Taifead Bás a Tharlaíonn i dTír Eachtrach
- Foilsithe: 4 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 14 Feabhra 2023
- Cad é Taifead na mBásanna a tharlaíonn i dTír Eachtrach
- Conas iarratas a dhéanamh ar bhás i dtír eachtrach a thaifeadadh
- Rátaí
- Corp a sheoladh thar lear as Éirinn le hé/hí a adhlacadh nó a chréamadh
- Aiseolas
Cad é Taifead na mBásanna a tharlaíonn i dTír Eachtrach
Má fhaigheann saoránach de chuid na hÉireann bás i dtír eachtrach agus gnáthchónaí orthu in Éirinn laistigh de 5 bliana roimhe sin, is féidir an bás a thaifeadadh i dTaifead na mBásanna a tharlaíonn i dTír Eachtrach.
Is próiseas deonach é seo a ligeann do ghaol an duine éagtha an bás a chur in iúl don tSeirbhís um Chlárú Sibhialta, taifead a dhéanamh den bhás agus cóip dheimhnithe den taifead a fháil.
Ba cheart duit an fhoirm thíos a chomhlánú agus í a sheoladh, mar aon le fianaise thacaíochta, chuig d’Oifig um Chlárú Sibhialta áitiúil. Is féidir leat an oifig is gaire duit a aimsiú ach cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta.
Fianaise ar bhás a tharlaíonn i dtír eachtrach
Ní deimhniú báis dlíthiúil í cóip dheimhnithe de Thaifead Báis a tharlaíonn i dTír Eachtrach. Le haghaidh formhór na gcríocha dlí agus riaracháin, d’fhéadfadh go mbeadh gá le deimhniú báis ón tír inar tharla an bás.
Tá dlínsí ann nach gcláraíonn go sibhialta imeachtaí a bhaineann le náisiúnaigh choigríche agus/nó nach bhfuil aon chóras clárúcháin sibhialta ann – i gcásanna den sórt sin, déan teagmháil le do thoil le hOifig an Ard-Chláraitheora go díreach.
Conas iarratas a dhéanamh ar bhás i dtír eachtrach a thaifeadadh
Ba cheart d'fhaisnéiseoir cáilithe an fhoirm thíos a chomhlánú agus í a sheoladh, mar aon le fianaise thacaíochta, chuig d’Oifig um Chlárú Sibhialta áitiúil.
Is féidir gur duine de na daoine seo a leanas iad an faisnéiseoir:
- gaol
- páirtnéir sibhialta
- comhchónaitheoir
- Mura bhfuil aon cheann díobh sin thuas ar fáil, aon duine a bhfuil dóthain eolais aige/aici ar an mbás
Beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- fianaise gur saoránach Éireannach an duine éagtha (mar shampla: pas, teastas breithe Éireannach)
- fianaise go raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha in Éirinn laistigh de 5 bliana ón mbás (mar shampla: billí fóntais, ráiteas airgeadais, taifid Chánach/Leasa Shóisialaigh)
- cóip dheimhnithe den deimhniú báis i dtír eachtrach, le haistriúchán más gá
- mura féidir deimhniú báis a fháil, fianaise gur tharla an bás thar lear (mar shampla: fógra báis nó tuairisc bháis)
Rátaí
Níl aon táille ar an tseirbhís seo agus is féidir cóipeanna deimhnithe de thaifid Básanna i dTír Eachtrach a fháil saor in aisce ón gcláraitheoir.