Athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta
- Published on: 16 February 2022
- Open for submissions from: 16 February 2022
- Submissions closed: 25 March 2022
- Last updated on: 12 April 2025
Consultation is closed
Faoi réir an ghealltanais ina leith sa chlár Rialtais tá sé beartaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta.
Mar chuid den athbhreithniú is mian leis an Roinn an deis a thabhairt don phobal tuairimí agus a moltaí faoin ábhar a léiriú i scríbhinn ag úsáid an cheistneora thíos idir seo agus an 25 Márta 2022.
Is comhairliúchán poiblí é seo agus foilseofar na freagraí ar shuíomh na Roinne. Ba cheart ábhar clúmhillteach a sheachaint dá réir. Cosnófar do shonraí pearsanta agus ní choinneofar iad níos faide ná a theastaíonn.
Iarrtar ort na ceisteanna ar fad a fhreagairt faoin ábhar ag úsáid an cheistneora seo amháin agus na boscaí atá sannta do na ceisteanna faoi seach.
Iarrtar ort an ceistneoir a chomhlánú ar líne nó an cháipéis thíos a íoslódáil, a chomhlánú agus a sheoladh ar ais le go mbainfidh sé an Roinn amach tráth nach déanaí Dé hAoine 25 Márta 2022.