Search gov.ie

Organisation information

Ard-Oifigeach Logainmneacha

Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarratasóirí oiriúnacha chun folúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn don phost Ard-Oifigeach Logainmneacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, a líonadh.

Ról an Bhrainse Logainmneacha

Is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é an Brainse Logainmneacha. Tugann an Brainse Logainmneacha faoi thaighde ar logainmneacha na hÉireann chun leaganacha údarásacha Gaeilge a chur ar fáil maidir leis na logainmneacha sin chun críocha oifigiúla agus d’úsáid an phobail. Cuireann sé tacaíocht ar fáil don Choiste Logainmneacha freisin. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Bhrainse Logainmneacha.

Post an Ard-Oifigigh Logainmneacha

  • Tacaíocht a thabhairt don mBrainse Logainmneacha, agus don Phríomhoifigeach Logainmneacha cinneadh a dhéanamh maidir le foirmeacha Gaeilge údarásacha na logainmneacha.
  • Taighde a dhéanamh ar cháipéisí lámhscríofa agus foilsithe chun seanleaganacha de logainmneacha a aimsiú agus an t-ábhar sin a chur isteach go beacht i mbunachar sonraí na hoifige.
  • Cúlra staire, teangeolaíochta nó tíreolaíochta logainmneacha a bhailiú chun cuidiú le cinntí a dhéanamh maidir leis na leaganacha cearta Gaeilge.
  • Obair allamuigh a thabhairt i gcrích nuair is gá.
  • Ábhar a ionchuir ar Logainm.ie agus ar Meitheal Logainm.ie. agus ceartúchán a dhéanamh ina leith.
  • Tacaíocht a chur ar fáil do Fiontar agus Scoil na Gaeilge maidir le Logainm.ie.
  • Feidhmíocht na foirne tuairiscithe a bhainistiú, spriocanna a aontú le gach ball foirne, agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na na spriocanna sin.
  • Seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí trí fhreagraí tapa a thabhairt ar iarrataí ar eolas i ndáil le logainmneacha agus freagra a thabhairt ar chomhfhreagrais ilchineálacha.
  • Oidhreacht logainmneacha na hÉireann chomh maith le beartas agus ról an stáit maidir le foirmeacha Gaeilge a chur chun cinn trí chuir i láthair phoiblí a thabhairt agus trí fhreastal ar chomhdhálacha de réir mar is cuí.

An tSlí le hIarratas a Dhéanamh

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig

personnel@tcagsm.gov.ie faoin 3.00pm 11ú Feabhra 2022.

Leabhrán Faisnéise

Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.

Information booklet for applicants
View the file View
Appendix 1
View the file View

Foirm Iarratais

Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost an Ard-Oifigigh Logainmneacha, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.

Application Form
Download link for Download

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie

Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 3.00pm 11ú Feabhra 2022

Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.

Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.

Ráiteas Príobháideachais

Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.

Privacy Statement
View the file View

This form is only for feedback relating to the current page.

Do not include personal or financial information.

The information you submit will be analysed to improve gov.ie and will not be responded to individually.

How was your experience on the current page? (required)

You have 400 characters remaining