Ard-Oifigeach Logainmneacha
- Published on: 18 January 2022
- Last updated on: 21 January 2022
Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarratasóirí oiriúnacha chun folúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn don phost Ard-Oifigeach Logainmneacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, a líonadh.
Ról an Bhrainse Logainmneacha
Is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é an Brainse Logainmneacha. Tugann an Brainse Logainmneacha faoi thaighde ar logainmneacha na hÉireann chun leaganacha údarásacha Gaeilge a chur ar fáil maidir leis na logainmneacha sin chun críocha oifigiúla agus d’úsáid an phobail. Cuireann sé tacaíocht ar fáil don Choiste Logainmneacha freisin. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Bhrainse Logainmneacha.
Post an Ard-Oifigigh Logainmneacha
- Tacaíocht a thabhairt don mBrainse Logainmneacha, agus don Phríomhoifigeach Logainmneacha cinneadh a dhéanamh maidir le foirmeacha Gaeilge údarásacha na logainmneacha.
- Taighde a dhéanamh ar cháipéisí lámhscríofa agus foilsithe chun seanleaganacha de logainmneacha a aimsiú agus an t-ábhar sin a chur isteach go beacht i mbunachar sonraí na hoifige.
- Cúlra staire, teangeolaíochta nó tíreolaíochta logainmneacha a bhailiú chun cuidiú le cinntí a dhéanamh maidir leis na leaganacha cearta Gaeilge.
- Obair allamuigh a thabhairt i gcrích nuair is gá.
- Ábhar a ionchuir ar Logainm.ie agus ar Meitheal Logainm.ie. agus ceartúchán a dhéanamh ina leith.
- Tacaíocht a chur ar fáil do Fiontar agus Scoil na Gaeilge maidir le Logainm.ie.
- Feidhmíocht na foirne tuairiscithe a bhainistiú, spriocanna a aontú le gach ball foirne, agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na na spriocanna sin.
- Seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí trí fhreagraí tapa a thabhairt ar iarrataí ar eolas i ndáil le logainmneacha agus freagra a thabhairt ar chomhfhreagrais ilchineálacha.
- Oidhreacht logainmneacha na hÉireann chomh maith le beartas agus ról an stáit maidir le foirmeacha Gaeilge a chur chun cinn trí chuir i láthair phoiblí a thabhairt agus trí fhreastal ar chomhdhálacha de réir mar is cuí.
An tSlí le hIarratas a Dhéanamh
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig
personnel@tcagsm.gov.ie faoin 3.00pm 11ú Feabhra 2022.
Leabhrán Faisnéise
Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.
Foirm Iarratais
Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost an Ard-Oifigigh Logainmneacha, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie
Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 3.00pm 11ú Feabhra 2022
Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.
Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.
Ráiteas Príobháideachais
Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.