Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 Treoirlínte le haghaidh Iarratais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 Treoirlínte le haghaidh Iarratais


Sula ndéantar iarratas ar an scéim, tá sé tábhachtach na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara

  • Níl an scéim ach d’ealaíontóirí gairmiúla cleachtacha
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth an iarratais
  • Tá maoiniú ar fáil do 2,000 iarratasóir, agus meastar go sáróidh líon na n-iarratasóirí incháilithe an líon sin, dá bhrí sin ní thugann incháilitheacht teideal dóibh an íocaíocht a fháil
  • Beidh ar iarratasóirí a chruthú go bhfuil a gcleachtas ealaíne bunaithe den chuid is mó in Éirinn
  • Beidh ar iarratasóirí trí chruthúnas ceadaithe ar a gcleachtas ealaíne gairmiúil a sholáthar chun incháilitheacht a léiriú
  • Déanfar iniúchtaí bliantúla chun incháilitheacht a athdhearbhú
  • Foilseofar ainmneacha na n-iarratasóirí rathúla, rud is gnách le haghaidh maoiniú Stáit a fháil
  • Beidh ar na hiarratasóirí rathúla a bheith imréitithe ó thaobh cánach de ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ní mór dóibh clárú mar fhéinfhostaithe mura bhfuil siad cheana féin agus Foirm 11 bhliantúil na gCoimisinéirí Ioncaim a sholáthar chun comhlíonadh cánach a chinntiú
  • Beidh ar na hiarratasóirí rathúla fanacht lonnaithe go príomha i bPoblacht na hÉireann ar feadh ré na scéime

Cad is Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ann?

Cuspóirí na Scéime

An t-Ealaíontóir

  • Chun fás agus cleachtas gairmiúil cruthaitheach a dhreasú agus a fhorbairt trí fhéinfhostaíocht;
  • Chun dul i ngleic le míshocracht tuillimh agus an chontúirt a bhaineann le hobair sna healaíona, agus an drochthionchar a bhíonn acu siúd ar mheabhairshláinte na n-ealaíontóirí;
  • Chun féinriail na n-ealaíontóirí agus saoirse tuairimíochta a chothú.

An Earnáil

  • Chun tallann a choinneáil san earnáil seo lena laghdaítear an gá atá le healaíontóirí obair lasmuigh de na healaíona ar chúiseanna eacnamaíocha;
  • Chun tacú leis an earnáil agus í a leathnú trí éifeachtaí iarmharta e.g. comhoibrithe a fhostú, caiteachas ar ábhair, teacht chun cinn tionscadal nua etc.

An tSochaí agus an Pobal

  • Chun tacú le comhtháthú sóisialta agus folláine na sochaí trí níos mó deiseanna a chruthú do shaoránaigh teagmháil a bheith acu leis na healaíona, agus rogha shaothar ealaíne agus léirithe níos mó a chur ar fáil;
  • Chun aitheantas a thabhairt d’ionchur ealaíontóirí i sochaí iolraíoch, agus dá n-ionchur i mbeocht na bpobal ar fud fad an náisiún.

Cé dó a bhfuil an IBE?

Tá an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona (IBE) ar fáil d’Ealaíontóirí Gairmiúla a bhfuil Cleachtas Cruthaitheach Gníomhach acu agus a bhfuil an cleachtas sin lonnaithe go príomha in Éirinn. Leagtar amach sonraí ar cé atá incháilithe agus cé nach bhfuil chun iarratas a dhéanamh thíos.

Ba cheart d’iarrthóirí a bheith ar an eolas

Sula ndéantar iarratas, ba cheart duit na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara:

A. Féadfar Painéal um Athbhreithniú Cleachtais measúnú ar iarratais ar an scéim 2026 - 2029 lena chinntiú nach roghnófar ach Ealaíontóirí Gairmiúla le Cleachtas Cruthaitheach Gníomhach amháin an íocaíocht a fháil

B. Tá maoiniú teoranta ag an scéim agus mar sin, ní roghnófar gach iarrthóir incháilithe chun an íocaíocht a fháil

C. Is leis an eagraíocht ábhartha a dheimhneofar Cruthúnais ar Incháilitheacht a ghabhann le hiarratas; mar sin, roinnfear céannacht an iarrthóra leis an eagraíocht sin

D. Tá fáilte roimh rannpháirtithe scéime píolótaí IBE iarratas a dhéanamh. Chun a bheith incháilithe don scéim 2026 – 2029, ní mór dóibh a n-incháilitheacht don scéim a chruthú go sonrach agus, de réir B thuas, ní roghnófar gach iarrthóir incháilithe don íocaíocht.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

- Ealaíontóirí a bhfuil cleachtas ealaíne gairmiúil acu

- Lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar an t-iarratas agus iad

- In ann fianaise a thabhairt ar a gcleachtas cruthaitheach atá lonnaithe in Éirinn go príomha.

- Iarrthóirí a Bhain Céim amach le Déanaí (féach mionsonraí thíos)

Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh?

- Daoine nach féidir leo fianaise a thabhairt ar a gcleachtas ealaíonta gairmiúil (i.e. ealaíontóirí amaitéaracha / ardaidhmeannacha)

- Comhaltaí Aosdána a fhaigheann íocaíocht Cnuas

- Ealaíontóirí nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann tráth a ndéantar iarratas agus ar feadh thréimhse na híocaíochta

- Ealaíontóirí nach bhfuil cleachtas lonnaithe in Éirinn go príomha acu

- Iad siúd atá i mbun oideachais lánaimseartha: mic léinn lánaimseartha nó iad siúd a bheidh ag gabháil do staidéar lánaimseartha le linn na tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2026 go deireadh 2029 (tá fáilte rompu siúd a bhainfidh céim amach faoin 1 Aibreán 2026 iarratas a dhéanamh)

Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le Déanaí (RGAnna)

Clúdaíonn an sruth sin ealaíontóirí a bhfuil céim bainte amach acu le déanaí ach nach féidir leo a léiriú go bhfuil gairm phroifisiúnta acu go fóill. Tá an sruth seo teoranta dóibh siúd a chríochnaigh a gcuid oiliúna agus a bhain céim amach in 2024 nó 2025. Tá uasmhéid de 100 áit ar fáil faoin sruth seo.

Ní mór d’iarratasóirí faoin sruth seo a dheimhniú go bhfuil sé beartaithe acu cleachtas gairmiúil a bheith acu dá ngairm bheatha amach anseo. Ní cheanglaítear ar Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le déanaí ACH fianaise tacaíochta a sholáthar gur bhain siad cáilíocht tríú leibhéal amach (leibhéal 8 nó os a chionn sin amháin) le haghaidh cúrsa ábhartha, cleachtasbhunaithe, ó institiúid ábhartha.

Taighde

Ba cheart d’iarrthóirí fios a bheith acu go bhfuil clár taighde mar bhonn faoin Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Dá bhrí sin, ceanglófar ar iarrthóirí a bheith rannpháirteach i mbailiú sonraí leanúnach mar chuid den scéim. Úsáidfear na sonraí sin ar bhonn leanúnach leis an scéim a mheasúnú, i gcomhréir le treoirlínte ar cheapadh beartais fianaisebhunaithe an Rialtais. Measfar iarratasóirí nach líonann isteach an suirbhé ag céim an iarratais a bheith dícháilithe.

Mar chuid den iarratas, ceanglaítear ar gach iarrthóir suirbhé forleathan a chomhlánú, agus beidh comhlánú suirbhéanna den chineál sin mar choinníoll chun a bheith rannpháirteach sa scéim dóibh siúd atá roghnaithe.As part of the application, all applicants are required to complete a survey, and the completion of similar surveys will be a condition of participation on the scheme for those selected. Applicants who do not fill out the survey at application stage will be considered ineligible.

Iniúchóireachtaí mar chuid den Scéim IBE

Léigh go cúramach na treoirlínte maidir le riachtanais bailithe sonraí agus iniúchadh leanúnach a éileofar orthu siúd a roghnófar chun an íocaíocht a fháil (faighteoirí/rannpháirtithe).

