Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

Cuardaigh ar fad gov.ie

Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

Is é príomhchuspóir na scéime um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona cabhrú le healaíontóirí atá ag maireachtáil ón láimh go dtí an béal agus cosc a chur ar dhaoine cumasacha an earnáil a fhágáil ar chúiseanna eacnamaíochta.

Le cinneadh an Rialtais ar an 10ú Feabhra 2026, tá scéim chomharba ar an scéim phíolótach IBE, a bhí I bhfeidhm ó 2022 – Feabhra 2026, ceadaithe. Tá treoirlínte mionsonraithe do scéim IBE 2026 – 2029 ar fáil anseo. Tá gach eolas faoin bpróiseas iarratais san áireamh ansin.

Tá an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona (IBE) ar fáil d’Ealaíontóirí Gairmiúla a bhfuil Cleachtas Cruthaitheach Gníomhach acu agus a bhfuil an cleachtas sin lonnaithe go príomha in Éirinn. Leagtar amach sonraí ar cé atá incháilithe agus cé nach bhfuil chun iarratas a dhéanamh sna Treoirlínte.

Cuspóirí na Scéime

An t-Ealaíontóir

  • Chun fás agus cleachtas gairmiúil cruthaitheach a dhreasú agus a fhorbairt trí fhéinfhostaíocht;
  • Chun dul i ngleic le míshocracht tuillimh agus an chontúirt a bhaineann le hobair sna healaíona, agus an drochthionchar a bhíonn acu siúd ar mheabhairshláinte na n-ealaíontóirí;
  • Chun féinriail na n-ealaíontóirí agus saoirse tuairimíochta a chothú.

An Earnáil

  • Chun tallann a choinneáil san earnáil seo lena laghdaítear an gá atá le healaíontóirí obair lasmuigh de na healaíona ar chúiseanna eacnamaíocha;
  • Chun tacú leis an earnáil agus í a leathnú trí éifeachtaí iarmharta e.g. comhoibrithe a fhostú, caiteachas ar ábhair, teacht chun cinn tionscadal nua etc.

An tSochaí agus an Pobal

  • Chun tacú le comhtháthú sóisialta agus folláine na sochaí trí níos mó deiseanna a chruthú do shaoránaigh teagmháil a bheith acu leis na healaíona, agus rogha shaothar ealaíne agus léirithe níos mó a chur ar fáil;
  • Chun aitheantas a thabhairt d’ionchur ealaíontóirí i sochaí iolraíoch, agus dá n-ionchur i mbeocht na bpobal ar fud fad an náisiún.

Sula ndéantar iarratas ar an scéim, tá sé tábhachtach na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara:

• Is d’ealaíontóirí gairmiúla cleachtacha amháin an scéim

• Foilseofar ainmneacha na n-iarratasóirí rathúla

• Déanfar iniúchtaí bliantúla chun incháilitheacht a athdhearbhú

• Beidh ar na hiarratasóirí rathúla a bheith imréitithe ó thaobh cánach de ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ní mór dóibh clárú mar fhéinfhostaithe mura bhfuil siad cheana féin agus Foirm 11 bhliantúil na gCoimisinéirí Ioncaim a sholáthar chun comhlíonadh cánach a chinntiú

• Tá maoiniú ar fáil do 2,000 iarratasóir, agus meastar go sáróidh líon na n-iarratasóirí incháilithe an líon sin, dá bhrí sin ní thugann incháilitheacht teideal dóibh an íocaíocht a fháil

• Beidh ar iarratasóirí trí chruthúnas ceadaithe ar a gcleachtas ealaíne gairmiúil a sholáthar chun incháilitheacht a léiriú

Tá Treoirlínte maidir le cur isteach ar an scéim ar fáil anseo Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 Treoirlínte le haghaidh Iarratais

Beifear ag glacadh le hiarratais ó 1 pm Dé Céadaoin 15 Aibreán. Caithfidh iarratasóirí na Treoirlíne a léamh roimh iarratas a dhéanamh.

Tá Ceisteanna Coitianta le fáil anseo Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 - Ceisteanna Coitianta

Is féidir dul i dteagmháil le foireann an Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ag basicincomeforthearts@ccs.gov.ie

Preaseisiúintí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat