Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2025 agus Bearta Caomhnaithe do Shéasúr 2026
- Foilsithe: 21 Samhain 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 21 Samhain 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 20 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Samhain 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Is é aidhm an chomhairliúcháin aiseolas ó pháirtithe leasmhara a bhailiú maidir leis na dréacht-Rialacháin. Cuirtear nóta faisnéise ar fáil maidir leis na hathruithe atá beartaithe dá bhforáiltear sna dréacht-Rialacháin.
Cúlra
Timmy Dooley TD, Aire Stáit don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, fógra reachtúil go bhfuil sé i gceist aige na Rialacháin maidir leis an Scéim um Chlibeáil Bradán Fiáin agus Breac Mara (Leasú) 2025 a dhéanamh, chun foráil a dhéanamh le haghaidh bhainistiú iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal fiáin ag Iascach Intíre Éireann ón 1 Eanáir 2026.
Tá cóip de na dréachtrialacháin ar fáil lena scrúdú ag a bpobal in oifigí na Roinne sa Chabhán. Tá na dréachtrialacháin ar fáil freisin le feiceáil nó le híoslódáil thuas.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is féidir le duine ar bith ar mian leis tuairimí nó agóidí a chur isteach i gcoinne na ndréacht-rialachán é sin a dhéanamh trí ríomhphost nó tríd an bpost.
Is é 5.30pm an 20 Nollaig 2025 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí.
Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.
Foilseofar gach aighneacht bhailí a fhaightear ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig IFDPublicConsultations@dcee.gov.ie nó sa phost chuig:
Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2025
An Rannóg Iascaigh Intíre
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
Teach an Leamháin
Bóthar Earlsvale
Baile an Chabháin
H12 A8H7
Éire
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.
Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC), 2007-2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Folóimid (bainfimid) sonraí pearsanta roimh fhoilsiú..
Leag béim ar aon faisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sa fhreagra uait aon fhaisnéis nár mhaith leat go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi RFC ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. D'fhéadfadh a bheith san áireamh anseo:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis faoi rún
Léigh ár bhFógra Cosanta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, ina minítear:
- conas agus cén uair a bhailímid do shonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú