Mo Chiste don Todhchaí
- Foilsithe: 13 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2026
- Seoladh Mo Chiste don Todhchaí
- Tosaíonn bailiú ranníocaíochtaí do bhreis is 760,000 fostaí
- Tá tairseach na rannpháirtithe oscailte anois
- Ráta an-ard clárúcháin fostóra go dtí seo
- Tá am fós ag fostóirí neamhchomhlíonadh a sheachaint
Tá sé anseo!
Tá Mo Chiste don Todhchaí seolta go hoifigiúil anois agus tosóidh An tÚdarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir (NAERSA) ag bailiú ranníocaíochtaí ón lá inniu.
Is lá suntasach é seo, ní hamháin do phinsin, ach freisin chun slándáil airgeadais níos fearr a chinntiú d’fhostaithe ar fud na hÉireann. Ráthaíonn Mo Chiste don Todhchaí rochtain ar scéim choigiltis scoir atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de do bhreis is 760,000 fostaí nach bhfuil ag cur go gníomhach le pinsean cáilitheach nó le Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta trí phárolla faoi láthair. Le himeacht ama, meastar go bhfásfaidh sé sin go dtí na milliúin fostaithe.
Is furasta d’fhostaithe agus d’fhostóirí idirghníomhú le Mo Chiste don Todhchaí. I mbeagán focal, tá NAERSA ag tabhairt aire do gach riarachán a bhaineann le rannpháirtithe a chlárú, ranníocaíochtaí a bhailiú, cistí a bhainistiú agus a infheistiú, agus seirbhísí do chustaiméirí a sholáthar. Agus cuirfear seo ar fad ar fáil ar tháillí riaracháin agus bainistíochta infheistíochta atá thar a bheith íseal.
Beidh níos mó airgid le caitheamh ag fostaithe atá cláraithe i Mo Chiste don Todhchaí agus iad ar scor ná mar a bheadh acu murach sin. Ciallaíonn sé seo, dá thoradh sin, go mbeidh caighdeán maireachtála feabhsaithe acu nuair a rachaidh siad ar scor, agus go mbeidh níos mó airgid ar fáil sa tsochaí, rud a chabhróidh le fostaithe, gnólachtaí agus leis an ngeilleagar.
Dúirt an tAire Dara Calleary,
“Tá Mo Chiste don Todhchaí réabhlóideach amach is amach i dtéarmaí pinsean d’Éirinn, agus d’oibrithe na hÉireann. Ciallaíonn Mo Chiste don Todhchaí é sin go díreach do na rannpháirtithe – is scéim choigiltis scoir í atá dírithe ar fhostaithe, ina bhfuil a bhfostóirí agus an Stát rannpháirteach chomh maith. Is maoin phearsanta gach rannpháirtí na coigiltis, mar sin is leis na rannpháirtithe agus ní le haon duine eile gach a shábháiltear, móide na torthaí infheistíochta go léir a ghineann sé.
Tá áthas an domhain orm a bheith in ann Mo Chiste don Todhchaí a sheoladh ar bhonn oifigiúil. Is é seo buaicphointe blianta fada oibre crua, agus is féidir le gach duine atá páirteach ann a bheith bródúil as. Rachaidh Mo Chiste don Todhchaí chun leasa na milliúin daoine atá ag obair go dian sna blianta agus sna glúnta amach romhainn, rud a chinnteoidh go mbeidh níos mó airgid acu agus iad ar scor ná mar a bheadh acu murach sin.
I gcás fostóirí, ciallaíonn sé dhá rud, ar an gcéad dul síos, is féidir leo aire a thabhairt dá bhfostaithe gan scéim pinsin a bhunú agus a riar. Déanfaidh NAERSA an obair mhór ar fad a bhaineann le riarachán. Agus ar an dara dul síos, is féidir leo a n-acmhainn iomaíochta a fheabhsú i margadh saothair atá ag éirí níos cúinge agus níos idirnáisiúnta.
Athróidh Mo Chiste don Todhchaí an chaoi a bhféachtar ar choigilteas scoir in Éirinn. Is dul chun cinn an-dearfach í seo d’fhostaithe agus don tír féin.”
Tairseach na rannpháirtithe ar oscailt
Tá tairseach rannpháirtithe Mo Chiste don Todhchaí ar oscailt anois freisin.
Ligeann an tairseach do gach rannpháirtí rochtain a fháil ar a gcuntas, ag baint úsáid as MyGovID fíoraithe, áit a mbeidh siad in ann na ranníocaíochtaí atá déanta acu, na ranníocaíochtaí atá déanta ag a bhfostóir, na breisithe airgid arna soláthar ag an Stát, agus an toradh atá faighte acu ó infheistíocht na ranníocaíochtaí sin a fheiceáil. Cé go mbeidh siad seo beag ag an tús, fásfaidh siad go suntasach le himeacht ama – mar sin is féidir le gach rannpháirtí a bheith ag súil le leibhéil shuntasacha coigiltis a fheiceáil ag carnadh dá scoir. Chun bailiú, próiseáil, comhthiomsú, leithdháileadh agus infheistíocht ranníocaíochtaí a cheadú, d’fhéadfadh sé suas le 10 lá oibre a thógáil sula mbeadh faisnéis faoi ranníocaíochtaí le feiceáil ar thairseach na bhfostaithe.
Ina theannta sin, ligeann an tairseach do gach rannpháirtí a rannpháirtíocht sa scéim a bhainistiú más mian leo. Cuideoidh sé leo rogha an diúltaithe a dhéanamh ag amanna ar leith, nó a rannpháirtíocht a chur ar fionraí ar feadh tréimhse, nó an straitéis infheistíochta dá gciste a athrú. Chomh maith leis sin, ceadóidh sé do dhaoine nach bhfuil cláraithe go huathoibríoch (e.g., iad siúd atá faoi bhun 23 bliana d’aois nó os cionn 60 bliain d’aois nó a thuilleann níos lú ná €5,000 i dtréimhse 13 seachtaine) rogha a dhéanamh a bheith páirteach dá ndeoin féin mura bhfuil siad ag cur le socrú pinsin malartach atá díolmhaithe cheana féin.
Ag labhairt dó faoi sheoladh thairseach na rannpháirtithe, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm go bhfuil tairseach na rannpháirtithe curtha ar fáil againn do gach fostaí anois.
Tá sé déanta againn chomh héasca agus is féidir d’fhostaithe logáil isteach sa tairseach seo, agus ag an am céanna slándáil a gcuid sonraí agus a bpríobháideachta á chinntiú againn. Ní gá d’fhostaí ach logáil isteach ag baint úsáid as an MyGovID fíoraithe céanna a úsáideann siad cheana féin le haghaidh go leor seirbhísí poiblí eile amhail iad siúd ó na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Ceadúnais Tiomána, etc., mar sin níl aon ainm úsáideora ná pasfhocal nua i gceist le cuimhneamh air.
Agus nuair a bheidh siad logáilte isteach beidh siad in ann sonraí uile a gcuntais a fheiceáil go héasca, amhail leibhéal na ranníocaíochtaí atá á ndéanamh agus cé a rinne iad agus leibhéal na dtorthaí infheistíochta atá á mbaint amach acu. Beidh siad in ann a rannpháirtíocht sa scéim agus a gcuntas a bhainistiú freisin de réir a roghanna nó a gcúinsí féin.”
Céard atá i gceist d’fhostaithe
Ag breathnú ar shampla d’fhostaí 25 bliain d’aois atá ag obair go lánaimseartha ar an íosphá, beidh siad ag tuilleamh €29,432 comhlán in aghaidh na bliana. Tosóidh siad trí 1.5% dá bpá comhlán, arb ionann é agus €8.49, a chur leis gach seachtain. Déanfaidh a bhfostóir an méid seo a mheaitseáil agus cuirfidh an Stát €2.83 breise leis, rud a fhágann go mbeidh ranníocaíocht iomlán de €19.81 gach seachtain mar thoradh air. Tar éis asbhaint an táille riaracháin de 55 cent, rachaidh €19.26 díreach isteach i gcuntas an rannpháirtí le hinfheistiú. Ciallaíonn sé sin go n-iompóidh ranníocaíocht €8.49 ón bhfostaí isteach ina €19.26 fiú sula ndéantar í a infheistiú.
Le linn bliana, beidh €441.48 curtha isteach ag an bhfostaí seo i leith a chuntais choigiltis scoir Mo Chiste don Todhchaí, ach beidh an cuntas tar éis fás go huathoibríoch go €1,001.52 fiú sula gcuirtear torthaí infheistíochta leis.
Tá am fós ag fostóirí clárú
Tá formhór mór na bhfostóirí a bhfuil foireann incháilithe acu (thart ar 85,000) tar éis glacadh le Mo Chiste don Todhchaí agus tá siad cláraithe cheana féin ar thairseach an fhostóra.
Dóibh siúd nach bhfuil cláraithe, tá am acu é sin a dhéanamh go fóill.
Níl aon bhuntáiste ag baint le moill a chur ar chlárú mar go mbeidh ranníocaíochtaí dlite ó chéad phárollaí 2026 beag beann ar cibé an bhfuil an fostóir cláraithe nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, mura gcláraíonn fostóir, tiocfaidh fiacha dlíthiúla air agus tá an baol ann go dtiocfadh an fostóir faoi réir beart comhlíonta ag NAERSA, lena n-áirítear pionóis, fíneálacha agus ionchúiseamh.
Tá clárú an-tapa agus éasca – mar is léir ón líon mór atá tar éis an próiseas a chríochnú cheana féin. Logálann fostóirí isteach ag baint úsáid as a ndintiúir ROS (sonraí logála isteach Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim). Tar éis dóibh glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha, soláthraíonn siad roinnt faisnéise simplí faoina ngnó, sonraí teagmhála ábhartha, agus an modh íocaíochta is fearr leo (dochar díreach nó cárta). Is féidir le haon fhostóir a úsáideann gníomhaire de ghnáth chun a ngnóthaí cánach a láimhseáil an rud céanna a dhéanamh do Mo Chiste don Todhchaí. Ba chóir d’fhostóirí seiceáil lena ngníomhairí anois chun a chinntiú go gcláraíonn siad ar a son.
Moltar d’aon fhostóir atá neamhchinnte faoina n-oibleagáidí teagmháil a dhéanamh go díreach le NAERSA ar 01 568 9555 nó trí scríobh chuig Mo Chiste don Todhchaí, Céide TCS, Páirc Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 W8CY.
NÓTAÍ d’EAGARTHÓIRÍ
- Beidh tréimhse ama ann idir an uair a fheicfidh fostaithe ranníocaíochtaí á n‑asbhaint trína nduillín pá agus an uair a fheicfidh siad iad ina gcuntas i dtairseach rannpháirtithe Mo Chiste don Todhchaí. Tá an t-am seo ag teastáil chun go mbaileofar na híocaíochtaí ranníocaíochta ó na bainc, go bpróiseálfar iad, go gcomhthiomsófar iad agus go leithdháilfear iad go cuí ar na bainisteoirí infheistíochta. Mura bhfeiceann fostaí na ranníocaíochtaí fós ina gcuntas Mo Chiste don Todhchaí tar éis 10 lá gnó óna lá pá, moltar dóibh teagmháil a dhéanamh le NAERSA.
- Tá ríomhanna na bhfostaithe sa sampla a chuirtear ar fáil bunaithe ar fhostaí ar an Íosphá nua de €14.15 san uair ag obair 40 uair an chloig sa tseachtain thar thréimhse 52 seachtaine.
