Comhairliúchán maidir le Forbairt Phlean Aeráide Sóisialta na hÉireann
- Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Meán Fómhair 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 23 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Meán Fómhair 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
- Cúlra
- Cad ba mhaith linn a fháil ón gcomhairliúchán seo
- Cé uaidh ar mhaith linn cloisteáil
- Conas a úsáidfear an t-aiseolas
- Conas aighneacht a dhéanamh
- Cosaint Sonraí
Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas ó gheallsealbhóirí a bhailiú chun tacú le forbairt Phlean Aeráide Sóisialta na hÉireann.
Is é an Ciste Aeráide Sóisialta an chéad chiste riamh de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil an aidhm shonrach aige maolú a dhéanamh ar an mbochtaineacht fuinnimh agus iompair a d’fhéadfadh eascairt as an aistriú i dtreo soghluaisteacht ghlan agus timpeallacht thógtha dhícharbónaithe.
Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC) ag forbairt Plean Aeráide Sóisialta náisiúnta faoi láthair ina leagfar amach bearta a bheidh le comhmhaoiniú ó Chiste Aeráide Sóisialta an Aontais Eorpaigh thar an tréimhse ón mbliain 2026 go dtí an bhliain 2032.
Cúlra
Tá sásra ar a dtugtar praghsáil carbóin i gceist leis an Aistriú Glas. Le praghsáil carbóin, cuirtear praghas ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun tomhaltóirí a dhreasú chun roghanna níos glaise a dhéanamh agus chun a n-astaíochtaí a laghdú san fhadtéarma. In Éirinn, déantar é sin trí cháin charbóin a fhorchur ar cheannacháin breoslaí iontaise ag tomhaltóirí agus trí cheanglas a chur ar chruthaitheoirí móra astaíochtaí ceadanna astaíochtaí a cheannach mar chuid de Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Méadaítear praghsanna carbóin de réir a chéile le himeacht ama, rud a rannchuidíonn le praghsanna breoslaí iontaise níos airde agus ar féidir leis gnéithe áirithe den saol, amhail iompar agus téamh do thithe agus do ghnólachtaí, a dhéanamh níos costasaí. San fhadtéarma, beidh córas iompair agus téimh i bhfad níos inbhuanaithe, níos sláine agus níos éifeachtúla ag muintir na hÉireann, ach beidh an t-aistriú deacair agus beidh tionchar míchothrom aige ar dhaoine.
I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach anpacáiste Oiriúnach do 55 (‘Fit for 55’), ar sraith tograí é le haghaidh reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a athbhreithniú chun a chinntiú go mbeidh beartais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais. Rud a áiríodh leis an bpacáiste sin ba ea togra le haghaidh Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) atá ann cheana a leathnú chun earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar a áireamh (ETS II). Is dóigh go mbeidh tionchar diúltach díréireach ag an méadú ar phraghsanna breoslaí iontaise mar gheall ar thabhairt isteach ETS II ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha. Dá bhrí sin, áiríodh leis an bpacáiste Oiriúnach do 55 (‘Fit for 55’) freisin an togra chun an Ciste Aeráide Sóisialta a bhunú trí úsáid a bhaint as cuid de na hioncaim cheant a ghintear le ETS II.
Mar chuid de Rialachán (AE) 2023/955, lena bhforáiltear do Chiste Sóisialta Aeráide a bhunú, ceanglaítear ar gach Ballstát den Aontas Eorpach Plean Aeráide Sóisialta a ullmhú. Leagfar amach sna pleananna sin na cláir sa tréimhse 2026-2032 atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sóisialta agus dáileacháin a bhaineann le méaduithe ar phraghsanna breoslaí iontaise a eascraíonn as an méadú ar phraghas an charbóin in earnáil na bhfoirgneamh agus in earnáil an iompair de bhóthar.
Thar shaolré an Phlean (2026-2032), féadfaidh Éire suas le 75% de chostas na mbeart incháilithe laistigh den Phlean (suas le huasmhéid €663m) a fháil ar ais ó Chiste Aeráide Sóisialta an Aontais Eorpaigh. Is é díriú an Phlean ná infheistíocht i mbearta marthanacha atá cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus atá dírithe ar thacú leo siúd a d’fhéadfadh a bheith ar na daoine is leochailí i leith bochtaineacht fuinnimh agus iompair de dheasca ár n-aistrithe i dtreo soghluaisteacht ghlan agus timpeallacht thógtha dhícharbónaithe.
Agus an plean seo á fhorbairt agus á chur chun feidhme, tá an Rialtas tiomanta do bhearta láidre ardchaighdeáin a fhorbairt, faoi threoir an ionchuir fhiúntaigh ó gheallsealbhóirí, chun a chinntiú go spriocdhíreofar na cistí go cuí ar na daoine is mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus iompair, amhail teaghlaigh leochaileacha, úsáideoirí iompair leochaileacha agus micrifhiontair leochaileacha. An comhairliúchán seo, atá ar an gcéad cheann de dhá chomhairliúchán, tá sé ceaptha chun faisnéis a bhailiú faoi na rudaí a mheasann an pobal agus geallsealbhóirí a bheith ar na tosaíochtaí le haghaidh infheistíochta faoin bplean seo. Maidir leis an dara comhairliúchán, atá beartaithe le cur ar siúl i mí na Samhna, beidh sé ina imeacht poiblí, agus oifigigh ón gCoimisiún Eorpach i láthair aige.
Is é an chéad cheann díobh sin an comhairliúchán oscailte seo leis an bpobal agus le geallsealbhóirí a bheidh ar siúl ar feadh tréimhse sé seachtaine.
Cad ba mhaith linn a fháil ón gcomhairliúchán seo
Sa chomhairliúchán seo, táimid ag leagan amach roinnt roghanna, atá ailínithe le forálacha an Rialacháin, a d’fhéadfaí a chistiú trí Phlean Aeráide Sóisialta na hÉireann. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach liosta é sin de na réimsí atá comhaontaithe le haghaidh cistiúcháin ag an gcéim seo. Ní liosta é sin de na réimsí atá comhaontaithe le haghaidh cistiúcháin. Ba mhaith leis an Roinn tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile a chloisteáil a mhéid a bhaineann leis an dóigh is fearr ar féidir an plean a fhorbairt, de réir rialacha an Aontais Eorpaigh lena rialaítear an plean, chun a chinntiú:
- Go leithdháilfear na hionstraimí ar na tacaíochtaí is cuí do na daoine is leochailí i leith praghsanna méadaitheacha breoslaí iontaise
- Go mbeidh na hionstraimí cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de, agus
- Go soláthrófar réitigh mharthanacha thacaíochta leis na hionstraimí
Cé uaidh ar mhaith linn cloisteáil
Tá an comhairliúchán seo ar oscailt do gach duine i sochaí na hÉireann. Go háirithe, ba mhaith linn cloisteáil ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ó ionadaithe do chomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, d’eagraíochtaí iomchuí sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí óige, ó dhaoine aonair as measc phobal na hÉireann ar mian leo a dtuairim a chur in iúl maidir leis na bearta ba cheart a fhorbairt chun tacú le grúpaí leochaileacha atá thíos le praghas méadaitheach an charbóin, agus ó gheallsealbhóirí, gnólachtaí, eagraíochtaí, comhlachtaí ionadaíocha agus grúpaí eile atá thíos le praghas méadaitheach an charbóin nó a dhéanann ionadaíocht do ghrúpaí leochaileacha atá thíos le praghas méadaitheach an charbóin.
Conas a úsáidfear an t-aiseolas
Ag teacht sna sála ar an ionchur a gheofar ón gcomhairliúchán seo, déanfaidh RAFC na bearta atá beartaithe le cur ar áireamh sa dréacht-phlean a fhorbairt agus a mhionchoigeartú tuilleadh. Ina dhiaidh sin, cuirfear imeacht poiblí ar siúl i mí na Samhna 2025, rud a óstálfaidh an Roinn seo agus a mbeidh oifigigh ón gCoimisiún Eorpach i láthair aige. Ag an imeacht sin, cuirfear an dréacht-phlean iomlán i láthair mar aon le faisnéis faoi thorthaí an chomhairliúcháin seo agus tuilleadh plé ar an dóigh a léirítear an t-ionchur ó gheallsealbhóirí sa dréacht-phlean. Beidh deis ag na daoine a bheidh i láthair tuilleadh léargas a thabhairt ag an imeacht sin lena bhreithniú sa dréacht-phlean deiridh. Cuirfear an dréacht-phlean deiridh sin faoi bhráid an rialtais lena cheadú sula gcuirfear é faoi bhráid an Choimisiúin lena cheadú críochnaitheach faoi dheireadh na bliana.
Conas aighneacht a dhéanamh
Ní mór na freagraí ar an gcomhairliúchán seo a bheith faighte ina n-iomláine ag an Roinn trí shuíomh gréasáin EUSurvey tráth nach déanaí ná 5.30pm Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair 2025. Glacfar le freagraí i bhformáid cóipe crua agus le ríomhphost freisin.
Ba cheart an teideal "Comhairliúchán ar an Plean Aeráide Sóisialta" a chur go soiléir le freagraí a chuirtear isteach le ríomhphost nó i bhfoirm cóipe crua, agus ba cheart iad a sheoladh chuig scp@dcee.gov.ie nó a sheoladh tríd an bpost chuig:
An Rannóg um Aistriú Cóir agus Beartais Earnála,
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil,
Teach Tom Johnson,
Bóthar Haddington,
Baile Átha Cliath,
D04 K7X4
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula gcuirfear an leagan deiridh den Phlean isteach.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaimid a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.