Iniúchóireacht ar an bPróiseas Iarratais

Agus iad ag cur isteach ar an scéim, ceanglaítear ar iarrthóirí fianaise ar chleachtas ealaíne gairmiúil gníomhach a uaslódáil. Níl maoiniú ar fáil dóibh siúd nach ealaíontóirí gairmiúla iad. Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann léiriú gur ealaíontóirí gairmiúla iad a bhfuil an cleachtas cruthaitheach atá acu gníomhach agus lonnaithe in Éirinn go príomha.

- Ní cheadaítear úsáid IS chun an fhoirm iarratais a chomhlánú nó chun aon chruthúnas ar chleachtas a ghiniúint. Measfar iarratas incháilithe de dheasca fianaise ar úsáid IS.

- Forchoimeádann an Roinn an ceart chun teagmháil a dhéanamh le haon eagraíocht/chomhlacht/eintiteas/chuideachta nó duine aonair atá luaite mar chruthúnas chun críocha an iarratais. Má fhaightear amach go bhfuil aon chruthúnas neamhbhailí measfar an t-iarratas iomlán a bheith neamh-incháilithe.

- Ní mór d’iarrthóirí rathúla incháilitheacht a athdheimhniú agus fianaise a thabhairt ar chleachtas cruthaitheach gairmiúil ar bhonn bliantúil agus mura ndéantar amhlaidh, bainfear den scéim iad agus d’fhéadfaí go mbeidh orthu aon íocaíocht IBE atá faighte a aisíoc.

- Féadfar Painéal um Athbhreithniú Cleachtais measúnú ar iarratais ar an scéim 2026 - 2029 lena chinntiú nach roghnófar ach Ealaíontóirí Gairmiúla le Cleachtas Cruthaitheach Gníomhach amháin an íocaíocht a fháil

Nótaí an Iarratasóra

Tá an scéim oscailte dóibh siúd a bhfuil cleachtas ealaíne gairmiúil gníomhach atá lonnaithe in Éirinn go príomha acu.

Ní mór do gach iarrthóir:

  • cleachtas ealaíne gníomhach a bheith acu
  • a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine (gan uasteorainn aoise)
  • a bheith in ann fianaise a thabhairt ar a ngairm sna healaíona
  • a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann go príomha tráth a ndéantar iarratas agus ar feadh thréimhse na híocaíochta
  • a bheith cáin-chomhlíontach
  • suirbhéanna a chomhlánú chun sonraí a sholáthar don ghné taighde
  • toiliú leis an bpróiseas fíorúcháin agus na próisis athfhíorúcháin bhliantúla a chomhlíonadh má roghnaítear iad le bheith ina bhfaighteoirí íocaíochta.

Ní mór do gach iarrthóir a méid seo a leanas a bheith acu:

  • cruthúnas incháilitheachta amháin ar a laghad ó ghníomhaíocht i bPoblacht na hÉireann
  • trí chruthúnas incháilitheachta san iomlán
  • seoladh ríomhphoist infheidhme a bheidh i bhfeidhm go ceann 3 bliana ar a laghad
  • cuntas bainc infheidhme ar féidir íocaíochtaí SEPA a fháil
  • uimhir ghutháin infheidhme ar a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leo

Sula dtairgtear áit ar an scéim d’iarrthóir, déanfar seiceáil fianaise réamhíocaíochta:

  • Rithfear seiceálacha fíorúcháin ar cháipéisíocht chruthúnais ar incháilitheacht atá curtha isteach ag iarrthóirí roghnaithe

Achoimre ar Chur Isteach Iarratais

Cad ba cheart d’iarrthóir a dhéanamh anois (sula n-osclaítear an fhuinneog d’iarratais)

Beidh cúig chuid i gceist le hiarratas a chur isteach. Ní mór duit na nithe seo go léir a chomhlánú chun d’iarratas a bhreithniú:

1. Cláraigh ar an Tairseach nuair a osclaíonn sé ar an 15ú Aibreán 2026

2. Comhlánaigh an fhaisnéis go léir atá sa bhFoirm Iarratais

3. Uaslódáil cruthúnais / fianaise ar incháilitheacht don scéim (féach sonraí thíos)

4. Comhlánaigh suirbhé forleathan ar ghnéithe an chleachtais / an tsaoil lena n-áirítear faisnéis airgeadais agus úsáid ama (féach sonraí thíos)

5. Toiliú leis na Téarmaí agus Coinníollacha Iarratais

Táthar ag súil le líon mór iarratas, agus ní mheasfar iarratais neamhchríochnaithe ná iarratais nár cuireadh isteach go hiomlán. Beifear in ann an fhoirm iarratais agus an suirbhé a shábháil agus teacht ar ais chucu.

Molaimid d’iarrthóirí go láidir tosú cruthúnais ar incháilitheacht agus faisnéis a thacóidh le comhlánú an tsuirbhé a bhailiú anois, sula n-osclaítear an fhuinneog iarratais.

Tá sonraí maidir le cruthúnais incháilitheachta ar chóir duit a bhailiú liostaithe thíos anois.

Tá sampla ar na saghas ceisteanna a chuirtear sa suirbhé ar fáil anseo: https://assets.gov.ie/static/documents/bia-survey-text.pdf .

Ba chóir d’iarratasóirí ceisteanna an tsuirbhé a léamh agus ullmhú chun iad a fhreagairt anois, roimh fhuinneog an iarratais agus ba chóir go gciallódh sé sin gur féidir le hiarratasóir na codanna seo den suirbhé a chomhlánú níos tapúla.

Má tá an fhaisnéis go léir agat, ba chóir go dtógfadh an próiseas iarratais thart ar 45 – 90 nóiméad ort. Ní chuirfear iarratais a fhaightear ró-dhéanach nó atá neamhiomlán san áireamh.

Cruthúnas ar incháilitheacht / cáipéisíocht le huaslódáil

Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le Déanaí

Ceanglaítear ar Iarratasóirí ar Bronnadh Céim orthu le déanaí (RGAnna) píosa amháin fianaise tacaíochta a sholáthar. Tá leathanach / táb ar leith ar an bhfoirm iarratais a úsáidfidh siad chun é seo a dhéanamh, tá sé marcáilte go soiléir. Ní mór an fhianaise a bheith:

  • ó institiúid ábhartha a thaispeánann
  • gur bhain tú céim amach in 20242025 le
  • cáilíocht tríú leibhéal (leibhéal 8 nó os a chionn amháin) i
  • gcúrsa ábhartha, cleachtasbhunaithe

Gach Iarratasóir Eile

Ceanglaítear ar gach iarratasóir eile fianaise ar a gcleachtas cruthaitheach gníomhach a uaslódáil mar atá leagtha amach thíos. Roghnóidh agus uaslódálfaidh siad é seo faoin táb caighdeánach ar an bhFoirm Iarratais.

Ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann trí phíosa fianaise / cruthúnais a chur ar fáil ar a laghad ó dhá eagraíocht Éireannach, comhlacht deontais nó comhlacht ionadaíoch. Tabhair faoi deara má dhéantar chruthúnais a sholáthar, féadfaidh an Roinn teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht / comhlacht / eintiteas ábhartha lena dheimhniú go bhfuil an cháipéisíocht a cuireadh ar fáil cruinn agus bailí. Measfar d’iarratas a bheith neamh-incháilithe mar thoradh ar aon fhaisnéis mhícheart.

Liosta Cruthúnais / Fianaise a nglacfar leo

  • Cuirtear fianaise ar chleachtais sna catagóirí ioncaim, cleachtais ghníomhaigh agus ballraíochta in eagraíocht ionadaíoch san áireamh – féach an liosta iomlán thíos
  • Ní mór duit aon trí cinn a uaslódáil, meastar go bhfuil iarratasóirí a sholáthraíonn níos lú ná trí chruthúnas neamh-incháilithe.
  • Ní mór dhá mhír ar a laghad a bheith ó eagraíocht, maoinitheoir srl. Éireannach chun cleachtas gníomhach atá lonnaithe in Éirinn a chruthú.
  • Is féidir glacadh le míreanna iolracha faoi chatagóirí ina bhféadfadh níos mó ná dámhachtain / coimisiún / foilseachán / imeacht amháin a bheith agat, suas le 3 chruthúnas san iomlán. E.g. má tá 3 x Sparánacht nó Dámhachtain Tionscadail ón gComhairle Ealaíona agat le 3 bliana anuas, is cruthúnais iad seo go léir a bheidh ort a uaslódáil.

Moltar duit:

  • Do chruthúnais a bhailiú anois roimh an fhuinneog iarratais
  • Cruthúnais a bhailiú san ord atá liostaithe thíos ar mhaithe le héascaíocht iarratais

Cruthúnas ar Sparánacht(aí) nó Dámhachtain(í) Tionscadail ón gComhairle Ealaíon le 3 bliana anuas (Féadfaidh iarratasóirí an litir nó an ríomhphost ón gComhairle Ealaíon nó gabháil scáileán dá leathanach UCE lena léirítear iarratais ar mhaoiniú / deontais ar bronnadh) agus ar féidir iad a fhíorú ansin leis an gComhairle Ealaíon

 

Ioncam

Cruthúnas ar mhaoiniú ó Oifig Ealaíona Údaráis Áitiúla do do chleachtas le trí bliana anuas – lena n-áirítear Sparánacht(aí), Deonta(i)s Tionscadail, Coimisiú(i)n do Chéatadán d’Ealaín, Dámhachtain, Cónaitheachtaí, Giniúint Ceoil mar ‘oidí ceoil’, cláir Mheantóireachta.

 

Ioncam

Cruthúnas gur ball d’Aosdána thú (nach bhfuil an íocaíocht Cnuas á fáil agat)

 

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas ar mhaoiniú poiblí do do chleachtas cruthaitheach le 3 bliana anuas, mar shampla: Cultúr Éireann, Éire Ildánach (mar ealaíontóir amháin), Fís Éireann, Dámhachtain Lúfaireachta ón gComhairle Ealaíon, Dámhachtain Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais, Dámhachtain Cheangal na nEalaíon agus na Sláinte, Dámhachtain na nEalaíontóirí sa Phobal (CREATE)

Glacfar le míreanna iomadúla le haghaidh suas le 3 dhámhachtain éagsúla.

Ioncam

Cruthúnas ar Choimisiú(i)n Ealaíne Poiblí ó na 3 bliana atá caite

 

Ioncam

Cruthúnas gur léirítear ar shuíomh gréasáin Breaking Tunes thú

 

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas go bhfuil ionadaíocht á déanamh ort faoi láthair ag, mar shampla, gailearaí gairmiúil, tionscnóir nó gníomhaire do do chleachtas / saothar ealaíon cruthaitheach

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas gur cuireadh saothar san áireamh i mbailiúchá(i)n foilsithe / taispeánta(i)s coimeádta / imeacht(í) cláraithe, ag eagraíochtaí ealaíon gairmiúla (le 3 bliana anuas).

Ní mheasfar gur cruthúnais incháilithe iad taispeántais nó imeachtaí faoi stiúir amaitéarach.

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas ar chreidiúint(í) fhoilsithe do do shaothar, e.g. i scannáin / amharclannaíocht / damhsa / litríocht le 3 bliana anuas

 

Ioncam

Cruthúnas gur léirigh/stiúir tú saothar nó go ndearna tú cóiréagrafaíocht ar shaothar do chuideachta/ fhéil(t)e aitheanta nó iona(i)d ealaíne aitheanta le clár coimeádta (le 3 bliana anuas)

 

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas gur roghnaigh eagraíocht ealaíne aitheanta thú chun páirt a ghlacadh i seóthaispeántas fhoirm ealaíne baile nó idirnáisiúnta (le 3 bliana anuas)

 

Cleachtas Gníomhach

Conradh(conarthaí) le haghaidh seirbhíse a bhaineann le do shaothar cruthaitheach (ó na 3 bliana seo caite)

 

Ioncam

Cruthúnas léirigh/coimisiúnaigh/cóirigh amharclann gairmiúil / comhlacht scannánaíochta / comhlacht rince do shaotha(i)r (le 3 bliana anuas)

 

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas gur léiríodh do shaothar in ionad ealaíne aitheanta le clár coimeádta (le 3 bliana anuas)

 

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas gur ghlac tú páirt, gur choimeád tú nó gur chláraigh tú i dtaispeántas / féile / imeacht ealaíon i spás nó féile aitheanta (le 3 bliana anuas)

Ní mheasfar gur cruthúnais incháilithe iad taispeántais nó imeachtaí faoi stiúir amaitéarach.

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas go bhfuil creidiúint(í) agat as saothar scannáin nó amharclainne / saothar a d’fhoilsigh foilsitheoir aitheanta, seanbhunaithe, le hISBN / singil, seinm leathnaithe nó albam eisithe agat (sna 3 bliana seo caite)

 

Cleachtas Gníomhach

Fianaise ar bhallraíocht i gceann amháin díobh seo a leanas ag an leibhéal atá liostaithe amháin:

·       Actors Equity Ireland (Ballraíocht Ghairmiúil amháin)

·       CMC - Lárionad Ceoil Chomhaimseartha (Ionadaíocht Chomhlach / Iomlán amháin

·       Damhsa Éireann (Ballraíocht Ghairmiúil / Chomhlach amháin)

·       IMRO - Eagraíocht ar Son Chearta Ceoil na hÉireann (Ballraíocht Scríbhneora amháin)

·       ISACS (Teastas Ballraíochta Gairmiúla amháin)

·       Aontas Scríbhneoirí Éireann (Ballraíocht Iomlán amháin)

·       Áras Scríbhneoirí Éireann (Ballraíocht Ghairmiúil amháin)

·       MUI - Aontas Ceoltóirí na hÉireann (Ballraíocht Ghairmiúil amháin)

·       RAAP - Ealaíontóirí Aisteoirí Taibheoirí Taifeadta (Ballraíocht amháin)

·       Cuallacht Cumadóirí Scáileáin na hÉireann (Ballraíocht amháin)

·       Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann (Ballraíocht AnimAL / Guild amháin)

·       WGI – Cuallacht Scríbhneoirí na hÉireann (Ballraíocht Iomlán amháin)

·       VAI - Ealaíontóirí Físiúla Éireann (Ballraíocht Ghairmiúil amháin)

 

Ballraíocht

Cruthúnas ar Dheonta(i)s nó dámhachtain(í) cónaitheachta maoinithe ó eagraíocht(aí) aitheanta ealaíon atá lonnaithe in Éirinn nó thar lear / gur ghlac tú páirt i gcónaitheacht ealaíontóra (náisiúnta nó idirnáisiúnta)

 

Ioncam

Cruthúnas go bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist d’Ealaíontóirí á fháil agat faoi láthair

 

Ioncam

Cruthúnas ar dhleachtanna údair faighte as do shaothar a scríobh

 

Ioncam

Cruthúnas ar Dhíolúine Chánach Reatha d’Ealaíontóirí (ón 1 Aibreán 2026)

 

Ioncam

Cruthúnas gur bhronn eagraíocht ealaíne aitheanta / údarás áitiúil gradam ort nó gur chuir siad ar an ngearrliosta do ghradam thú (le 3 bliana anuas)

 

Cleachtas Gníomhach

Cruthúnas gur scríobhadh léirmheas ar do shaothar i bpreas priontáilte / ar líne (le 3 bliana anuas)

 

Cleachtas Gníomhach

Foirm 11 curtha isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim lena gcruthaítear ioncam ó do chleachtas cruthaitheach. Arna dhátú ó na 3 bliana seo atá caite)

 

Ioncam

Cruthúnas go bhfuil caiteachas agat maidir le spás stiúideo nó stiúideo taifeadta a fháil ar cíos nó tá caiteachas agat ar acmhainní do do chleachtas cruthaitheach, mar shampla: ceannach uirlisí (le 3 bliana anuas)

 

Cleachtas Gníomhach

Tabhair faoi deara: D’fhéadfadh an Roinn tuilleadh eolais a lorg maidir le cruthúnas a chuireann tú ar fáil chun incháilitheacht a chinneadh.

