English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Dara Calleary le fios go mbeidh an Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil do na sealbhóirí tí a ndearnadh Stoirm Éowyn difear dóibh

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Dara Calleary go mbeidh an Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil chun tacaíocht a chuir ar fáil dóibh siúd atá ag cur fúthu i réadmhaoin a ndearnadh Stoirm Éowyn difear díreach dóibh.

Cuireann an Scéim um Chúnamh Daonnúil cosc ar chruatan trí thacaíocht airgeadais atá tástáilte ó thaobh ioncaim de a chur ar fáil do dhaoine a ndearnadh damáiste dá dtithe de dheasca tuilte agus teagmhais drochaimsire agus nach bhfuil in ann costais a íoc le haghaidh riachtanais riachtanacha, earraí tí agus deisiú struchtúrach.

Glacann an roinn cur chuige a bhfuil trí chéim ag baint leis, chuici féin, agus í ag tabhairt aghaidhe ar imeachtaí éigeandála, mar seo a leanas:

  • Soláthraíonn Céim 1 íocaíochtaí tacaíochta éigeandála bia, éadaí agus earraí pearsanta díreach i ndiaidh na heachtra
  • Is éard atá i gceist le Céim 2 ná earraí bána, earraí troscáin bunúsacha agus earraí tí riachtanacha eile a chur ar fáil in ionad na gceann a cailleadh
  • Is í Céim 3 ná tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí a theastaíonn a aithint, lena n-áirítear plástráil, líneáil thirim, athchur urlár, athshreangú leictreach agus péinteáil

Más gá d’aon úinéir tí atá buailte ag drochaimsir rochtain a fháil ar na tacaíochtaí seo, tá sonraí teagmhála éigeandála na Seirbhíse Leasa Pobail ar fáil anseo: Item was unpublished or removed


Nótaí:

Sonraí teagmhála éigeandála Seirbhísí Leasa Pobail i gcaitheamh an deiridh seachtaine seo.

Sa chás go dtarlódh éigeandáil mhór (damáiste do réadmhaoin ó adhaimsir) mar gheall ar Stoirm Éowyn ar na laethanta a mbíonn ár nOifigí Intreo/ Brainse dúnta, tá sonraí thíos faoi conas is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Seirbhísí Leasa Pobail.

Beidh ár n-oifigí agus ár líne ghutháin saincheaptha Seirbhísí Leasa Poiblí (0818 60 70 80) ar oscailt Dé hAoine 24 Eanáir agus arís Dé Luain 27 Eanáir ag 9.15am.

Glaoigh ar 087 2895001 ó 10am go 4.30pm Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh (is le haghaidh éigeandálaí atá bainteach leis an Scéim um Chúnamh Daonnúil amháin an líne fóin seo).

Taobh amuigh de na huaireanta seo seol ríomhphost le do thoil chuig DNCWS@welfare.ie

Déantar monatóireacht ar gach ríomhphost.

Tá tuilleadh faisnéise faoin Scéim Cúnaimh Dhaonnúil ar fáil ag:

[external-link gov.ie - Scéim Cúnaimh Dhaonnúil (www.gov.ie) | gov.ie - Scéim Cúnaimh Dhaonnúil (www.gov.ie)]