Teicstílí
- Foilsithe: 18 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Bealtaine 2026
- Teicstílí agus an tAthrú Aeráide
- Dramhaíl Teicstílí
- Treoir Réime Dramhaíola Athbhreithnithe an AE maidir le teicstílí
- Dramhaíl Teicstílí a Laghdú
- An Grúpa Comhairleach Teicstílí
- Iompaigh an Treocht Droim ar Ais
- Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha 2026-2028
Teicstílí agus an tAthrú Aeráide
Meastar an tionscal faisin a bheith freagrach as 10% de na hastaíochtaí carbóin ar domhan. Dá ainneoin sin, ní aithníonn ach 31% de mhuintir na hÉireann go bhfuil nasc ann idir teicstílí a cheannach agus an t-athrú aeráide.
Dramhaíl Teicstílí
Aimsíodh i dtaighde a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí gur freagrach as 9% den dramhaíl san araid dramhaíola ginearálta atá teicstílí amhail éadaí agus teicstílí teaghlaigh.
Ar domhan, meastar go gcuirtear ualach trucaile iomlán amháin de theicstílí isteach sa líonadh talún nó chuig loscadh gach soicind agus ní athchúrsáiltear ina tháirgí nua ach níos lú ná 1% den ábhar a úsáidtear chun éadaí a tháirgeadh. Déantar an chuid eile a chur isteach i líonadh talún, a loscadh nó a onnmhairiú thar lear, áit a bhfuil drochthionchar comhshaoil agus sóisialta aici.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhramhaíl teicstílí, téigh chuig suíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.
Treoir Réime Dramhaíola Athbhreithnithe an AE maidir le teicstílí
Tháinig Treoir (AE) 2025/1892 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) i bhfeidhm an 16 Deireadh Fómhair 2025. Leis an athbhreithniú sin, déantar leasuithe spriocdhírithe ar an Treoir Réime Dramhaíola maidir le dramhaíl bia agus teicstílí.
Tá réimse leathan beart sa Treoir arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le mearfhaisean agus leis an an díghrádú comhshaoil a thagann as dramhaíl teicstílí. Tá bearta ann chun tacú le bailiú ar leithligh teicstílí agus chun an prionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm. Fágfaidh sé sin go mbeidh an tioscal faisin freagrach as a dhramhaíl teicstílí féin. A bhuí le pleananna chun scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora (FLT) a chruthú do theicstílí, tacófar le teicstílí a bhailiú, a shórtáil, a athúsáid agus a athchúrsáil go héifeachtúil agus an tráth céanna éicidhearthóireacht táirgí teicstíle a dhreasú. Faoin dlí nua sin, ceanglófar ar Éireann scéim FLT do theicstílí a bhunú faoi mhí Aibreáin 2028.
Leis an Treoir sin, éascófar laghdú ar thionchair chomhshaoil agus aeráide earnálacha teicstíle agus bia san AE, agus ag an am céanna cuirfear le geilleagar níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe.
Féach ar dhoiciméad Treoir (AE) 2025/1892 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Ní mór an Treoir sin a thraisuí i ndlí na hÉireann faoin 17 Meitheamh 2027 agus tugtar leis an Treoir go dtí an 17 Aibreán 2028 do na ballstáit le scéimeanna FLT a bhunú. Beidh feidhm ag oibleagaidí FLT maidir le micrifhiontair ón 17 Aibreán 2029.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach preasráitis an Choimisiúin Eorpaigh.
Dramhaíl Teicstílí a Laghdú
Tá sé furasta dúinn ár n-úsáid teicstílí agus ár ndramhaíl teicstílí a laghdú trínár machnamh a dhéanamh ar na rudaí a theastaíonn uainn iarbhír, trí theicstílí a dheisiú i gcás gur féidir agus trí theicstílí réamhúsáidte agus athláimhe a roghnú ar an gcéad dul síos.
Seo iad thíos roinnt smaointe le haghaidh athúsáid teicstílí:
Babhtálacha Éadaí
Is é atá i mbabhtálacha éadaí ná deis iontach chun saolré fhónta níos faide a thabhairt d’éadaí, le linn aghaidh a thabhairt ar na tionchair atá ag teicstílí ar an gcomhshaol.
Seo iad roinnt naisc úsáideacha chun tuilleadh faisnéise a fháil:
Teicstílí réamhúsáidte a cheannach
Is féidir leat do theicstílí úsáidte a thabhairt chuig do shiopa carthanais áitiúil nó do chéad cheannachán eile a lorg ann – is féidir leat siopa carthanais in aice leat a aimsiú ar shuíomh gréasáin Charity Retail Ireland.
Deisiúcháin Teicstílí
Roghnaigh do chuid éadaigh a dheisiú agus na héadaí ar breá leat iad a chaitheamh ar feadh tréimhse níos faide. Is féidir leat eolaire seirbhísí deisiúcháin a aimsiú ar an suíomh gréasáin Repair My Stuff.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na rudaí is féidir leat a dhéanamh le do theicstílí úsáidte, téigh chuig an suíomh gréasáin MyWaste.
An Grúpa Comhairleach Teicstílí
Sa bhliain 2022, bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Comhairleach Teicstílí mar fhoghrúpa den Ghrúpa Comhairleach Dramhaíola. Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe tionscail, pobail agus rialála ábhartha chun sainaithint a dhéanamh ar dheiseanna chun leas a bhaint as luach na dteicstílí atá i láthair in Éirinn agus fiosrú a dhéanamh ar roghanna chun ciorclaíocht san earnáil sa todhchaí a fheabhsú.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin nGrúpa Comhairleach Teicstílí.
Iompaigh an Treocht Droim ar Ais
Le feachtas 'Iompaigh an Treocht Droim ar Ais', leagtar béim ar an tionchar chomhshaoil a bhíonn ag róthomhaltas teicstílí agus spreagtar daoine roghanna eile a dhéanamh ar éadaí a cheannach go minic.
Leis an bhfeachtas, iarrtar ar dhaoine glacadh leis an bhfaisean ciorclach trí na gníomhartha simplí arb éard iad "Ceannaigh níos lú, Caith arís é, Roinn é."
Faigh amach tuilleadh ag reversethetrend.ie
Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha 2026-2028
Sheol an tAire Dillon an chéad Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha 2026-2028 i mí Aibreáin 2026. Is é an aidhm atá aige ná treo beartais shoiléir a shocrú maidir leis an gcaoi a bhféadann Éire barr a cumais a bhaint amach maidir le geilleagar níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe i dteicstílí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha