Is féidir iarratais a chur isteach ó inniu (25ú Feabhra) i gcomhair €6m de chistiú caipitil Cúraim Leanaí | Cistiú ar fáil le haghaidh áiteanna sa bhreis agus sábháilteacht dóiteáin

Search gov.ie

Press release

Is féidir iarratais a chur isteach ó inniu (25ú Feabhra) i gcomhair €6m de chistiú caipitil Cúraim Leanaí | Cistiú ar fáil le haghaidh áiteanna sa bhreis agus sábháilteacht dóiteáin

Tá an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone, ag fógairt gur féidir iarratais a chur isteach le haghaidh na gclár caipitil 2019 a bhaineann le Luathfhoghlaim agus Cúram agus le hAois Scoile, atá ag tosú inniu, Dé Luain 25ú Feabhra.

Is féidir iarratais i gcomhair níos mó ná €6m de chistiú a dhéanamh tríd an Ardán um Chur i bhFeidhm Clár (PIP).

Glacfar le hiarratais go dtí Dé Céadaoin 27ú Márta 2019 ag 3pm.

Táthar ag súil go gcuirfear cinntí ar fáil i Meitheamh 2019.

Seo mar a leanas na sraitheanna cistithe atá ar fáil:

  • Sraith A: Áiteanna nua a chruthú le haghaidh leanaí idir 0-3 bliana d'aois- €4.231m (Uasmhéid: €50,000 an deontas).
  • Sraith B: Sábháilteacht Dóiteáin do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim pobail - €0.875m (Uasmhéid: €15,000 an deontas)
  • Sraith C: Áiteanna nua a chruthú le haghaidh leanaí atá ar aois scoile - €1m (Uasmhéid: €20,000 an deontas).

Iarrtar ar sholáthróirí cúraim leanaí a bhíonn ag plé le luathfhoghlaim agus cúram agus dóibh siúd a bhíonn ag plé le leanaí ar aois scoile iarratas a chur isteach.

Dúirt an tAire Zappone:

"Is bliain mhór í seo do chúram leanaí agus do luathfhoghlaim. Rinneamar go leor ullmhúcháin le blianta beaga anuas agus méadaíodh infheistíocht an Rialtais 117% ó 2015. Déanfaidh sé sin an bealach a réiteach don Scéim Inacmhainne Cúraim Leanaí (ACS), a sheolfar níos déanaí i mbliana.

"Tá ról tábhachtach ag soláthróirí agus ag tuismitheoirí araon. Mar gheall ar an gcistiú caipitil seo, beidh siad in ann spásanna sa bhreis a chur ar fáil agus feabhas a chur ar cháilíocht. Nuair a chuirfear tús leis an scéim nua, beidh an dara sraith de chistiú caipitil ar fáil.

"Táim ag tnúth le tuilleadh eolais a fhógairt maidir le seoladh na scéime nua sna seachtainí atá amach romhainn".

Moltar do pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh lena gCoiste áitiúil Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCC) má tá ceisteanna ar bith acu faoin bpróiseas

CRÍOCH

This form is only for feedback relating to the current page.

Do not include personal or financial information.

The information you submit will be analysed to improve gov.ie and will not be responded to individually.

How was your experience on the current page? (required)

You have 400 characters remaining