Tugann an tAire McConalogue spreagadh d'onnmhaireoirí na hÉireann leanúint ar aghaidh lena n-ullmhúcháin maidir le tabhairt isteach rialuithe allmhairiúcháin an RA
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, inniu roimh fhógra Rialtas na RA go gcuirfear moill ar thabhairt isteach céimnithe rialuithe breise ar allmhairí ón RA a bhí sceidealta le teacht i bhfeidhm an 1 Aibreán agus an 1 Iúil.
Dúirt an tAire,
“Ciallaíonn an fógra ó Rialtas na RA nach ndéanfar ach riachtanais allmhairiúcháin na RA, a bhí beartaithe don 1 Aibreán agus an 1 Iúil, a chur siar agus nach gcuirfear ar ceal iad. Ba cheart d’onnmhaireoirí na hÉireann leas a bhaint as an am breise chun ullmhú ar bhealach cuimsitheach don chéad chéim eile d’athruithe an Bhreatimeachta a thiocfaidh i bhfeidhm anois an 1 Deireadh Fómhair i mbliana."
Dúirt an tAire,
“Leanann mo Roinn de bheith ag plé go réamhghníomhach agus go fairsing le páirtithe leasmhara agus le hoibreoirí gnó bia, agus tacóidh sí leis an earnáil agus í ag ullmhú do na hathruithe seo."
Tá sé riachtanach go dtuigeann onnmhaireoirí na hÉireann go hiomlán riachtanais nua allmhairiúcháin na RA a thiocfaidh i bhfeidhm anois an 1 Deireadh Fómhair, an 1 Eanáir agus an 1 Márta 2022.
Tá raon tacaíochtaí Rialtais ar fáil, lena n-áirítear oiliúint agus deontais, chun cabhrú le gnóthaí ullmhú do na hathruithe seo. Féach www.gov.ie/Brexit le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá téacs iomlán ráiteas na RA ar fáil ag
CRÍOCH