Comhairliúchán Poiblí maidir le Nascacht Idirnáisiúnta don Teileachumarsáid

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Nascacht Idirnáisiúnta don Teileachumarsáid

  • Ó: An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

  • Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2020
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 19 Deireadh Fómhair 2020
  • dúnadh na haighneachtaí: 27 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Tá an Comhairliúchán dúnta

Tá tábhacht straitéiseach shuntasach don Stát ag baint le nascacht ardchaighdeáin, slán agus iontaofa leis an gcnámh droma Idirlín Domhanda i líonraí teileachumarsáide.

Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo tuairimí na bpáirtithe leasmhara a lorg i dtaca le stádas reatha na nascachta idirnáisiúnta in Éirinn. Cuirfidh sé seo ar chumas na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) eolas a bhailiú agus tuairimí ó pháirtithe leasmhara a mheas mar bhonn le forbairt beartais agus cinnteoireacht.

Leis an doiciméad comhairliúcháin thíos cuirtear réamhrá ar fáil don topaic agus cuirtear i láthair achoimre ar na torthaí ó shuirbhé tionscail a rinne RCAC le linn 2019. Cuirtear seacht gceist ar leith a bhaineann le hacmhainn, ilchineálacht bealaí, príomhdhúshláin agus mar atá Éire suite go hidirnáisiúnta.

Tríd an gcomhairliúchán seo, tá RCAC ag lorg aighneachtaí ó sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide agus úsáideoirí móra de naisc idirnáisiúnta (lena n-áirítear soláthraithe ábhair agus úinéirí ionad sonraí).

Is é 5pm an 27 Samhain 2020 an dáta deiridh d’aighneachtaí.

Is féidir leat d’aighneacht a chur le r-phoist chuig IntComms@decc.gov.ie

Comhairliúchán Poiblí maidir le Nascacht Idirnáisiúnta don Teileachumarsáid
Amharc amharc

toradh an chomhairliúcháin

Príomhthorthaí

Public Consultation on International Connectivity for Telecommunications - Key Findings
Amharc amharc

Aighneachtaí Comhairliúcháin

Aqua Comms Deep Sea Fibre Networks ltd HEA Net
IDA Ireland Individual 1 Individual 2
Irish Communication Research Group (ICRG) Microsoft Vodafone

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat