Ráiteas ón Tánaiste agus an tAire Airgeadais maidir le toghadh an Uachtaráin nua ar an nGrúpa Euro
- Foilsithe: 11 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Thréaslaigh an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, le Kyriakos Pierrakakis, a chomhpháirtí ón nGréig, tar éis é a thoghadh mar Uachtarán nua ar an nGrúpa Euro.
Ag labhairt dó sa Bhruiséil, dúirt an Tánaiste:
“Ba mhaith liom tréaslú ó chroí le Kyriakos Pierrakakis faoina thoghadh mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro.
“Bhí lúcháir orm an tAire a óstáil i mBaile Átha Cliath an Luan seo caite, agus táim ag tnúth go mór le hobair i gcomhar leis chun clár oibre straitéiseach coiteann an Limistéir Euro a bhrú chun cinn, ar clár é ina ndíreofar ar fhíorthorthaí a bhaint amach dár ndaoine.”
CRÍOCH