Search gov.ie

Organisation information

Príomhoifigeach Logainmneacha

Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarratasóirí oiriúnacha chun folúntas don phost Príomhoifigeach Logainmneacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, a líonadh.

Ról an Bhrainse Logainmneacha

Is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é an Brainse Logainmneacha. Tugann an Brainse Logainmneacha faoi thaighde ar logainmneacha na hÉireann chun leaganacha údarásacha Gaeilge a chur ar fáil maidir leis na logainmneacha sin chun críocha oifigiúla agus d’úsáid an phobail. Cuireann sé tacaíocht ar fáil don Choiste Logainmneacha freisin. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Bhrainse Logainmneacha.

Post an Phríomhoifigigh Logainmneacha

  • Bainistiú an Bhrainse Logainmneacha.
  • Foirmeacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha a shocrú bunaithe ar obair an Bhrainse.
  • Taighde maidir le logainmneacha a choimisiúnú.
  • Liostaí de na foirmeacha Gaeilge a chur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha lena ngrinnscrúdú agus faisnéis agus fianaise a thabhairt maidir leis na foirmeacha Gaeilge nuair is gá.
  • Dul i gcomhairle leis an gCoiste Logainmneacha chomh maith le heolas agus tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht rúnaíochta, a chur ar fáil don Choiste, lena n-áirítear cruinnithe a shocrú go rialta.
  • Dréachtorduithe logainmneacha a ullmhú, i gcomhar leis an gCoiste Logainmneacha agus i gcomhairle leis an mbainistíocht de réir mar is cuí, agus iad sin a chuir faoi bhráid an Aire chun críche éifeacht dlí a thabhairt do na foirmeacha Gaeilge faoi fhorálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021.
  • Comhairle a thabhairt don Aire maidir le saincheisteanna a bhaineann le logainmneacha Gaeilge.
  • Leanúint de Logainm.ie (Bunachair Logainmneacha na hÉireann) agus Meitheal Logainm.ie (Tionscadal Bailithe Logainmneacha an Phobail) a fhorbairt mar acmhainní ar líne do chustaiméirí agus mar acmhainní taighde agus cartlainne d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha, i gcomhar le Fiontar (DCU).
  • Feidhmíocht na foirne tuairiscithe a bhainistiú, spriocanna a aontú le gach ball foirne, agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na spriocanna sin.
  • Plean Gnó bliantúil an Bhrainse a ullmhú, an plean sin a aontú leis an mbainistíocht agus é a chur i bhfeidhm le comhoibriú ón bhfoireann.
  • A chinntiú go mbeidh fáil ag custaiméirí ar sheirbhís d’ardchaighdeán trí fhreagraí tapa a thabhairt ar iarrataí ar eolas i ndáil le logainmneacha.
  • Oidhreacht logainmneacha na hÉireann chomh maith le beartas agus ról an stáit maidir le foirmeacha Gaeilge a chur chun cinn trí chuir i láthair phoiblí a thabhairt agus trí fhreastal ar chomhdhálacha de réir mar is cuí.

An tSlí le hIarratas a Dhéanamh:

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig

personnel@tcagsm.gov.ie faoin 3.00pm 11ú Feabhra 2022.

Leabhrán Faisnéise

Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.

Information booklet for applicants
View the file View
Appendix 1
View the file View

Foirm Iarratais

Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost an Phríomhoifigigh Logainmneacha, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.

Application Form
Download link for Download

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie

Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 3.00pm 11ú Feabhra 2022

Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.

Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.

Ráiteas Príobháideachais

Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.

Privacy Statement
View the file View

This form is only for feedback relating to the current page.

Do not include personal or financial information.

The information you submit will be analysed to improve gov.ie and will not be responded to individually.

How was your experience on the current page? (required)

You have 400 characters remaining