English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O’Brien roimh idirnascaire nua leictreachais agus é ag tosú ar eangacha fuinnimh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe a chumhachtú

*Le hIdirnascaire Greenlink, méadófar slándáil soláthair an Stáit agus tacófar le haistriú fuinnimh glan-nialasach

D’fháiltigh Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, roimh an scéala go bhfuil idirnascaire fomhuirí nua leictreachais lena nasctar Éire leis an Ríocht Aontaithe i mbun feidhme anois. Thosaigh Idirnascaire Greenlink, ar tionscadal 500 meigeavata (MW) é, an chéim 'oibríochtaí tráchtála' le déanaí tar éis tréimhse rathúil tástála agus tréimhse tógála trí bliana.

Mar aon leis an Idirnascaire Thoir-Thiar atá ann cheana – a coimisiúnaíodh sa bhliain 2012 – is é an toradh a bheidh ar an idirnascaire nua seo ná toilleadh idirnaisc an Stáit a dhúbailt go 1 ghigeavata (GW). Is cloch mhíle shuntasach é in aistear na hÉireann chuig Oileán níos nasctha agus níos sláine ó thaobh fuinnimh de. Tacófar leis an aistriú i dtreo todhchaí fuinnimh ghlan-nialasach dá bharr freisin.

Tugtar le hidirnascairí leictreachais modh chun leictreachas a chomhroinnt idir tíortha, agus bíonn siad ina soláthairtí cumhachta cúltaca luachmhara nuair a bhíonn toilleadh laghdaithe ag córais leictreachais. Toradh eile a bheidh ar idirnaisc nua is ea go mbeifear in ann allmhairí fuinnimh a mhéadú i gcás drochshuaite, rud a d’fhéadfadh tarlú le linn eachtraí adhaimsire.

Aithníodh Idirnascaire Greenlink mar thionscadal leasa choitinn freisin, ar príomhthionscadail bhonneagair trasteorann iad lena nasctar córais fuinnimh tíortha Eorpacha le chéile, agus meastar go bhfuil tábhacht straitéiseach leis. Mar thionscadal leasa choitinn, fuair an tionscadal cistiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Le hIdirnascaire Greenlink, méadaítear slándáil fuinnimh agus athléimneacht eangaí agus baintear luach ar airgead amach do thomhaltóirí fuinnimh freisin. Is tionscadal ríthábhachtach é maidir leis an gcóras eangaí a chothromú, agus beidh comhtháthú méadaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite agus infheistíochtaí réigiúnacha ann dá bharr.

Tiocfaidh méadú ar an tábhacht a bhaineann le hidirnasc de réir mar a mhéadaíonn sciar na hearnála fuinnimh in-athnuaite den mheascán soláthair i gcóras leictreachais na hÉireann agus na hEorpa i ndáil le leictreachas a allmhairiú agus i ndáil le leictreachas a onnmhairiú araon. A bhuí le forbairtí beartaithe nua idirnaisc, a bheidh ailínithe le hearnáil mhéadaitheach fuinnimh in-athnuaite na hÉireann, cumasófar don Stát aistriú ó ghlan-allmhaireoir leictreachais ina ghlan-onnmhaireoir leictreachais.

I mí Iúil 2023, d’fhoilsigh an rialtas doiciméad uaillmhianach dar teideal 'Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais'. Faoin mbliain 2030, beidh nascacht athbhunaithe ag Éirinn le mórthír na hEorpa tríd an Idirnascaire Ceilteach leis an bhFrainc. Tá sé beartaithe aici tuilleadh naisc a chruthú leis an mBreatain Mhór freisin. Leagtar amach sa bheartas freisin an dóigh a mbeartaíonn an Stát a thoilleadh idirnaisc leictreachais a mhéadú trí iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna nua idirnaisc leis an mór-roinn.

Ag fáiltiú dó roimh Idirnascaire Greenlink, dúirt an tAire O’Brien:

"Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann ag Greenlink faoin bpíosa ríthábhachtach bonneagair fuinnimh seo a chur i bhfeidhm d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le CRU, EirGrid agus Líonraí BSL, a raibh ról ríthábhachtach acu maidir leis an tionscadal seo a bhreithniú agus a sholáthar. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe sa Ríocht Aontaithe agus sa Bhreatain Bheag freisin as an gcloch mhíle seo a bhaint amach, agus táim ag tnúth le hobair i gcomhar leo sa réimse seo sa todhchaí. Tá an tionscadal seo ina léiriú inbhraite ar ár gcaidreamh fuinnimh leis an Ríocht Aontaithe, ar caidreamh é a bhíonn ag éirí níos láidre i gcónaí. Is fianaise é freisin ar an luach agus na tairbhí a bhaineann le comhoibriú idirnáisiúnta fuinnimh.

"Cumasóir bunriachtanach taobh thiar den úsáid mhéadaitheach a bhainfimid as fuinneamh in-athnuaite a bheidh in idirnasc méadaithe leictreachais, rud lena gcumasófar dúinn an bonneagar a sholáthar a theastaíonn chun tacú lenár n-uaillmhianta fuinnimh ar ár n-aistear i dtreo córas cumhachta glan-nialasach. Imreoidh idirnasc ról tábhachtach freisin inár n-aistriú chun teacht chun bheith inár nglan-onnmhaireoir fuinnimh, agus cuid dhílis de mhórphleananna fuinnimh na hEorpa á déanamh d’Éirinn. Tá ról mór ag idirnasc maidir lenár n-uaillmhianta fuinnimh i gcoitinne, agus tá an Stát ag glacadh cur chuige réamhphleanála comhtháite i leith idirnaisc, ar cur chuige é atá ailínithe le réamhphleanáil fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta."

Dúirt Michael Shanks, Aire Fuinnimh na Ríochta Aontaithe:

"Tá sé tábhachtach go n-oibreodh Éire agus an Ríocht Aontaithe le chéile chun ár slándáil fhrithpháirteach fuinnimh a neartú agus chun bogadh i dtreo ár n-acmhainneacht fuinnimh ghlain a bhaint amach.

"Is é an toradh a bheidh ar an gcábla seo idir Loch Garman agus an Bhreatain Bheag ná go gcabhrófar le misean Chumhacht Ghlan 2030 atá againn a chomhlíonadh agus go dtacófar le leathnú fuinnimh in-athnuaite na hÉireann trí sinn a chumasú fuinneamh glan atá níos saoire le giniúint a thrádáil le chéile, rud a chabhróidh leis an dá náisiún bogadh ar shiúl ó mhargaí luaineacha breoslaí iontaise."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Bealach idirnaisc idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe

Is é is Idirnascaire Greenlink ann ná cábla cumhachta fomhuirí srutha dhírigh ardvoltais 500 MW atá 190 km ar fad idir fostáisiún EirGrid ar an Oileán Mór i gContae Loch Garman, Éire, agus fostáisiún Pembroke na hEangaí Náisiúnta in Pembrokeshire, an Bhreatain Bheag.

Ráiteas Beartais Náisiúnta na hÉireann maidir le hIdirnasc

D’fhoilsigh an rialtas Ráiteas Beartais Náisiúnta na hÉireann maidir le hIdirnasc Leictreachais i mí Iúil 2023. Leagtar amach sa bheartas an dóigh a gcinnteofar go ndéanfar réamhphleanáil chomhtháite i gcás aon deiseanna idirnaisc trí chur chuige stát-treoraithe a ghlacadh. Ar an tslí sin, réiteofar an bealach don bhonneagar a theastaíonn chun mórdheiseanna onnmhairiúcháin fuinnimh ghlais a thapú.

Áirítear na nithe seo leis na príomhghnéithe de bheartas nua na hÉireann maidir le hidirnasc leictreachais:

  • tacú go sonrach le nasc breise leis an mBreatain Mhór faoin mbliain 2030, lasmuigh d’Idirnascaire Greenlink a chríochnú
  • breithniú a dhéanamh ar na tionscadail bhreise seo a leanas: idirnasc eile leis an bhFrainc atá de bhreis ar an Idirnascaire Ceilteach; nasc leis an Spáinn; nasc breise leis an mBreatain Mhór tar éis na bliana 2030; agus nasc leis an mBeilg nó leis an Ísiltír
  • gealltanas go bhforbrófaí Straitéis um Tharchur Amach ón gCósta agus go n-iniúchfaí an acmhainneacht le haghaidh idirnascairí ilchuspóireacha chun deiseanna onnmhairiúcháin a uasmhéadú agus chun forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a éascú
  • réamhphleanáil idirnascairí a chomhtháthú le céimeanna nua i bhforbairtí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, lena n-áirítear tacú le hionchuir isteach i bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe i limistéir áitiúla agus réigiúnacha
  • déanfar breithniú freisin ar aon idirnasc eile a theastaíonn chun tacú le leictreachas in-athnuaite a onnmhairiú i gcomhthéacs úsáidí eile amhail hidrigin ghlas

Maidir le hIdirnascaire Greenlink

Tá Idirnascaire Greenlink á fhorbairt ag Greenlink Interconnector Limited, atá faoi úinéireacht ag Partners Group thar ceann a chliant, agus d’aithin an tAontas Eorpach é mar thionscadal leasa choitinn. Is ionann an tionscadal agus infheistíocht mhór caipitil phríobháidigh in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. D’éirigh leis an tionscadal roinnt cistiúcháin a fhoinsiú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa de chuid an Aontais Eorpaigh freisin.