cheart comhairle sláinte poiblí maidir le scaipeadh COVID-19 a theorannú (níochán lámh, sláinteachas casachta agus sraothartach, scaradh fisiceach, cumhdaigh aghaidhe) a chur in iúl don fhoireann uile.
Ba cheart sceidil ghlantacháin, socruithe diúscartha dramhaíola, socruithe chun scaradh fisiceach idir oibrithe agus socruithe malartacha a spreagadh nuair nach féidir scaradh fisiceach a chur i bhfeidhm.
Moltar do mhiondíoltóirí agus seirbhísí tráchtála teagmháil a dhéanamh go réamhghníomhach le húdaráis oifigiúla agus iad ag athoscailt agus dul i gcomhairle le húdaráis sláinte poiblí maidir le bealaí chun an riosca go dtarlóidh ráig COVID-19 ina gcuid áitreabh a íoslaghdú.
Ba chóir d’aon duine atá in ann obair ón mbaile leanúint ar aghaidh ag déanamh amhlaidh.
Bíodh na siomptóim de COVID-19 ar eolas agat. Fan sa bhaile agus ná téigh ag obair má tá siad ort.
Má bhí tú i dteagmháil le cás deimhnithe nó amhrasta de COVID-19 - ba cheart duit fanacht sa bhaile agus gan dul ag obair.
Sula ndéantar ionaid oibre a athoscailt, moltar d’fhostóirí an Prótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte a chur i bhfeidhm. Dearadh é seo chun tacú le fostóirí agus oibrithe bearta a chur i bhfeidhm a choiscfidh scaipeadh COVID-19 san ionad oibre. Ba cheart go mbeadh Plean Freagartha COVID-19 i bhfeidhm ag fostóirí freisin.
Ba cheart d’fhostóirí bearta a chur i bhfeidhm chun líon na n-oibrithe a bhíonn ag idirghníomhú lena chéile ar an láthair ag an obair ag aon am amháin a laghdú. D’fhéadfadh go n-áireofaí ar na bearta sin líon níos lú oibrithe a thabhairt ar ais i dtosach, sealobair, agus uaireanta agaithe.
Ba cheart go mbeadh ionaid oibre ullmhaithe a dóthain chun oibrithe a thabhairt ar ais.
Ba cheart comhairle sláinte poiblí maidir le scaipeadh COVID-19 a theorannú (níochán lámh, sláinteachas casachta agus sraothartach, scaradh fisiceach, cumhdaigh aghaidhe) a chur in iúl don fhoireann uile.
Ba cheart sceidil ghlantacháin, socruithe diúscartha dramhaíola, socruithe chun scaradh fisiceach idir oibrithe agus socruithe malartacha a spreagadh nuair nach féidir scaradh fisiceach a chur i bhfeidhm.
Moltar d’fhostóirí teagmháil a dhéanamh go réamhghníomhach le húdaráis oifigiúla agus iad ag athoscailt agus dul i gcomhairle le húdaráis sláinte poiblí maidir le bealaí chun an riosca go dtarlóidh ráig COVID-19 san ionad oibre a íoslaghdú.
Ba cheart gach taisteal neamhriachtanach a sheachaint.
Ní mór d’aon duine a thagann go hÉirinn ó thar lear Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a chomhlánú. Tá tuilleadh faisnéise agus treorach ar fáil anseo.
Tá na bearta thuas léirithe sna rialacháin faoin Acht Sláinte (Caomhnú agus Cosaint agus Bearta Éigeandála Eile ar mhaithe le Leas an Phobail) 2020 agus cuirfidh An Garda Síochána i bhfeidhm iad.