Bunaíonn an tAire Calleary NAERSA - An tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú go foirmiúil
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2025
- Céim shuntasach chun tabhairt isteach Mo Chiste don Todhchaí a chinntiú tríd an tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú (NAERSA) a bhunú
- Reáchtálann Bord NAERSA a chéad chruinniú
- Riarfaidh NAERSA Mo Chiste don Todhchaí agus déanfaidh sé an chuid is mó den obair riaracháin a láimhseáil
- Rachaidh Mo Chiste don Todhchaí , an scéim náisiúnta nua coigiltis scoir um chlárú uathoibríoch ar an 1 Eanáir 2026
Inniu bhunaigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, NAERSA - an tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú go foirmiúil.
I mí Lúnasa, d'fhógair an tAire Calleary ceapadh na príomhfhoirne sinsearaí don NAERSA, agus ina measc an POF, an Cathaoirleach agus Comhaltaí an Bhoird. Bhuail an tAire Calleary le Bord nua NAERSA inniu le linn a chéad chruinnithe.
Roimh an gcruinniú, shínigh an tAire ordú um thosach feidhme lena mbunaítear go foirmiúil NAERSA agus feidhm aige ón lá inniu. Céim shuntasach atá i gceist le bunú NAERSA le cinntiú maidir le 750,000 oibrí nach bhfuil siad ag íoc i dtreo pinsin tríd an bpárolla faoi láthair, go mbeidh rochtain acu ar choigiltis scoir agus measúnú cáilíochta déanta orthu ón 1 Eanáir 2026.
Riarfaidh NAERSA an scéim um chlárú uathoibríoch, Mo Chiste don Todhchaí, lena n-éascófar daoine chun airgead a choigilt agus infheistíocht a dhéanamh i dtreo a scoir. Láimhseálfaidh sé formhór riarachán na scéime trí incháilitheacht le haghaidh clárú uathoibríoch a chinneadh agus fostaithe incháilithe a chlárú.
Baileoidh sé gach ranníocaíocht fostaí, fostóra agus Stáit freisin, agus infheisteoidh sé an t-airgead thar ceann na rannpháirtithe. Beidh straitéis infheistíochta réamhshocraithe i bhfeidhm, ach beidh roinnt roghanna infheistíochta malartacha ar fáil dóibh siúd ar mian leo rogha infheistíochta níos gníomhaí a dhéanamh. Leithdháilfidh ÚNUCS aon sochair infheistíochta ar photaí coigiltis na rannpháirtithe ansin. Coinneoidh rannpháirtithe pota coigiltis amháin agus iad ag bogadh ó phost go post – tugtar an cur chuige ‘leanann-an-ciste-an-duine’ air sin.
Feidhmeoidh NAERSA tairseach ar líne le haghaidh fostaithe trí shuíomh gréasáin Mo Chiste don Todhchaí chun roghnú ag fostaithe bheith páirteach nó gan bheith páirteach a láimhseáil, chomh maith le cur ar fionraí ranníocaíochtaí, agus athchlárú. Freisin beidh tairseach thiomanta Mo Chiste don Todhchaí ag fostóirí áit a mbeidh siad in ann breathnú ar a gcuid fostaithe cláraithe, rochtain a fháil ar acmhainní agus a gcuid taifead íocaíochta a sheiceáil.
Ciallaíonn sé sin go léir nach mbeidh mórán le socrú ag fostóirí ó thaobh riaracháin de i gcomparáid le scéim pinsin san áit oibre a bhunú agus a riaradh.
NÍ iarrfar ar fhostóirí, ó mhí na Nollag, go dtí go dtabharfar isteach Mo Chiste don Todhchaí, ach a bpróifíl a chomhlánú ar an tairseach fostóirí agus modh íocaíochta a shocrú le haghaidh ranníocaíochtaí. Is é dochar díreach, an modh ar dócha go n-úsáideann an chuid is mó d'fhostóirí é chun críocha cánach, an rogha is fearr chun cabhrú leo bheith comhlíontach trí bhailiú ranníocaíochtaí in am a éascú. Níor cheart sé go dtógfadh sé seo ach thart ar 10 nóiméad.
Nuair a bheidh sé sin déanta ag fostóirí, freisin beidh orthu fostaithe atá cláraithe a chur ar an eolas faoina ndáta cláraithe agus is féidir é sin a dhéanamh agus úsáid á baint as tacaí ar an tairseach.
Cuirfear sraith de chumarsáid agus thacaí atá dírithe ar fhostóirí ar fáil sna seachtainí atá romhainn. Áireofar leis fógraí, eolaithe agus seimineáir ghréasáin chun é sin go léir a dhéanamh chomh simplí is féidir.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá an-áthas orm inniu NAERSA - An tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú, a bhunú go foirmiúil.
Cloch mhíle thábhachtach í seo sula dtabharfar isteach Mo Chiste don Todhchaí ar an 1 Eanáir 2026.
Is é atá i gceist le Mo Chiste don Todhchaí ná cinntiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar rogha coigiltis scoir ar a mbeidh dearbhú cáilíochta déanta, agus beidh ról ríthábhachtach ag NAERSA sa bheartas cinniúnach seo.
Rud atá tábhachtach ná go láimhseálfaidh NAERSA an chuid is mó den obair riaracháin a ghabhann le Mo Chiste don Todhchaí, rud a mhaolóidh an t-ualach ar fhostóirí agus sholáthraithe párolla. Ní bheidh mórán le déanamh ag fostóirí agus costas an-íseal i gceist dóibh ó thaobh riaracháin.
Beidh ról tábhachtach ag NAERSA freisin sa mhaoirseacht ar Mo Chiste don Todhchaí, go háirithe maidir le cinntiú go gcoinneofar i gcuimhne agus go gcosnófar leasanna gach páirtí leasmhair. Cinnteoidh sé go gcloífear leis an scéim trí fhiosrú a dhéanamh i gcás nach mbailítear ranníocaíochtaí nó go mbailítear ach nach n-íoctar iad, suas go gearradh smachtbhannaí, pionós agus ionchúiseamh áit is gá, agus é sin san áireamh.
Is éard atá i gceist le fógra an lae inniu ná céim mhór eile chun cinn sula dtabharfar isteach Mo Chiste don Todhchaí, a bheidh ina scéim a thionscnóidh bunathrú don tír seo agus a mbainfear an-leas as, go háirithe le haghaidh na nglúnta óga. I ndeireadh na dála, infheistíocht i dtodhchaí ár dtíre atá i gceist le Mo Chiste don Todhchaí agus leis an gcóras um chlárú uathoibríoch.”
Mar ábhar ar leithligh, cuireadh in iúl don Roinn go mbíonn roinnt fostóirí ag rá lena bhfoireann, agus gan an ceart a bheith acu, go gceanglófar orthu páirt a ghlacadh i scéim phinsin atá urraithe ag fostóirí roimh dheireadh 2026, mar thoradh ar athrú ar an reachtaíocht.
D'fhéadfadh gurbh míthuiscint i measc roinnt fostóirí atá i gceist leis seo.
Is mian leis an Roinn a shoiléiriú nach ndearnadh aon athrú ar an reachtaíocht lena gceanglaítear ar oibrí páirt a ghlacadh i scéim phinsin atá urraithe ag fostóir, agus nach bhfuil aon athrú i gceist lena gceanglaítear ar fhostóir a gcuid fostaithe a chlárú i scéim dá leithéid.
Maidir le fostaithe a bhfuiltear ag cur in iúl dóibh nach mór dóibh bheith páirteach i scéim phinsin atá urraithe ag fostóir, ba cheart dóibh a sheiceáil an coinníoll é sin a ghabhann lena gconradh fostaíochta. Murab amhlaidh, moltar dóibh breithniú grinn a dhéanamh ar théarmaí na ballraíochta agus na tairbhí a bhaineann leis an scéim atá urraithe ag fostóir
Go háirithe ba cheart dóibh a sheiceáil an bhfuil téarmaí na scéime níos tairbhiúla dóibh ná na téarmaí a ghabhann le scéim nua Mo Chiste don Todhchaí atá le tosú ón 1 Eanáir.
Meabhraítear d'fhostóirí gur cion é aon ghníomh a ghlacadh lena gcuirtear bac ar fhostaí nó lena ndéantar iarracht bac a chur ar fhostaí páirt a ghlacadh i scéim Mo Chiste don Todhchaí. Maidir le cás ar bith ina gceanglaítear ar fhostaithe go mídhleathach páirt a ghlacadh i scéim phinsin eile sa mhéid is go gcoinnítear ansin iad ó rochtain a fháil ar scéim Mo Chiste don Todhchaí fiosrófar go hiomlán é.
Tá eolas sonrach maidir le Mo Chiste don Todhchaí ar fáil ag www.gov.ie/ae.
Nótaí:
Grianghraif de n fhógra a seoladh ar leithligh ag Maxwell Photogrphy.
POF, Cathaoirleach agus Comhaltaí Boird NAERSA:
POF Dermot Griffin
Bhí Dermot Griffin ina POF ar an gCrannchur Náisiúnta ó 2005 go 2019. Le linn na tréimhse sin, bhí sé freagrach as seirbhísí ar líne a thabhairt isteach agus as an bpróiseas aistrithe rathúil sa Chrannchur Náisiúnta go hoibritheoir ceadúnais phríobháidigh faoi Premier Lotteries Ireland.
Roimh an gCrannchur Náisiúnta, bhí Dermot ina Stiúrthóir Tráchtála ar Vodafone Ireland agus ina bhall de Bhord Vodafone Ireland agus Vodafone Marketing International.
Le déanaí, bhí Dermot Griffin ina POF ar Íocaíochtaí CUSOP a sholáthair seirbhísí íocaíochtaí leictreonacha do Chomhair Chreidmheasa agus is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Údarás Eitlíochta na hÉireann é faoi láthair.
Bhain sé céim Bhaitsiléara Tráchtála amach ó COBÁC, agus cáiligh sé mar Chuntasóir le Cuntasóirí Cairte KPMG.
Cathaoirleach a n Bhoird – Roma Burke
Is Comhpháirtí agus Achtúire Comhairleach í Roma Burke le Lane Clark & Peacock Ireland Teo. Tá breis agus 25 bliain de thaithí aici ag comhairleoireacht iontaobhaithe agus corparáidí maidir le cúrsaí pinsin, le fócas ar rialachas, straitéis agus léargas rialála.
Ba í Roma an t-iar-Chathaoirleach díreach roimhe seo ar an gComhairle Pinsean. Is iar-bhall den Choimisiún um Pinsin í, agus bhí sí i gceannas ar a Fhochoiste Teicniúil. Is iar-Chathaoirleach ar Choiste Pinsean Chumann Achtúirí na hÉireann agus Comhalta Chomhairle an Chumann í Roma. Is iar-Chathaoirleach í ar Choiste Iniúchta agus Riosca Chlann Shíomóin Bhaile Átha Cliath, agus bhí sí ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách ar a Bhord.
Is Stiúrthóir Cairte, Comhalta de Chumann Achtúirí na hÉireann, Comhairleoir Airgeadais Cáilithe í Roma, agus tá MA san Fhisic Theoiriciúil aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá Gradam Éachta ó Chumann Achtúirí na hÉireann aici.
Seo a leanas na Sé Cheapachán chuig an mBord (i dteannta leis an gCathaoirleach):-
- An tOllamh Alan Barrett, Ollamh Taighde (agus Iar-Stiurthóir) san Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta (ESRI) agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Chúram Daoine Scothaosta
- An tUas. Tony Donohoe, iar-Chomhairleoir Beartais Sinsearach ar Phinsin ag IBEC, agus Cathaoirleach ar an Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí
- Ms. Patricia King, iar-Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) agus Cathaoirleach faoi láthair ar Chomhlacht Reachtúil Maoirseachta Seachtraí Óglaigh na hÉireann
- An tUas. Brian Murphy, Cuntasóir Cairte agus iar-Cheann Foirne an Taoisigh
- An Dr Orlaigh Quinn, iar-Ard-Rúnaí na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus Cathaoirleach Choiste Rialaithe Ionad CONNECT Thaighde Éireann faoi láthair
- Ms. Mary Walsh, iar-chomhpháirtí ag PwC, agus iar-stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar an mBanc Ceannais, ar an GBCN, agus ar an mBord Pinsean
Áirítear le príomhghnéithe Mo Chiste don Todhchaí :
Cur i bhfeidhm céimnithe
Déanfar gach fostaí nach bhfuil i scéim pinsin ceirde cheana féin, idir 23 agus 60 bliain d’aois agus a thuilleann os cionn €20,000 thar a gcuid fostaíochta go léir, a chlárú go huathoibríoch.
Agus na chéad chlárúcháin le tarlú ag deireadh na bliana seo, tabharfar isteach go céimnitheach agus diaidh ar ndiaidh Mo Chiste don Todhchaí i gcaitheamh deich mbliana agus ranníocaíochtaí fostóra agus fostaí ag tosú ag 1.5% agus le méadú gach trí bliana faoi 1.5% go dtí go sroichfidh siad 6% sa deireadh faoi Bhliain 10 (2034). Leis an gcéimniú isteach seasta sin beidh am ag fostóirí agus fostaithe araon dul i dtaithí ar an gcóras nua.
Tacaí coigiltis
Déanfaidh fostóirí ranníocaíochtaí meaitseála leis na ranníocaíochtaí sin a dhéanann fostaithe suas go €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid. Aithníonn sé seo an luach a ghnóthaíonn fostóirí trí sheasmhacht bhreise a bheith ag a bhfostaithe le linn dóibh a bheith ar scor agus cabhraíonn sé le fostaithe leis an gcostas a bhaineann le coigilteas pinsin a charnadh.
Cuirfidh an Stát breisiú €1 ar fáil le ranníocaíochtaí freisin in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh an fostaí, suas go dtí €80,000 de thuilleamh ar an uasmhéid. Tá sé seo sa bhreis ar an €3 a thabharfaidh an fostóir freisin.
Ciallaíonn sé sin, in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh fostaí, go gcuirfidh a f(h)ostóir agus an Stát €4 sa bhreis ina bpota coigiltis scoir – is é sin le rá go méadóidh gach ranníocaíocht €3 ó fhostaí go €7 go huathoibríoch sula n-infheisteofar é.
Leis na ranníocaíochtaí fostóra agus Stáit sin tabharfar dreasacht do dhaoine fanacht i Mo Chiste don Todhchaí agus laghdófar an costas do dhaoine aonair a bheidh i gceist le coigilt le haghaidh scoir.
Rogha
Beidh an córas deonach ach oibreoidh sé ar bhonn ‘rogha gan a bheith páirteach’ seachas ‘rogha a bheith páirteach’.
Déanfar fostaithe incháilithe a rollú go huathoibríoch/‘a roghnú a bheith páirteach’, ach, tar éis rannpháirtíochta ar feadh sé mhí, beidh an rogha acu gan a bheith páirteach a thuilleadh nó a rannpháirtíocht a chur ar fionraí.
Beidh rogha de cheithre straitéis coigiltis scoir ag fostaithe.
Beidh próifílí riosca/toraidh éagsúla ag trí straitéis. Ina theannta sin, cuirfear straitéis réamhshocraithe ar fáil bunaithe ar a dtugtar próifíl infheistíochta ‘stíle maireachtála’/‘saolré’.
Daoine nach gcuireann in iúl gur fearr leo aon straitéis, clárófar iad sa straitéis réamhshocraithe.
Simplíocht
Tá costais agus ualaí riaracháin le coinneáil chomh híseal agus is féidir d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon trí bhunú NAERSA chun an córas a riar.
Ní bheidh ar fhostóirí infheistíocht a dhéanamh i mbunú ná soláthar scéime ceirde le haghaidh a ngnólachta féin. Ní bheidh orthu ach asbhaintí párolla a éascú.
Rud atá tábhachtach maidir le daoine a bheidh ag aistriú post ná nach mbeidh athrú a scéim phinsin a athrú ná páirt a ghlacadh i scéim nua. Beidh siad ina mbaill fós de Mo Chiste don Todhchaí ar bhonn 'gabhann an pota leis an mball'. Ina theannta sin, i gcás daoine a bhfuil fostaíocht i bpost éagsúla i gceist acu déanfar a gcuid coigilteas pinsin a chomhdhlúthú in aon phota pinsean amháin'.
Soláthrófar seirbhísí agus tacófar leo trí chainéal ar líne atá éasca le húsáid ina bhfeicfidh na rannpháirtithe a gcuid cistí coigiltis ag fás go tapa agus go substaintiúil.