Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán maidir le rialáil costas iníoctha i gcásanna atá forordaithe de bhun alt 295 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Scála na dTáillí) 2024

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán

Déantar foráil san Acht Pleanála agus Forbartha 2024 (an tAcht) scála táillí a thabhairt isteach le haghaidh athbhreithnithe breithiúnacha comhshaoil.

Gné lárnach den obair atá déanta go dtí seo é tuarascáil ina leagtar amach na moltaí um scála na dtáillí.

Bheadh scála na dtáillí molta iníoctha le hiarratasóirí rathúla i gcásanna áirithe d’athbhreithnithe breithiúnacha ar an dlí comhshaoil de bhun alt 294 den Acht. Cuireann an chuid seo ar chumas an Aire Ábhartha le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, scála táillí a shocrú le haghaidh iarratasóirí rathúla i gcásanna áirithe d’athbhreithnithe breithiúnacha ar an dlí comhshaoil.

Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh i leith na dtograí i dtuarascáil an tsainchomhairleora. Tá liosta ceisteanna treorach curtha ar fáil chun freagraí a éascú.

Tuarascáil maidir le Rialáil Costas Iníoctha i gCásanna atá Forordaithe de bhun Alt 295 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Scála na dTáillí) 2024
Amharc amharc
Rialáil Costas Iníoctha i gCásanna atá Forordaithe de bhun Alt 295 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Scála na dTáillí) 2024 - Doiciméad Comhairliúcháin
Amharc amharc

Cúlra

I gCuid 9 den Acht leagtar amach forálacha i ndáil le hathbhreithniú breithiúnach agus cinnteoireacht i gcásanna lena mbaineann an Chuid sin. I gCaibidil 1 den Chuid sin dírítear ar an bpróiseas athbhreithnithe bhreithiúnaigh, agus ar na nósanna imeachta, na rialacha agus na bealaí le himeachtaí a thosú.

I gCaibidil 2 de Chuid 9 pléitear le costais a bhaineann le himeachtaí. Baineann an Chaibidil le himeachtaí atá sainmhínithe mar "Imeachtaí Choinbhinsiún Aarhus" (a291).

Ó thaobh na socruithe costas a chuirtear i bhfeidhm le Caibidil 2, is é an pointe tosaithe ná go seasann gach páirtí a gcuid costas dlíthiúil féin. Tá sé sin cáilithe láithreach, áfach, chun iarratasóirí rathúla a éascú lena gcuid costas a aisghabháil ón bhfreagróir agus / ón bpáirtí ar tugadh fógra dóibh. Ó thaobh costais dhlíthiúla, is iad na príomhathruithe a bhfuil an tAcht ag iarraidh a thabhairt isteach ná scála costas le haghaidh iarratasóirí rathúla.

Tuarascáil scála na dtáillí

Choimisiúnaigh an Roinn Aeráide, Fuinninh agus Comhshaoil an tuarascáil iniata chun cabhrú le scála táillí a fhorbairt a d’fhéadfadh a bheith iníoctha le hiarratasóirí rathúla i gcásanna áirithe d’athbhreithnithe breithiúnacha ar an dlí comhshaoil de bhun alt 294 den Acht Pleanála agus Forbartha 2024. Seo a leanas na príomhghnéithe den tuarascáil:

  1. Moltar scálaí ar leithligh de tháillí dlí le haghaidh cásanna caighdeánacha, cásanna casta agus cásanna an-chasta
  2. Moltar go ndéanfar leibhéal na castachta a mheas de réir na castachta dlíthiúla amháin
  3. Moltar gurb an breitheamh ceannais a shocróidh an leibhéal castachta a ghabhann leis an gcás cúirte
  4. Tá struchtúr táillí molta bunaithe ar roinnt pointí spreagtha a tharlódh le linn na héisteachta
  5. Tá liosta de phointí spreagtha molta cuimsithe sa tuarascáil.
  6. Moltar go n-aontódh na páirtithe ar bhaint amach na bpointí spreagtha agus an táille chuí le híoc; in éagmais comhaontaithe idir na páirtithe is iad an breitheamh a bheidh ina n-eadránaí deiridh
  7. Aithníodh táillí ar leithligh le haghaidh aturnaetha, abhcóidí sóisearacha agus abhcóidí sinsearacha

Conas aighneacht a dhéanamh

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 5.30pm Déardaoin an 15 Eanáir 2026

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig aarhus@dcee.gov.ie nó sa phost chuig:

Comhairliúchán maidir le rialáil costas iníoctha i gcásanna atá forordaithe de bhun alt 295 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Scála na dTáillí) 2024

Foireann Coinbhinsiún Aarhus

An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

Teach Tom Johnson

Bóthar Haddington

Baile Átha Cliath 4

D04K7X4

Is féidir fiosrúcháin maidir leis an gcomhairliúchán seo a dhéanamh chuig aarhus@dcee.gov.ie

Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta plé le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach.

Is féidir le haon duine nó aon eagraíocht aighneacht a chur chugainn maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí agus an t-aiseolas go léir sula bhfoilseoimid na leaganacha deireanacha den Comhairliúchán.

Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:

  • An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (SF)
  • Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (RFC)
  • An tAcht um Chosaint Sonraí 2018

Foilsiú freagraí

Tá sé ar intinn againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a fhaightear le haghaidh ár gcomhairliúchán a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin. Déanfaimid sonraí pearsanta a leasú (a bhaint) sula bhfoilseofar iad.

Comharthaigh aon fhaisnéis íogair le do thoil.

Agus tú ag freagairt don chomhairliúchán seo, léirigh go soiléir áit ar bith i do fhreagra ina bhfuil aon fhaisnéis nach mian leat a eisiúint faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar shlí eile.

D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra um Príobháideacht Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra um Príobháideacht Sonraí ina mínítear:

  • conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a ndéanaimid amhlaidh
  • conas a láimhseálaimid na sonraí seo
  • do chearta maidir le bailiú sonraí pearsanta
  • conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat