Search gov.ie

Publication

Inimirce/Cosaint/Saoránacht


Seirbhísí Inimirce, Cosanta Idirnáisiunta agus Saoránachta

Réamhrá

Is ar an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionnanas a bhíonn an fhreagracht as gnóthaí inimirce in Éirinn trí dhá eagraíocht Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann agus Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce.

Ról Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

Oifig fheidhmiúcháin is ea Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Bíonn INIS freagrach as a bheith ag tabhairt faoi fheidhmeanna riaracháin an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais i ndáil le gnóthaí inimirce, víosaí, cosanta idirnáisiúnta agus saoránachta.

Ról Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce

Oifig is ea Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) de chuid an Gharda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann).

Bíonn an oifig freagrach as gach gnó de chuid an Gharda Síochána a bhaineann leis an inimirce ar bhonn náisiúnta, go príomha rialú na dteorainneacha, clárúcháin, deonú ceada le fanacht, díbirtí agus imscrúduithe a bhaineann leis an inimirce mhídhleathach agus gáinneáil daoine.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le seirbhísí inimirce, cosanta idirnáisiunta agus saoránachta ar fáil ó na suímh ghréasáin thíos.

Tuilleadh Faisnéise

Seirbhísí Cosanta Idirnáisiunta

Seirbhísí um Imeascadh Imirceach

This form is only for feedback relating to the current page.

Do not include personal or financial information.

The information you submit will be analysed to improve gov.ie and will not be responded to individually.

How was your experience on the current page? (required)

You have 400 characters remaining