Heads of Official Languages (Amendment) Bill 2014
- Published on: 6 July 2015
- Last updated on: 11 April 2025
Cuireadh Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i dtoll a chéile i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar an Acht Teanga. Foilsíodh na Ceannteidil in Aibreán 2014 agus cuireadh faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht iad, i gcomhréir le polasaí an Rialtais. Foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste maidir le Ceannteidil an Bhille ar an 24 Feabhra 2015.
Tar éis bhunú an Rialtais nua i 2016, rinne an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, cinneadh féidearthachtaí éagsúla maidir leis an mBille atá dréachtaithe cheana a bhreithniú agus pé moltaí a eascróidh as an mbreithniú sin a chur faoi bhráid an Choiste Rialtais ar na hEalaíona, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht in am trátha. Sa chás go mbeidh ceannteidil nua i gceist, beidh siad le faomhadh ag an Rialtas.