Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Minister Calleary announces launch of the MyFutureFund Employer Portal

- Tairseach fostóra Mo Chiste don Todhchaí ag oscailt inniu

- Moltar d’fhostóirí an phróifíl a líonadh faoin 31 Nollaig

- Tógann sé thart ar 5 nóiméad an próiseas clárúcháin a chur i gcrích

Inniu, sheol an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, an Tairseach Fostóra Mo Chiste don Todhchaí. Tá an tairseach deartha chun tacú le agus chun rannpháirtíocht fostóirí le Mo Chiste don Todhchaí a éascú, an scéim coigiltis scoir uathoibríoch nua, nach bhfuil ualach mór riaracháin ag baint léi.

Ón lá inniu ar aghaidh, soláthraíonn an tairseach ardán d’fhostóirí chun a bpróifíl a líonadh agus modh íocaíochta a roghnú sula gcuirtear tús le Mo Chiste don Todhchaí i mí Eanáir 2026. Chomh maith leis sin, cuirfear acmhainní ar fáil chun cabhrú le fostóirí a n-oibleagáid maidir le heolas a roinnt le fostaithe i ndáil lena rollú ar fáil go díreach tríd an mbosca ríomhphoist slán ar an tairseach. Is sampla eile é seo den ualach riaracháin atá ar fhostóirí a laghdú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Calleary faoin tairseach

“Is tionscnamh cinniúnach é Mo Chiste don Todhchaí a sholáthraíonn todhchaí airgeadais shlán d’fhostaithe nuair a théann siad ar scor.”

“Inniu, tá Tairseach Fostóra Mo Chiste don Todhchaí á seoladh go hoifigiúil agam. Ar an tslí seo, cinnteofar go mbeidh dóthain ama ag fostóirí chun a bpróifílí a líonadh sula gcuirfear tús leis an scéim ar an 1 Eanáir.”

“Ní thógfaidh sé ach thart ar chúig nóiméad chun do phróifíl chuideachta a líonadh ar an tairseach agus tá sé riachtanach a chinntiú go gcuirtear na céimeanna ar fad i gcrích ionas go mbeidh riachtanais na scéime á gcomhlíonadh ag do chuideachta.”

“Is scéim bhunathraitheach í seo don tír atá deartha ionas gur féidir le fostóirí a bheith páirteach inti go héasca. Córas atá ann a bheidh ag obair sa chúlra fad is atá fostóirí ag leanúint ar aghaidh lena ngnáthchúraimí gnó.”

Ní mór d’fhostóirí aird a dhíriú ar thrí chéim shimplí. Is féidir leo rochtain a fháil ar an tairseach tríd an suíomh gréasáin myfuturefund.ie. Is féidir leo logáil isteach ar an tairseach trína ndeimhniú ROS PREM a úsáid roimh an 31 Nollaig agus

  1. Próifíl na cuideachta a líonadh.
  2. Modh íocaíochta a shocrú.
  3. Párolla a rith mar is iondúil.

Nuair a bheidh cuideachtaí cláraithe beidh fostóirí in ann breathnú ar ranníocaíochtaí íoctha agus dlite, fógraí a sheoladh go díreach chuig a dteagmhálaí ainmnithe, teagmháil a dhéanamh le tacaíocht do chustaiméirí, a dtaifead ranníocaíochtaí a sheiceáil agus a gcuid sonraí a nuashonrú.

Beidh gníomhairí in ann na céimeanna seo a chur i gcrích d’fhostóirí freisin trí úsáid a bhaint as na dintiúir chéanna is a úsáideann siad chun rochtain a fháil ar Sheirbhísí Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim ar son a gcliant. Agus maidir leo siúd nach n-úsáideann bogearraí párolla, beidh siad fós in ann íocaíochtaí a dhéanamh go díreach tríd an tairseach.

