Gaeilge

Search gov.ie

Press release

Plean Teanga do Chaisléan an Bharraigh seolta go hoifigiúil ag an Aire Dara Calleary

Sheol Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta., Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh go hoifigiúil inniu (Dé hAoine, 23 Bealtaine).

Is é an sprioc atá leis an bPróiseas Pleanála Teanga agus leis na pleananna teanga mar uirlisí den phróiseas sin, an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail.

Is é Gnó Mhaigh Eo ceanneagraíocht an phlean seo agus a bhí i gceannas an plean teanga a chur i dtoll a chéile agus an próiseas pleanála teanga a bhunú sa Bhaile.

Cuirfidh an plean teanga seo le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge sa bhaile agus fostaíodh Máire Ní Fhearraigh, a marOifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta.

Agus an plean á sheoladh aige dúirt an tAire Calleary:

“Ba mhaith liom tréaslú le Gnó Mhaigh Eo - Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do Chaisleáin an Bharraigh.

“Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Chaisleán an Bharraigh do mhuintir an bhaile seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht.

“Mar Aire na Gaeltachta, bhain mé an-taitneamh as bualadh leo siúd atá páirteach sa phleanáil teanga agus atá ag obair chun an Ghaeilge a cur chun

cinn. Ó ceapadh mé i mí Eanáir na bliana seo, tá roinnt fógraí suntasacha déanta agam atá dírithe ar thacaíochtaí a chur ar fáil dóibh siúd atá ag cur na teanga chun cinn.

“Táim ag súil le mo chuairteanna leanúnacha ar na ceantair Ghaeltachta agus ar bhailte agus chathracha eile a bheidh ag seoladh a bpleananna teanga amach anseo, agus ba mhaith liom mo thacaíocht a ghealladh do na grúpaí agus na heagraíochtaí atá ag obair san earnáil seo.”


Nótaí d'Eagarthóirí:

  • Tá 9 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoi réir Acht na Gaeltachta 2012 go dáta - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe An Clochán Liath, Trá Lí, Dún Garbhán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidbhín agus An Clochán.
  • Tá plean teanga amháin eile a bhaineann le Bailte Seirbhíse Gaeltachta Baile an Róba, á mheas ag an Roinn faoi láthair.
  • Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin. Is fiú a lua chomh maith go bhfuil dhá Líonra Gaeilge ceadaithe faoi réir phróiseas atá faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó thuaidh – Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste - nach dtagann faoi scáth díreach an Achta.
  • Tá an t-iomlán de 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe.
  • Tá ciste iomlán ar fiú €5.8m in aghaidh nab liana á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga