Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha
- Foilsithe: 2 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2026
Tá dúshláin mhóra chomhshaoil ag baint le treochtaí reatha maidir le táirgeadh, tomhaltas agus iarthomhaltas teicstílí, in Éirinn agus ar fud an domhain. Oibríonn an tionscal teicstílí de réir samhail líneach 'tóg-déan-diomail', ach tá acmhainneacht iontach ann le haghaidh geilleagar ciorclach teicstílí, mar atá leagtha amach sa Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha.
Is é aidhm an Ráitis Bheartais Náisiúnta agus Treochláir treo beartais shoiléir a shocrú maidir leis an gcaoi a bhféadann Éire barr a cumais a bhaint amach maidir le geilleagar níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe i dteicstílí.
Leis an Ráiteas Beartais seo, aithnítear gur acmhainn luachmhar inár bpobal iad teicstílí. Mar sin de, tá sé tábhachtach díriú ar tháirgeadh agus tomhaltas iomarcach a laghdú, bainistiú éifeachtúil agus éifeachtach ábhar nua agus úsáidte a chur chun cinn agus tús áite a thabhairt d’athúsáid agus do dheisiú.
Chuaigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC) i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara ábhartha ar fud shlabhra luacha na dteicstílí tríd an nGrúpa Comhairleach Náisiúnta um Theicstílí agus trína fhoghrúpaí agus ghabh sí go gníomhach d’fhorbairtí ar bheartais agus ar reachtaíocht ar leibhéal an Aontais. Tá an Ráiteas Beartais seo bunaithe ar léargais agus moltaí ón nGrúpa sin, ar obair GCC agus ar chomhpháirtithe rialtais áitiúil. Tá comhairliúchán poiblí a rinneadh in 2025, chomh maith le taighde a choimisiúnaigh RAFC in 2024 ar theicstílí iarthomhaltóra, agus caibidlíocht ar leibhéal an Aontais maidir le hathbhreithniú spriocdhírithe ar an gCreat-Treoir maidir le Dramhaíl a bhaineann le teicstílí, mar bhonn leis freisin.
Sa Ráiteas Beartais leagtar amach fís, comhphrionsabail, cuspóirí straitéiseacha agus treochlár le haghaidh fhorbairt gheilleagar na dteicstílí ciorclacha san am atá amach romhainn.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar obair bheartais agus chumarsáide na Roinne maidir le teicstílí, téigh chuig Teicstílí