Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Mapáil Críche Náisiúnta le haghaidh Leictreachas In-athnuaite

  • Ó: An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

  • Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2025
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 3 Meán Fómhair 2025
  • dúnadh na haighneachtaí: 10 Deireadh Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2025

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán

Cúlra

Le Treoir (AE) 2023/2413 maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III), socraítear sprioc fhoriomlán fuinnimh in-athnuaite de 42.5% ar a laghad atá ceangailteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoin mbliain 2030, cé gurb í 45% an aidhm. Ceanglaítear leis an Treoir freisin ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh “mapáil críche náisiúnta” (faoi Airteagal 15b) a dhéanamh chun sainaithint a dhéanamh ar an acmhainneacht intíre agus ar na limistéir atá ar fáil atá riachtanach le haghaidh gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus a mbonneagar gaolmhar a shuiteáil de réir mar is gá, chun rannchuidithe náisiúnta na hÉireann i dtreo sprioc fhoriomlán fuinnimh in-athnuaite an Aontais Eorpaigh do 2030 a bhaint amach.

Ceanglaítear leis an Treoir freisin ar na Ballstáit a chinntiú go sainaithneoidh údaráis inniúla Limistéar Luathaithe Fuinnimh In-athnuaite amháin ar a laghad (faoi Airteagal 15c), nach mór dó a bheith mar “fothacar” de na limistéir a sainaithníodh faoin gcleachtadh mapála críche náisiúnta.

Tá an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag lorg ionchuir ón bpobal anois maidir leis na nithe seo a leanas:

  • an mhapáil críche náisiúnta a rinneadh (faoi Airteagal 15b); agus
  • aon phríomhbhreithniúcháin ba cheart a chur san áireamh agus dréachtphlean á ullmhú le haghaidh Limistéar Luathaithe Fuinnimh In-athnuaite a ainmniú (faoi Airteagal 15c)

Conas aighneacht a dhéanamh

Is é 5.30pm Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair 2025 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí i scríbhinn.

Déan d’aighneacht tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú ar shuíomh gréasáin EU Survey

nó tríd an bpost chuig:

An Rannán um Leictreachas In-athnuaite,

An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil,

Teach Tom Johnson,

Bóthar Haddington,

Baile Átha Cliath.

D04 K7X4

Cosaint sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad a bheidh faighte faoin gComhairliúchán Poiblí seo.

Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:

  • conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat