Search gov.ie

Organisation information

An Scéim Intéirneachta 2023-2024


Painéal a bhunú

Tá deiseanna ar fáil do chéimithe socrúchán oibre a dhéanamh i gcuid d’institiúidí an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Ceapfar suas le deichniúr ina iomláine ar feadh tréimhse 10 mí ag tosú i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Íocfar liúntas €2,000 in aghaidh na míosa le gach intéirneach a n-éireoidh leis/léi áit a bhaint amach ar scéim na bliana seo.

Láthair

Beidh na hintéirnigh faoin scéim seo lonnaithe in oifigí éagsúla na n-institiúidí ar Mhór-Roinn na hEorpa – sa Bhruiséil nó i Lucsamburg.

Critéir cháilitheachta

Glacfar le hiarratais ó chéimithe:

• a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal (in ábhar ar bith) ag leibhéal 8 ar a laghad acu (riachtanach)

• a bhfuil sárchaighdeán Gaeilge acu (riachtanach)

• a bhfuil taithí oibre iarcháilíochta shásúil mar aistritheoir nó mar phrofléitheoir acu (inmhianaithe)

• a bhfuil eolas maith ar bhogearra aistriúcháin ríomhchuidithe acu (inmhianaithe)

• a bhfuil cáilíocht iarchéime ollscoile i léann an aistriúcháin nó in ábhar gaolmhar acu (inmhianaithe)

Cur síos ar an obair

Aistritheoir

Tuairisceoidh an t-intéirneach do bhall sinsearach foirne in Aonad na Gaeilge san institiúid ábhartha. Beidh an t-intéirneach ag cuidiú go príomha le haistriúchán an acquis communautaire le linn an tsocrúcháin oibre. Cuirfidh gach institiúid láthair oifige, meantóir, traenáil agus uirlisí aistriúcháin ar fáil do gach intéirneach.

Profléitheoir

Tuairisceoidh an t-intéirneach do bhall sinsearach foirne in Aonad na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa nó in Oifig na bhFoilseachán agus doiciméid i nGaeilge le profléamh aige/aici. Cuid den obair sin is ea doiciméid a ullmhú ó thaobh stíle agus clóghrafaíochta de, profaí na gclódóirí a phrofléamh, páirt a ghlacadh i ndearadh foilseachán agus tacú le heagrú agus le monatóireacht na bpróiseas táirgthe éagsúil a bhaineann le doiciméid a fhoilsiú. Cuirfidh gach institiúid láthair oifige, meantóir, traenáil agus uirlisí cuí ar fáil do gach intéirneach.

Téarmaí agus coinníollacha

Is coinníoll de chuid na scéime seo nár thug an t-iarrthóir faoi intéirneacht ná faoi shocrúchán oibre roimhe seo in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.

Ar feadh thréimhse na hintéirneachta, is Státseirbhíseach de chuid na hÉireann a bheidh san intéirneach, agus é/í tugtha ar iasacht don institiúid ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá dualgas ar an intéirneach cloí leis na téarmaí, coinníollacha, polasaithe agus treoirlínte atá leagtha síos ag an institiúid ar nós uaireanta oibre, cúrsaí sábháilteachta srl. Beidh ar gach intéirneach páirt a ghlacadh i bpróiseas ionduchtúcháin na hinstitiúide.

Próiseas an chomórtais

Comhlánú na foirme iarratais

Foirm Iarratais Scéim Intéirneachta
Download link for Download

Ní mór an fhoirm iarratais oifigiúil a úsáid.

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais a chomhlánú ina hiomláine agus ní mór duit a chinntiú go bhfuil na sonraí teagmhála ar an bhfoirm iarratais i gceart. Ní mór na hiarratais a chlóscríobh – ní ghlacfar le hiarratais lámhscríofa.

Seol d’iarratas chuig:

Mairin.NiFhlatharta@tcagsm.gov.ie

Leagan amach an chomórtais

Beidh cuid den phróiseas seo (i.e. an scrúdú agus an t-agallamh) á láimhseáil ar son na Roinne ag Rúnaíocht an Ionaid Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san Aontas Eorpach (faoi chúram Ollscoil na Gaillimhe) i gcomhar leis na haonaid Ghaeilge sa Choimisiún Eorpach, i gComhairle an Aontais Eorpaigh, i bParlaimint na hEorpa, i gCoiste na Réigiún agus in Oifig na bhFoilseachán.

Cuirfear na hiarrthóirí faoi agallamh agus beidh scrúdú aistriúcháin agus/nó scrúdú profléitheoireachta le déanamh chomh maith. Is ar líne a bheidh an scrúdú agus na hagallaimh le déanamh. Ag brath ar an líon iarratas a gheofar, d’fhéadfaí gearrliostú a dhéanamh, bunaithe ar an eolas a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais, agus dá réir sin níor cheart talamh slán a dhéanamh de go scaoilfear gach iarrthóir ar aghaidh chuig céim an scrúdaithe agus an agallaimh.

Iarratas a chur ar ceal

Más rud é nach bhfreastalaíonn iarrthóir ar agallamh, nó nach gcuireann sé/sí dearbhú ar fáil i dtaca le haon cheist ábhartha nuair a iarrtar sin, féadfar an t-iarrthóir sin a dhícháiliú ón gcomórtas.

Spriocdháta le haghaidh iarratas

Glacfar le hiarratais go 12 meán lae, Dé Luain, 8 Bealtaine 2023. Cloífear go docht leis an spriocdháta sin.

Eiseofar admháil ina ndearbhaítear go bhfuarthas an t-iarratas laistigh de thrí lá oibre ón spriocdháta.

Freastal speisialta

Má theastaíonn uait go ndéanfaí freastal speisialta ort i ndáil le gné ar bith den chomórtas seo, cuir é sin in iúl do Mairin.NiFhlatharta@tcagsm.gov.ie a luaithe is féidir.

This form is only for feedback relating to the current page.

Do not include personal or financial information.

The information you submit will be analysed to improve gov.ie and will not be responded to individually.

How was your experience on the current page? (required)

You have 400 characters remaining