- Tá cur síos ginearálta ar Mo Chiste don Todhchaí san áireamh thíos.
- Tá treoir mhionsonraithe maidir le clárú fostóra san áireamh thíos freisin.
Tuairisceoir Mo Chiste don Todhchaí
Forléargas
Is tionscnamh suntasach é Mo Chiste don Todhchaí, an córas coigiltis scoir clárú-uathoibríoch, a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le breis is 760,000 oibrí in Éirinn nach bhfuil rochtain acu faoi láthair ar phinsean oibre nó pearsanta, atá á n-íoc trí phárolla, chun tús a chur le hairgead a choigilt dá dtodhchaí. Tá bunús reachtúil ag tacú le Mo Chiste don Todhchaí faoin Acht um Chóras Uathrollaithe Coigiltis Scoir, 2024.
Ón 1 Eanáir 2026, beidh rochtain ag fostaithe in Éirinn a chomhlíonann na critéir incháilitheachta ar scéim coigiltis scoir a bhfuil a n-incháilíocht dearbhaithe.
Riarachán
Tá Mo Chiste don Todhchaí deartha chun a chinntiú go mbeidh an córas simplí. Beidh formhór na hoibre riaracháin á dhéanamh go lárnach ag comhlacht nua atá bunaithe ar a dtugtar An tÚdarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir (NAERSA). Beidh NAERSA ag feidhmiú mar riarthóir Mo Chiste don Todhchaí agus beidh sé freagrach as:
- fostaithe incháilithe a aithint agus a chlárú
- iarratais roghnacha, rogha an diúltaithe agus fionraí a láimhseáil
- ranníocaíochtaí a bhailiú agus a infheistiú
- comhlíonadh na reachtaíochta a fhorfheidhmiú.
Éascóidh NAERSA tairseacha ar líne fostóra agus rannpháirtí agus soláthróidh sé ionad teagmhála do chustaiméirí chun cabhrú le fiosrúcháin.
Buntáistí fostóra
Tá roinnt buntáistí d’fhostóirí ag baint le Mo Chiste don Todhchaí. Ar an gcéad dul síos, tá Mo Chiste don Todhchaí deartha chun an obair riaracháin a bhaineann le pinsin atá le déanamh ag fostóirí a choinneáil chomh híseal agus is féidir de bhrí go ndéileálfaidh NAERSA le formhór na hoibre seo. Ciallaíonn sé sin gur rogha níos simplí é Mo Chiste don Todhchaí d’fhostóirí i gcomparáid le scéim pinsin gairme a sholáthar agus a riar.
- Tá rátaí ranníocaíochta á gcéimniú de réir a chéile sa chéad deich mbliana den scéim chun deis a thabhairt d’fhostóirí díriú ar chúrsaí buiséid.
- Ní ghearrfaidh NAERSA táille ar fhostóirí chun an obair riaracháin seo a chur i gcrích. Seachas sin, beidh NAERSA á mhaoiniú trí tháille rannpháirtí.
- Ciallóidh Mo Chiste don Todhchaí go mbeidh sé níos éasca d’fhostóirí a chinntiú go mbeidh soláthar airgeadais níos fearr ag a bhfostaithe dá scor, agus go bhféadfadh siad a mealltacht féin mar rogha fostóra a fheabhsú agus rátaí coinneála oibrithe luachmhara i margadh saothair iomaíoch a fheabhsú.
Buntáistí d’fhostaithe
Cuirfidh Mo Chiste don Todhchaí rochtain ar fáil ar scéim choigiltis scoir atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de do bhreis is 760,000 fostaí nach mbeadh clúdach pinsin acu lasmuigh den Phinsean Stáit murach sin. Déileálfar le rollú ball foirne incháilithe go huathoibríoch, rud a chiallaíonn nach gá d’fhostaithe aon rud a dhéanamh chun tús a chur le hairgead a choigilt dá scor.
- Ráthaíonn Mo Chiste don Todhchaí ranníocaíochtaí meaitseála fostóra mar aon le breisiú a íoctar ag ráta €1 do gach €3 a íocann an fostaí.
- Tá na táillí agus na muirir don scéim an-íseal agus tá siad soiléir agus trédhearcach
- De bhrí go mbíonn na rannpháirtithe uile páirteach i straitéis infheistíochta réamhshocraithe atá á feidhmiú ar bhonn saolré e.g., riosca infheistíochta laghdaitheach de réir mar a bhíonn rannpháirtí ag dul níos gaire don aois scoir, ní gá cinntí airgeadais casta a dhéanamh chun ciste coigiltis scoir maith a fháil.
- Glacfar leis na coigiltis ar fad mar mhaoin phearsanta an rannpháirtí. Níl aon tréimhse dhílsithe ann, rud a chiallaíonn gur leis an rannpháirtí iad na ranníocaíochtaí a luaithe a fhaigheann NAERSA iad.
D’fhéadfadh tréimhse ama a bheith ann idir an uair a fheicfidh fostaithe ranníocaíochtaí á n-asbhaint trína nduillín pá agus an uair a fheicfidh siad iad ina gcuntas i dtairseach rannpháirtithe Mo Chiste don Todhchaí. Tá sé seo ann ionas go bhféadfar na híocaíochtaí ranníocaíochta a bhailiú ó bhainc, a phróiseáil, a chomhthiomsú agus a leithdháileadh go cuí ar na bainisteoirí infheistíochta. Mura bhfeiceann fostaí na ranníocaíochtaí fós ina gcuntas Mo Chiste don Todhchaí tar éis 10 lá gnó óna lá pá, moltar dóibh teagmháil a dhéanamh le NAERSA.
Ranníocaíochtaí
Tosófar ag bailiú ranníocaíochtaí ón 1 Eanáir. Baileoidh NAERSA na ranníocaíochtaí fostóra agus fostaí ón bhfostóir agus an breisiú Stáit ina n-aonar. Ríomhtar ranníocaíochtaí bunaithe ar phá comhlán a thuairiscítear do na Coimisinéirí Ioncaim agus baintear iad ón nglanphá i ndiaidh asbhaintí.
Tá na rátaí ranníocaíochta sonraithe sa tábla thíos:
Teagmhálaithe agus Tuilleadh Eolais
Tá tuilleadh eolais maidir le Mo Chiste don Todhchaí ar fáil ag myfuturefund.ie nó www.gov.ie/ae
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hionad teagmhála d’fhostóirí agus d’fhostaithe Mo Chiste don Todhchaí ag an uimhir 01 568 9555.
Nó, is féidir leat scríobh chuig NAERSA ag Mo Chiste don Todhchaí, Céide TCS, Páirc Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 W8CY.
Treoir Céim ar Chéim d’Fhostóirí maidir leis an Tairseach Fostóra ar MyFutureFund.ie
Chun tús a chur le do chlárú, is féidir leat dul chuig myfuturefund.ie/employer agus logáil isteach ar an tairseach fostóra trí úsáid a bhaint as do theastas ROS. Nuair a bhíonn tú logáilte isteach, tá trí chéim thapa le cur i gcrích chun clárú mar fhostóir: athbhreithnigh na téarmaí agus coinníollacha, líon isteach próifíl do chuideachta, agus socraigh do mhodh íocaíochta.
- Athbhreithnigh Téarmaí agus Coinníollacha
Breathnóidh tú ar agus comhaontóidh tú le Téarmaí Úsáide agus Polasaí Príobháideachais Mo Chiste don Todhchaí. Baineann siad seo leis an úsáid a bhaintear as an tairseach fostóra ar líne.
- Líon Próifíl do Chuideachta
Chun próifíl do chuideachta a líonadh, beidh ort sonraí do chuideachta a chur ar fáil ar dtús. San áireamh tá:
- Ainm na cuideachta
- Ainm trádála na cuideachta (roghnach)
- Earnáil ghnó (ó liosta anuas)
- Líon fostaithe (roghnaigh ón raon uimhriúil)
- Rogha teanga cumarsáide (Béarla nó Gaeilge)
- Modh cumarsáide (Leictreonach nó páipéar)
- Seoladh na cuideachta
Ar an dara dul síos, cuirfidh tú teagmhálaí cuideachta leis. San áireamh tá:
- Céadainm
- Lárainm (roghnach)
- Sloinne
- Uimhir theileafóin
- Seoladh ríomhphoist
Seolfaidh Mo Chiste don Todhchaí fógra chugat ag an seoladh ríomhphoist a chuireann tú ar fáil gach uair a bhfuil teachtaireacht nua agat i do Bhosca Ríomhphoist Slán ar an tairseach fostóra.
- Socraigh modh íocaíochta
Socróidh tú modh íocaíochta chun íocaíochtaí ranníocaíochta a dhéanamh le Mo Chiste don Todhchaí. Tá dhá phríomh-mhodh ann chun é sin a dhéanamh: Dochar Díreach athraitheach, agus cárta Dochair/ Creidmheasa.
Moltar Dochar Díreach athraitheach a bhunú, de bhrí go mbeidh íocaíochtaí ranníocaíochta á mbailiú go huathoibríoch duit ar nó go gairid i ndiaidh dháta íocaíochta d’fhostaithe. Ciallaíonn sé sin gurb é Dochar Díreach an bealach is áisiúla agus is iontaofa chun íocaíocht a dhéanamh, de bhrí nach mbeidh ort d’íocaíochtaí a eagrú go díreach.
Mura bhfuil tú réidh chun do mhodh íocaíochta a shocrú, féadfaidh tú ‘Gabh thar faoi láthair’ a roghnú chun rochtain a fháil ar do Dheais Fostóra. Meabhróidh meirge duit do mhodh íocaíochta a shocrú.
Dochar Díreach – Sainordú Digiteach
Is féidir leat Dochar Díreach a shocrú go digiteach nó an sainordú a líonadh ar pháipéar. Chun an sainordú a shíniú go digiteach, beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Chun Dochar Díreach a shocrú, ní mór gur tusa duine de na sealbhóirí cuntais bainc agus tá an t-údarás agat na sainorduithe Dochair Dhírigh a shíniú. An tusa an sealbhóir cuntais agus an sínitheoir aonair atá riachtanach chun an sainordú a údarú?
Má tá tú údaraithe chun an sainordú a shíniú go digiteach, fiafrófar díot sonraí do chuntais bainc a chur ar fáil, lena n-áirítear:
- Ainm iomlán (sealbhóir an chuntais bainc)
- Uimhir UICB an chuntais
- Uimhir CAB
- Seoladh shealbhóir an chuntais (roghnach, ach éigeantach má tá seoladh shealbhóir an chuntais lasmuigh den LEE).
Dochar Díreach – Sainordú Páipéir
Mura bhfuil tú údaraithe chun sainordú digiteach Dochair Dhírigh a líonadh, is féidir leat foirm sainordaithe páipéir a íoslódáil, í a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig NAERSA tríd an bpost. Is féidir leat an fhoirm a íoslódáil freisin níos déanaí ó Mo Chiste don Todhchaí MyFutureFund.ie más gá.
Cárta Dochair/ Creidmheasa
Is féidir leat rogha a dhéanamh cárta Dochair/ Creidmheas a roghnú mar do mhodh íocaíochta. Má íocann tú le cárta Dochair/ Creidmheasa, beidh ort d’íocaíochtaí ranníocaíochta a dhéanamh faoi 6.30pm Am Caighdeánach na hÉireann ar dháta íocaíochta d’fhostaithe. Beidh ort sonraí do chárta a chur isteach gach uair a ndéanann tú íocaíocht ranníocaíochta.