Déileálfaidh an tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú (NAERSA) leis an obair riaracháin ar fad lena n-áirítear fostaithe a rollú, ranníocaíochtaí a bhailiú agus infheistíochtaí a bhainistiú. Déileálfaidh siad le liostálacha/díliostálacha agus fionraí freisin.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le Mo Chiste don Todhchaí agus NAERSA, tabhair cuairt ar myfuturefund.ie. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hionad teagmhála d’fhostóirí agus d’fhostaithe Mo Chiste don Todhchaí ag an uimhir 01 568 9555. Nó, is féidir le fostóirí scríobh chuig NAERSA ag Mo Chiste don Todhchaí, Céide TCS, Páirc Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 W8CY.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le clárú-uathoibríoch féach ar: Clárú-uathoibríoch

Nótaí d’Eagarthóirí

Forléargas

Is tionscnamh cinniúnach é Mo Chiste don Todhchaí, an córas coigiltis scoir uathrollaithe, a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le thart ar 750,000 oibrí in Éirinn nach bhfuil rochtain acu ar phinsean oibre nó pearsanta faoi láthair, atá á n-íoc trí phárolla, chun tús a chur le hairgead a choigilt dá dtodhchaí. Tá bonn reachtach ag tacú le Mo Chiste don Todhchaí, Acht um Chóras Uathrollaithe Coigiltis Scoir, 2024.

Ón 1 Eanáir 2026, beidh rochtain ag fostaithe in Éirinn a chomhlíonann na critéir incháilitheachta ar scéim coigiltis scoir a bhfuil a n-incháilíocht dearbhaithe.

Riarachán

Tá Mo Chiste don Todhchaí deartha chun a chinntiú go mbeidh an córas simplí. Beidh formhór na hoibre riaracháin á dhéanamh go lárnach ag comhlacht nua atá bunaithe ar a dtugtar An tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú (NAERSA). Beidh NAERSA ag feidhmiú mar riarthóir Mo Chiste don Todhchaí agus beidh sé freagrach as:

* fostaithe incháilithe a shainaithint agus a chlárú

* déileáil le hiarratais liostála, díliostála agus fionraí

* ranníocaíochtaí a bhailiú agus a infheistiú

* comhlíonadh na reachtaíochta a fhorfheidhmiú.

Éascóidh NAERSA tairseacha ar líne fostóra agus rannpháirtí agus soláthróidh sé ionad teagmhála do chustaiméirí chun cabhrú le fiosrúcháin.

Buntáistí fostóra

Tá roinnt buntáistí d’fhostóirí ag baint le Mo Chiste don Todhchaí. Ar an gcéad dul síos, tá Mo Chiste don Todhchaí deartha chun an obair riaracháin a bhaineann le pinsin atá le déanamh ag fostóirí a choinneáil chomh híseal agus is féidir de bhrí go ndéileálfaidh NAERSA le formhór na hoibre seo. Ciallaíonn sé sin gur rogha níos simplí é Mo Chiste don Todhchaí d’fhostóirí i gcomparáid le scéim pinsin gairme a sholáthar agus a riar.

Tá rátaí ranníocaíochta á gcéimniú de réir a chéile sa chéad deich mbliana den scéim chun deis a thabhairt d’fhostóirí díriú ar chúrsaí buiséid.

Ní ghearrfaidh NAERSA táille ar fhostóirí chun an obair riaracháin seo a chur i gcrích. Seachas sin, beidh NAERSA á mhaoiniú trí tháille rannpháirtí.

Ciallóidh Mo Chiste don Todhchaí go mbeidh sé níos éasca d’fhostóirí a chinntiú go mbeidh soláthar airgeadais níos fearr ag a bhfostaithe dá scor, agus go bhféadfadh siad a mealltacht féin mar rogha fostóra a fheabhsú agus rátaí coinneála oibrithe luachmhara i margadh saothair iomaíoch a fheabhsú.

Buntáistí d’fhostaithe

Soláthróidh Mo Chiste don Todhchaí rochtain ar scéim coigiltis scoir a bhfuil a cáilíocht dearbhaithe do thart ar 750,000 fostaí nach mbeadh clúdach pinsin, seachas an Pinsean Stáit acu, murach é. Déileálfar le rollú ball foirne incháilithe go huathoibríoch, rud a chiallaíonn nach gá d’fhostaithe aon rud a dhéanamh chun tús a chur le hairgead a choigilt dá scor.

Ráthaíonn Mo Chiste don Todhchaí ranníocaíochtaí meaitseála fostóra mar aon le breisiú a íoctar ag ráta €1 do gach €3 a íocann an fostaí.

Tá na táillí agus na muirir don scéim soiléir agus trédhearcach. Ní bheidh ach dhá tháille i gceist:

  • Ráta comhréidh íseal muirearaithe chun cistí coigiltis gníomhacha Mo Chiste don Todhchaí a riar
  • Táille bainistíochta infheistíochta atá go maith faoin ráta margaidh agus a bhfuiltear ag súil a bheidh faoin bhun 0.1% de shócmhainní faoi bhainistíocht.

De bhrí go mbíonn na rannpháirtithe uile páirteach i straitéis infheistíochta réamhshocraithe atá á feidhmiú ar bhonn saolré e.g., riosca infheistíochta laghdaitheach de réir mar a bhíonn rannpháirtí ag dul níos gaire don aois scoir, ní gá cinntí airgeadais casta a dhéanamh chun ciste coigiltis scoir maith a fháil.

Glacfar leis na coigiltis ar fad mar mhaoin phearsanta an rannpháirtí. Níl aon tréimhse dhílsithe ann, rud a chiallaíonn gur leis an rannpháirtí iad na ranníocaíochtaí a luaithe a fhaigheann NAERSA iad.

Ranníocaíochtaí

Tosófar ag bailiú ranníocaíochtaí ón 1 Eanáir. Baileoidh NAERSA na ranníocaíochtaí fostóra agus fostaí ón bhfostóir agus an breisiú Stáit ina n-aonar. Ríomhtar ranníocaíochtaí bunaithe ar phá comhlán a thuairiscítear do na Coimisinéirí Ioncaim agus baintear iad ón nglanphá i ndiaidh asbhaintí.

Tá na rátaí ranníocaíochta sonraithe sa tábla thíos:

 

Fostaí

Fostóir

Stát

2026-28

1.5%

1.5%

0.5%

2029-31

3%

3%

1%

2032-2034

4.5%

4.5%

1.5%

2035+

6%

6%

2%

Treoir céim ar chéim d’fhostóirí maidir leis an tairseach fostóra ar Mo Chiste don Todhchaí

Chun tús a chur le do chlárú, is féidir leat dul chomh fada le myfuturefund.ie agus logáil isteach ar an tairseach fostóra trí úsáid a bhaint as do theastas ROS. Nuair a bhíonn tú logáilte isteach, tá trí chéim thapa le cur i gcrích chun clárú mar fhostóir: athbhreithnigh na téarmaí agus coinníollacha, líon isteach próifíl do chuideachta, agus socraigh do mhodh íocaíochta.

  1. Athbhreithnigh Téarmaí agus Coinníollacha

Breathnóidh tú ar agus comhaontóidh tú le Téarmaí Úsáide agus Polasaí Príobháideachais Mo Chiste don Todhchaí. Baineann siad seo leis an úsáid a bhaintear as an tairseach fostóra ar líne.

  1. Líon Próifíl do Chuideachta

Chun próifíl do chuideachta a líonadh, beidh ort sonraí do chuideachta a chur ar fáil ar dtús. San áireamh tá:

  • Ainm na cuideachta
  • Ainm trádála na cuideachta (roghnach)
  • Earnáil ghnó (ó liosta anuas).
  • Líon fostaithe (roghnaigh ón raon uimhriúil).
  • Rogha teanga cumarsáide (Béarla nó Gaeilge).
  • Modh cumarsáide (Leictreonach nó páipéar).
  • Seoladh na cuideachta

Ar an dara dul síos, cuirfidh tú teagmhálaí cuideachta leis. San áireamh tá:

  • Céadainm
  • Lárainm (roghnach)
  • Sloinne
  • Uimhir theileafóin
  • Seoladh ríomhphoist

Seolfaidh Mo Chiste don Todhchaí fógra chugat ag an seoladh ríomhphoist a chuireann tú ar fáil gach uair a bhfuil teachtaireacht nua agat i do Bhosca Ríomhphoist Slán ar an tairseach fostóra.

  1. Socraigh modh íocaíochta

Socróidh tú modh íocaíochta chun íocaíochtaí ranníocaíochta a dhéanamh le Mo Chiste don Todhchaí. Tá dhá phríomh-mhodh ann chun é sin a dhéanamh: Dochar Díreach athraitheach, agus cárta Dochair/ Creidmheasa.

Moltar Dochar Díreach athraitheach a bhunú, de bhrí go mbeidh íocaíochtaí ranníocaíochta á mbailiú go huathoibríoch duit ar nó go gairid i ndiaidh dháta íocaíochta d’fhostaithe. Ciallaíonn sé sin gurb é Dochar Díreach an bealach is áisiúla agus is iontaofa chun íocaíocht a dhéanamh, de bhrí nach mbeidh ort d’íocaíochtaí a eagrú go díreach.

Mura bhfuil tú réidh chun do mhodh íocaíochta a shocrú, féadfaidh tú ‘Gabh thar faoi láthair’ a roghnú chun rochtain a fháil ar do Dheais Fostóra. Meabhróidh meirge duit do mhodh íocaíochta a shocrú.

Dochar Díreach – Sainordú Digiteach

Is féidir leat Dochar Díreach a shocrú go digiteach, nó an sainordú a líonadh ar pháipéar. Chun an sainordú a shíniú go digiteach, beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Chun Dochar Díreach a shocrú, ní mór gur tusa duine de na sealbhóirí cuntais bainc agus tá an t-údarás agat na sainorduithe Dochair Dhírigh a shíniú. An tusa an sealbhóir cuntais agus an sínitheoir aonair atá riachtanach chun an sainordú a údarú?

Má tá tú údaraithe chun an sainordú a shíniú go digiteach, fiafrófar díot sonraí do chuntais bainc a chur ar fáil, lena n-áirítear:

  • Ainm iomlán (sealbhóir an chuntais bainc)
  • Uimhir UICB an chuntais
  • Uimhir CAB
  • Seoladh shealbhóir an chuntais (roghnach, ach éigeantach má tá seoladh shealbhóir an chuntais lasmuigh den LEE).

Dochar Díreach – Sainordú Páipéir

Mura bhfuil tú údaraithe chun sainordú digiteach Dochair Dhírigh a líonadh, is féidir leat foirm sainordaithe páipéir a íoslódáil, í a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig NAERSA tríd an bpost. Is féidir leat an fhoirm a íoslódáil freisin níos déanaí ó Mo Chiste don Todhchaí MyFutureFund.ie más gá.

Cárta Dochair/ Creidmheasa

Is féidir leat rogha a dhéanamh cárta Dochair/ Creidmheas a roghnú mar do mhodh íocaíochta. Má íocann tú le cárta Dochair/ Creidmheasa, beidh ort d’íocaíochtaí ranníocaíochta a dhéanamh faoi 6.30pm Am Caighdeánach na hÉireann ar dháta íocaíochta d’fhostaithe. Beidh ort sonraí do chárta a chur isteach gach uair a ndéanann tú íocaíocht ranníocaíochta.

Tá tuilleadh eolais maidir le Mo Chiste don Todhchaí ar fáil ag myfuturefund.iewww.gov.ie/ae

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat