Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Mo Chiste don Todhchaí Uasdátú d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe

Mar chuid de Bhuiséad 2026 tá €154m curtha ar leataobh ag an Rialtas chun a ranníocaíochtaí sa choigilteas scoir oibrithe a chumhdach faoin scéim nua Mo Chiste don Todhchaí.

Ón 1 Eanáir clárófar fostaithe atá níos sine ná 22 agus a bhíonn ag tuilleamh méid arb ionann é agus, nó atá níos mó ná, €20,000 in aghaidh na bliana agus nach mbíonn ag ranníoc isteach cheana féin i scéim choigiltis scoir trína bpárolla, sa scéim choigiltis scoir nua Mo Chiste don Todhchaí a ndéanann an stát urraíocht uirthi.

Faoin scéim, ranníocfaidh fostaithe 1.5% dá n-ollioncam isteach i gciste coigiltis scoir pearsanta, beidh oibleagáid ar fhostóirí an méid céanna a ranníoc agus íocfaidh an Stát ranníoc 0.5% freisin. Thar thréimhse 10 mbliana méadófar na rátaí ranníocaíochta go dtí 6% ón bhfostaí agus ón bhfostóir agus go dtí 2% ón Stát.

Go praiticiúil, is í is brí leis sin ná go gcuirfidh an fostóir €3, agus an Stát €1 sa bhreis, le gach €3 a chuireann oibrí i dtaisce, rud a chruthaíodh coigilteas de €7 mar thoradh ar ranníocaíocht €3 an fostaithe. Ansin, is féidir leis an bhfostaí ceann amháin de thrí chiste infheistíochta – ardriosca, riosca measartha nó íseal-riosca – a roghnú chun an coigilteas sin a infheistiú ann. Beidh an coigilteas carntha móide an brabús ar an infheistíocht ar fáil ansin don fhostaí nuair a bhainfidh siad aois an phinsin amach, rud a chabhróidh leo a n-ioncam scoir a mhéadú.

Is féidir le fostaí nach teastaíonn uaidh/uaithi gan a bheith páirteach sa scéim Mo Chiste don Todhchaí roghnú gan a bheith páirteach tar éis sé mhí agus cuirfear a gcuid ranníocaíochtaí pearsanta ar ais chucu. Nuair a leanfaidh siad ar aghaidh léi, féadfaidh siad roghnú ranníocaíochtaí a chur ar fionraí tráth ar bith, agus ina leithéid de chás fanfaidh na ranníocaíochtaí a rinneadh cheana féin infheistithe sa chiste. Is féidir leo a gcuid ranníocaíochtaí a atosú tráth ar bith.

Is gné lárnach na scéime Mo Chiste don Todhchaí ná go bhfuil sí pearsanta don fhostaí agus nach bhfuil sí nasctha le haon scéim a ndéanann an fostóir urraíocht uirthi – faoin gcur chuige ‘leanann an pota an ball’ aistríonn a gcuid coigiltis scoir leo go huathoibríoch de réir agus a aistríonn siad go post nua gan gá le bheith imníoch faoi dul isteach i scéim nua nó ceann éagsúil, faoi luachanna aistrithe, faoi bhearnaí i dtréimhsí coigiltis nó faoi tháillí aistrithe.

Ó thaobh an fostóra de, déanfar an scéim Mo Chiste don Todhchaí a chomhtháthú go huile agus go hiomlán le córais phárolla, le rannaíocaíochtaí á n-asbhaint go huathoibríoch. Ní gá le scéim a bhunú ar a gcuntas féin, le dul i mbun plé le comhairleoirí pinsin, le hiontaobhaithe a cheapadh, lena gcuid fostaithe a chlárú nó le haon táille riaracháin fhostóra a íoc. Ina theannta sin, leanfaidh daoine nua a fostófar atá rannpháirteach sa scéim cheana féin Mo Chiste don Todhchaí nuair a earcófar iad, de bheith ina rannpháirtithe i Mo Chiste don Todhchaí.

Déanfaidh gníomhaireacht Stáit nua atá bunaithe i Leitir Ceanainn, an tÚdarás Náisiúnta um Choigilteas Scoir Uathchláraithe, an riarachán go léir a bhainistiú.

Chun treoir agus faisnéis a sholáthar d’fhostóirí, reáchtáil an Roinn Coimirce Sóisialaí líon mór seimineár gréasáin faisnéise saor in aisce cheana féin ar fhreastal na mílte fostóirí orthu. Is féidir le fostóirí nár fhreastal cheana féin clárú go fóill - beidh na chéad seimineáir ghréasáin eile ar siúl ar an 5/6 Samhain le clárúchán ar fáil ag Mo Chiste don Todhchaí - Ticéid an 5 Samhain, Dé Céadaoin an 5 Samhain 2025 ag 14:00 | EventbriteMo Chiste don Todhchaí - Ticéid an 6 Samhain, Dé Déardaoin an 6 Samhain 2025 a 14:00 | Eventbrite

Cuireadh an Roinn ar an eolas go bhféadfaí go raibh eolas mícheart á scaipeadh, go bhféadfaí go raibh fostóirí ag cur in iúl dá bhfoirne, de bharr ar athrú sa reachtaíocht, nár mhór dóibh anois dul i scéim phinsin a ndéanann an fostóir urraíocht uirthi roimh dheireadh 2026.

Féadfaidh sé gur amhlaidh an cás de dheasca míthuiscint ó thaobh roinnt fostóirí de, nach raibh an deis acu go fóill freastal ar sheimineár gréasáin faisnéise.

Dá réir sin, is mian leis an Roinn a shoiléiriú nach bhfuil aon athrú tagtha ar an reachtaíocht, agus nach bhfuil aon athrú beartaithe lena leagfaí oibleagáid ar oibrí dul i scéim phinsin a ndéanann fostóir urraíocht uirthi, agus nach bhfuil aon athrú lena leagfaí oibleagáid ar fhostóir a gcuid fostaithe a chlárú i scéim den chineál sin.

Is ceart d’fhostaithe a gcuirtear comhairle orthu gur gá dóibh dul i scéim phinsin a ndéanann fostóir urraíocht uirthi a dheimhniú más coinníoll é sin atá mar chuid dá gconartha fostaíochta. Mura bhfuil, moltar dóibh téarmaí na ballraíochta agus na tairbhí a bhaineann le scéim a ndéanann fostóir urraíocht uirthi a mheas go cúramach.

Go háirithe, is ceart dóibh a dheimhniú má tá téarmaí na scéime níos tairbhí dóibh ná iad siúd na scéime Mo Chiste don Todhchaí atá beartaithe le tosú ón 1 Eanáir.

Meabhraítear d’fhostóirí gur cion é, faoi réir pionós lena n-áirítear fíneálacha agus príosúnacht, aon bheart a dhéanamh lena gcuirtear bac, nó lena ndéantar iarracht bac a chur, ar fhostaí a bheith rannpháirteach sa scéim Mo Chiste don Todhchaí.

Tá faisnéis mhionsonraithe maidir le Mo Chiste don Todhchaí ar fáil ag www.gov.ie/ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat