Plean Teanga do Chaisléan an Bharraigh seolta go hoifigiúil ag an Aire Dara Calleary
-
From: Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht
- Published on: 23 May 2025
- Last updated on: 24 May 2025
Sheol Dara Calleary, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh go hoifigiúil inniu (Dé hAoine, 23 Bealtaine).
Is é an sprioc atá leis an bPróiseas Pleanála Teanga agus leis na pleananna teanga mar uirlisí den phróiseas sin, an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail.
Is é Gnó Mhaigh Eo ceanneagraíocht an phlean seo agus a bhí i gceannas an plean teanga a chur i dtoll a chéile agus an próiseas pleanála teanga a bhunú sa Bhaile.
Cuirfidh an plean teanga seo le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge sa bhaile agus fostaíodh Máire Ní Fhearraigh, a marOifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta.
Agus an plean á sheoladh aige dúirt an tAire Calleary:
“Ba mhaith liom tréaslú le Gnó Mhaigh Eo - Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do Chaisleáin an Bharraigh.
“Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Chaisleán an Bharraigh do mhuintir an bhaile seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht.
“Mar Aire na Gaeltachta, bhain mé an-taitneamh as bualadh leo siúd atá páirteach sa phleanáil teanga agus atá ag obair chun an Ghaeilge a cur chun cinn. Ó ceapadh mé i mí Eanáir na bliana seo, tá roinnt fógraí suntasacha déanta agam atá dírithe ar thacaíochtaí a chur ar fáil dóibh siúd atá ag cur na teanga chun cinn.
“Táim ag súil le mo chuairteanna leanúnacha ar na ceantair Ghaeltachta agus ar bhailte agus chathracha eile a bheidh ag seoladh a bpleananna teanga amach anseo, agus ba mhaith liom mo thacaíocht a ghealladh do na grúpaí agus na heagraíochtaí atá ag obair san earnáil seo.”
Nótaí
Tá 9 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoi réir Acht na Gaeltachta 2012 go dáta - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe An Clochán Liath, Trá Lí, Dún Garbhán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidbhín agus An Clochán.
Tá plean teanga amháin eile a bhaineann le Bailte Seirbhíse Gaeltachta Baile an Róba, á mheas ag an Roinn faoi láthair.
Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin. Is fiú a lua chomh maith go bhfuil dhá Líonra Gaeilge ceadaithe faoi réir phróiseas atá faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó thuaidh – Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste - nach dtagann faoi scáth díreach an Achta.
Tá an t-iomlán de 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe.
Tá ciste iomlán ar fiú €5.8m in aghaidh nab liana á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga