Iarrann an tAire Healy-Rae ar an gCoiste um Achomhairc Foraoiseachta tosaíocht a thabhairt d'achomhairc ar láithreáin le crainn leagtha ag an ngaoth
- Published on: 11 June 2025
- Last updated on: 12 June 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae TD, roimh fhoilsiú Thuarascáil 2024 ón gCoiste Achomhairc Foraoiseachta (FAC). Is é an Coiste Achomhairc Foraoiseachta an comhlacht achomhairc neamhspleách d'aon duine ar mian leis achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Aire ceadúnas a dheonú d'fhoraoisiú, leagan, toirchiú ón aer, nó tógáil bóithre foraoiseachta. Chuir cathaoirleach an FAC, Seamus Neely, a thuarascáil bhliantúil le haghaidh 2024 faoi bhráid an Aire.
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Is gné riachtanach den phróiseas cinnteoireachta maidir le foraoiseacht in Éirinn é an sásra achomhairc. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh achomharcóirí agus sealbhóirí ceadúnais araon próiseas achomhairc atá trédhearcach agus cuimsitheach, agus go mbraithfidís go bhfreastalaítear go hiomlán ar an bpróis chuí, agus creidim gurb amhlaidh an cás.”
“Mar chuid de fhreagairt an Rialtais ar stoirmeacha Darragh agus Éowyn, d’iarr mé ar mo Roinn agus ar an gCoiste araon tosaíocht a thabhairt d’achomhairc ar láithreáin a bhfuil sé aitheanta go bhfuil tionchar ag crainn leagtha ag an ngaoth orthu.”
Dúirt an tAire freisin
Comhlíonann tuarascáil chathaoirleach an FAC oibleagáidí dlíthiúla Alt 14 (4) den Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001 (arna leasú).
I measc na bpríomhghnéithe i dtuarascáil an chathaoirligh bhí seo a leanas:
- Ar an 1 Eanáir 2024, bhí 53 achomharc oscailte ann i gcoinne 41 chinneadh ceadúnais ar láimh a tugadh anonn ón mbliain roimhe sin.
- Fuarthas 146 achomharc breise i gcoinne 115 chinneadh ceadúnais le linn 2024.
- Chuir an FAC deireadh le 73 achomharc i gcoinne 58 gcinneadh ceadúnais le linn 2024. Áiríodh orthu sin achomhairc a tugadh anonn agus achomhairc a fuarthas le linn 2023.
- Ba é 55 lá an meán-am a glacadh chun achomharc ó dháta na héisteachta a chinneadh le linn 2024.
Foilsítear gach cinneadh achomhairc agus gach tuarascáil ghaolmhar ar shuíomh gréasáin an FAC
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don sárobair atá déanta ag Seamus Neely maidir le cathaoirleacht agus maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas achomharc éifeachtach freagrúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na leaschathaoirligh, le comhaltaí uile an choiste agus le foireann na hOifige Achomhairc Talmhaíochta as a rannchuidiú leanúnach chun seirbhís achomharc éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú d’earnáil na foraoiseachta.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Healy-Rae
Nóta d’Eagarthóirí
Foilseofar tuarascáil an chathaoirligh i roinn na bhfoilseachán ar shuíomh gréasáin an FAC.