Comórtas d’Intéirneacht in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
Tá deiseanna ar fáil do chéimithe socrúcháin oibre a dhéanamh in institiúidí an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Ceapfar suas le deichniúr ina iomláine ar feadh tréimhse 10 mí ag tosú i mí Dheireadh Fómhair.
Beidh ochtar de na hintéirnigh ag cuidiú le haistriú an acquis communautaire go príomha le linn an tsocrucháin oibre. Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu.
Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil don intéirneacht seo.
Beidh na intéirnigh lonnaithe in oifigí na n-institiúidí éagsúla ar mhór-roinn na hEorpa.
Glacfar le hiarratais ar an bhfoirm iarratais ó chéimithe:
Glacfar le hiarratais go **12 meán lae, Dé Céadaoin, 17 Bealtaine 2023*. Cloífear go docht leis an spriocdháta sin. Seol d’fhoirm iarratais chuig stg@tcagsm.gov.ie
Féach an doiciméad dar teideal ‘Scéim intéirneachta_fógra’ mar a bhfuil tuilleadh faisnéise le fáil i dtaobh iarratas a dhéanamh.