Search gov.ie

Publication

Gnóthaí Corparáideacha

Tá ról na nGnóthaí Corparáideacha mar bhuntaca ag gach ceann de Chuspóirí Straitéiseacha na Roinne. Cinntíonn an rannán seo go mbíonn an tacaíocht a bhfuil géarghá léi ar fáil chun go mbainfidh an Roinn amach a spriocanna straitéiseacha go léir. Tá freagracht faoi leith air as bainistíocht acmhainní agus athrú eagraíochtúil marthanach.

Tá freagracht ar Ghnóthaí Corparáideacha as cuid de ghníomhaireachtaí na Roinne – cosúil leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, an tÚdarás Clárúcháin Maoine, srl. – a rialú agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

Tá Gnóthaí Corparáideacha freagrach as:

  • Oifig na Rúnaíochta Corparáidí (ina gcorpraítear Oifigí Airí, Oifig an Ard-Rúnaí, an Oifig Phreasa agus Chumarsáide)
  • Seirbhísí Corparáideacha
  • An tAonad Bainistíochta Airgeadais
  • Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais
  • Acmhainní Daonna
  • An tAonad um Rochtain Faisnéise, ina gcuimsítear an tSaoráil Faisnéise agus Taifid
  • Iniúchóireacht Inmheánach
  • Rannán na Teicneolaíochta Faisnéise
  • Taighde Pleanála Beartas
  • An Príomhoifigeach Faisnéise
  • Athchóiriú
  • An Phleanáil Straitéiseach

This form is only for feedback relating to the current page.

Do not include personal or financial information.

The information you submit will be analysed to improve gov.ie and will not be responded to individually.

How was your experience on the current page? (required)

You have 400 characters remaining