Is ionann saoire mháithreachais agus cineál reachtúil cead neamhláithreachta ón bhfostaíocht do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta.
Aon mhúinteoir torrach a thabharfaidh leanbh beo ar an saol, beidh sí i dteideal 26 seachtaine de Shaoire Mháithreachais reachtúil íoctha agus suas go dtí 16 seachtaine as a chéile ar a mhéad de Shaoire Mháithreachais reachtúil neamhíoctha bhreise. I gcás breith réamhaibí, is féidir go mbeidh an múinteoir i dteideal Saoire Mháithreachais Fhadaithe i gcás Breith Réamhaibí freisin.
Féadfaidh múinteoir iarratas a dhéanamh freisin ar Shaoire Mháithreachais neamhreachtúil neamhíoctha bhreise go dtí deireadh na scoilbhliana, is é sin an 31 Lúnasa. I gcás marbh-bhreithe, nó breith anabaí, aon tráth tar éis an 24ú seachtain den toircheas, nó i gcás go mbeidh 500 gram meáchain ar a laghad sa leanbh tráth na breithe, beidh feidhm ag na lánteidlíochtaí i leith Saoire Mháithreachais.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Scéim Saoire Máithreachais atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Mar thoradh ar athruithe reachtacha, cuirtear in iúl d’fhostóirí go ndearnadh leasú ar an Scéim Saoire Máithreachais. Féach Nóta Faisnéise TC 0023/2021 .
Maidir le sosanna beathú cíche do mhúinteoirí, féach Ciorclán 0052/2023 dar teideal “Sosanna Beathú Cíche do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Aon chúntóir torrach riachtanas speisialta a thabharfaidh leanbh beo ar an saol, beidh sí i dteideal 26 seachtaine de Shaoire Mháithreachais reachtúil íoctha agus suas go dtí 16 seachtaine as a chéile ar a mhéad de Shaoire Mháithreachais reachtúil neamhíoctha bhreise. I gcás breith réamhaibí, is féidir go mbeidh an cúntóir riachtanas speisialta i dteideal Saoire Mháithreachais Fhadaithe i gcás Breith Réamhaibí freisin. I gcás marbh-bhreithe, nó breith anabaí, aon tráth tar éis an 24ú seachtain den toircheas, nó i gcás go mbeidh 500 gram meáchain ar a laghad sa leanbh tráth na breithe, beidh feidhm ag na lánteidlíochtaí i leith Saoire Mháithreachais.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Theidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta, féach Ciorclán 0017/2013 dar teideal ‘Teidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta’.
Mar thoradh ar athruithe reachtacha, cuirtear in iúl d’fhostóirí go ndearnadh leasú ar Chiorclán 0017/2013 dar teideal ‘Teidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta’. Féach Nóta Faisnéise TC 0024/2021 .
Maidir le sosanna beathú cíche do chúntóirí riachtanas speisialta, féach Ciorclán 0053/2023 dar teideal “Sosanna Beathú Cíche do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Ní mór do mhúinteoirí an Fhoirm Iarratais ar leathanach 57 de Chiorclán 0054/2019 a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid a bhfostóra sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta an fhoirm iarratais ar leathanach 11 de Chiorclán 0017/2013 a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig a bhfostóir sé seachtaine ar a laghad roimh thús na saoire.