An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoi Alt 18A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sonraítear go mbunófaí an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis achtú an Achta, rud a rinneadh ar an 20 Meitheamh 2022 .
De réir an Achta, tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach as rúnaíocht a chur fáil don Choiste agus is é/í a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Chomhairligh.
• Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú laistigh de dhá bhliain ó bhunú an Choiste i.e. faoin 19 Meitheamh 2024. Tá ullmhú an Phlean Náisiúnta ag teacht le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach agus is é sin, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030.
• Tuarascáil Bhliantúil ar an dul chun cinn a sholáthar don Aire agus don Choimisinéir Teanga faoin 30 Meitheamh de gach bhliain, seachas an chéad cheann a bheidh le soláthar faoin 30 Meitheamh 2024 agus ina cuimseofar an obair atá déanta ag an gCoiste ón lá bunaithe suas go 31 Nollaig 2023. Déanfar cóipeanna díobh seo a fhoilsiú ar shuíomh na Roinne agus iad curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Agus a chuid feidhmeanna sonracha á gcur i gcrích ag an gCoiste, déanfaidh sé a aird a thabhairt ar na hailt ábharthacha eile seo san Acht chomh maith:
• Alt 18D a bhaineann le dualgas an Aire i leith an Phlean Náisiúnta;
• Alt 18E a bhaineann le spriocdhátaí a shocróidh an tAire, agus aird aige nó aici ar an bPlean Náisiúnta, faoina mbeidh oifigí poiblí lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Ghaeilge.
I gcomhréir leis an méid a sonraíodh faoi Alt 18B den Acht, tá comhaltas an Choiste comhdhéanta de:
Eagrais luaite san Acht |
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Cathaoirleach*) |
An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe |
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí |
Comhlachtaí poiblí roghnaithe ag na hAirí |
An Roinn Coimirce Sóisialaí |
An Roinn Oideachais |
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
An Garda Síochána |
An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil |
Foras na Gaeilge |
Ceaptha ag an Aire (de thoradh comórtas a reáchtáil an tSCP) |
Pobail Teanga Gaeltachta |
Pobail Teanga lasmuigh den Ghaeltacht |
-*Faoi Alt 18B (2) , is é an tAire a dhéanann comhalta amháin den Choiste Comhairleach, atá inniúil i nGaeilge, a ainmniú mar Chathaoirleach.
Déanfar athbhreithniú ar bhallraíocht an Choiste, ó thaobh an 6 chomhlacht poiblí a chinn na hAirí a bheadh lárnach don phróiseas seo, de réir mar is gá.
Tá tuilleadh eolais maidir le comhaltaí reatha an choiste ar fáil anseo .
Is fiú a nótáil, mar gur Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 é/í comhalta amháin ar a laghad den Choiste mar a sheasann an comhaltas faoi láthair, ciallaíonn sé sin gur "Comhlacht Iomchuí” é an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge faoi réir an Achta chéanna.
Tá tuilleadh eolais ar "Chomhlachtaí Iomchuí” agus an Cód Trédhearcachta ar fáil anseo .
Cáipéisíocht Ghinearálta
Nóta Eolais do na Comhaltaí
Tuarascálacha Bliantúla an Choiste
• An chéad cheann le cur faoi bhráid an Aire & an Choimisinéara Teanga faoin 30 Meitheamh 2024.
Cruinnithe an Choiste
Cruinniú 1: Dé Luain, an 25 Iúil 2022
• Clár
Cruinniú 2: Dé hAoine, an 26 Lúnasa 2022
• Clár
Cruinniú 3: Dé hAoine, an 28 Deireadh Fómhair 2022
• Clár
Cruinniú 4: Dé hAoine, an 25 Samhain 2022
• Clár
Cruinniú 5: Dé hAoine, an 16 Nollaig 2022
• Clár
Cruinniú 6: Dé Luain, an 27 Feabhra 2023
• Clár
Cruinniú 7: Dé hAoine, an 28 Aibreán 2023
• Clár
Cruinniú 8: Dé hAoine, an 30 Meitheamh 2023
• Clár
Cruinniú 9: Dé hAoine, an 29 Meán Fómhair 2023
• Clár
Cruinniú 10: Dé hAoine, an 27 Deireadh Fómhair 2023
• Clár
Cruinniú 11: Dé hAoine, an 24 Samhain 2023
• Clár
Cruinniú 12: Dé hAoine, an 26 Eanáir 2024
• Clár
Cruinniú 13: Dé hAoine, an 23 Feabhra 2024
• Clár