Suirbhé Iarratais

Déanfar measúnú ar an scéim ar bhonn leanúnach chun an tionchar atá ag an íocaíocht deontais a mheas, agus chun taighde a dhéanamh ar shláinte earnáil na n-ealaíona in Éirinn.

Chun faisnéis bhonnlíne a bhailiú ón earnáil, ceanglaítear ar gach iarrthóir ar an scéim IBE suirbhé a chomhlánú i ndáil lena gcúinsí agus cleachtas. Tá sé seo cosúil leis an suirbhé a bhí á chomhlánú ag na rannpháirtithe Píolótacha.

Beidh suas le 70 ceist ar an suirbhé a chlúdóidh ábhair amhail faisnéis dhéimeagrafach, ioncam pearsanta, folláine, úsáid ama sheachtainiúil, agus obair sna healaíona lena n-áirítear:

· sonraí agus am a chaitear ar ghníomhaíochtaí éagsúla lena n-áirítear cleachtas cruthaitheach, obair sna healaíona, obair in earnálacha eile, oiliúint, forbairt ghairmiúil, am fóillíochta

· ioncam aonair a saothraíodh ó na healaíona agus ó earnálacha eile

· coinníollacha oibre in earnáil na n-ealaíona

· sonraí déimeagrafacha, mar shampla: aois, inscne, eitneacht, stádas míchumais, foirm ealaíne, suíomh geografach

· folláine

Tá sampla ar na saghas ceisteanna a chuirtear sa suirbhé ar fáil anseo: https://assets.gov.ie/static/documents/bia-survey-text.pdf.

Ba chóir d’iarratasóirí ceisteanna an tsuirbhé a léamh agus ullmhú chun iad a fhreagairt anois, roimh an fhuinneog iarratais.Moltar dóibh freisin faisnéis a bheith acu faoina dtuilleamh aonair. Ba chóir é seo a dhéanamh anois, roimh fhuinneog an iarratais agus ba chóir go gciallódh sé sin gur féidir le hiarratasóir na codanna seo den suirbhé a chomhlánú níos tapúla.

Ní bheidh an Roinn in ann aon iarratas neamh-chríochnaithe ná aon iarratas fuarthas ina dhiaidh an spriocdháta a mheas.

Roghnú agus Íocaíocht

Tá an roinn ag súil le líon mór iarratas, i bhfad sa bhreis ar líon na n-ealaíontóirí a bhféadfar a mhaoiniú agus mar sin, ní bheidh sé indéanta maoiniú a thabhairt do gach iarrthóir incháilithe.

Déanfar an roghnú trí phróiseas samplála randamach anaithnidithe. Úsáidfear é sin chun faighteoirí a chinneadh ón líon d’iarratasóirí incháilithe don scéim.

Le maoiniú na scéime faoi láthair, ceadófar 2,000 iarrthóir incháilithe a bheith rannpháirteach sa scéim ar ráta €325 sa tseachtain agus cuirfear tús leis an gcéad íocaíocht i Ráithe 4 2026.

  • Féadfaidh faighteoirí na scéime píolótaí iarratas a dhéanamh ar an scéim sin, más féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad critéir incháilitheachta na scéime 2026 – 2029. Ní hionann incháilitheacht don scéim phíolótach agus go mbeidh ealaíontóir incháilithe go huathoibríoch do bhabhtaí na scéime sa todhchaí.
  • Toisc nach bhféadfar gach iarrthóir incháilithe a mhaoiniú, gheobhaidh faighteoirí an íocaíocht ar feadh 3 bliana i.e. ó 2026 go dtí 2029. Ní bheidh siad siúd a roghnófar le haghaidh IBE 2026 - 2029 incháilithe don chéad bhabhta maoinithe eile, i.e. ní fhéadfaidh ealaíontóir IBE a fháil ach amháin ar feadh 3 bliana as aon tréimhse 6 bliana. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh ealaíontóirí a fhaigheann an IBE mar chuid de scéim 2026 – 2029 iarratas a dhéanamh ar bhabhta 2030 – 2033 ach, d’fhéadfaidís iarratas a dhéanamh ar bhabhta 2034 – 2037. Déanfar é sin le go mbeidh an oiread ealaíontóirí agus is féidir in ann leas a bhaint as an scéim.

Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona: Freagraí ar do cheisteanna Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona 2026 – 2029 - Ceisteanna Coitianta

Próiseas Iarratais

Sonraí

Osclófar an tairseach iarratais ag 1 i.n. Céadaoin 15ú Aibreán 2026

Is é 5 i.n. Dé Máirt, an 12ú Bealtaine 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Ní dhéanfar iarratais dhéanacha nó neamhchríochnaithe a mheas.

Ní dhéanfar dréacht-iarratais a mheas. Ní mór d’iarrthóirí a dheimhniú gur chuir siad a n-iarratas isteach ina iomláine roimh an spriocdháta.

Ní mór d’iarrthóirí seoladh ríomhphoist bailí, gníomhach a bheith acu chun iarratas a dhéanamh.

Ní ghlacfar ach le hiarratais a dhéantar tríd an Tairseach Ar Líne amháin. [ FOILSEOFAR AN NASC SEO AR 15 AIBREÁN ]

Ní fhéadfaidh iarrthóirí ach iarratas amháin a dhéanamh le bheith rannpháirteach. Is ionann iarratais iomadúla a dhéanamh agus dícháiliú ón scéim.

Féadfaidh iarrthóirí dréacht-leagan an iarratais a shábháil sula gcuirtear an fhoirm iarratais dheiridh isteach – ach tabhair faoi deara nach ndéanfar dréachtaí a mheas. Is ar an iarrthóir atá an dualgas an t-iarratas a chur isteach.

Eiseofar ríomhphost deimhnithe ina leagfar d’iarratas agus d’uimhir thagartha amach nuair a chuirfidh tú d’iarratas isteach ina iomláine.

Caithfear go dian le faisnéis bhréagach nó faisnéis mhíthreorach a chuirtear chuig an Roinn ag aon phointe agus d’fhéadfaí dícháiliú ón scéim a bheith mar thoradh uirthi.

Teagmhálaithe na scéime

Ríomhphost: basicincomeforthearts@ccs.gov.ie

Osclófar an tairseach iarratais ag 1 i.n. Céadaoin 15ú Aibreán 2026

Is é 5 i.n. Dé Máirt, an 12ú Bealtaine 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Tabhair faoi deara: Dúnfar an tairseach iarratais ag an am sin agus NÍ MHEASFAR iarratais nár cuireadh isteach ina n-iomláine roimhe sin (lena n-áirítear an suirbhé a chomhlánú agus cáipéisíocht tacaíochta a uaslódáil).

Maidir le hiarratais a fuarthas faoin spriocdháta amháin, féadfaidh an fhoireann um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona teagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí ina dhiaidh an spriocdháta nuair atá soiléiriú nó tuilleadh faisnéise ag teastáil.

Inrochtaineacht - Tacaíocht le d’iarratas a dhéanamh

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá riachtanais inrochtaineachta eile agat agus teastaíonn cúnamh uait d’iarratas a dhéanamh, déan teagmháil linn ar ríomhphost: basicincomeforthearts@ccs.gov.ie nó, más gá, más gá, tríd an tseirbhís glórphoist ar 01 643 7714. Beidh seirbhís ghlórphoist ar fáil ó Dé Céadaoin an 15ú Aibreán, nuair a osclófar an tairseach iarratais. Tá fáilte roimh ghlaoiteoirí teachtaireacht a fhágáil ar an tseirbhís ghlórphoist, agus déanfaidh ball foirne teagmháil leat má theastaíonn cúnamh uait d’iarratas a dhéanamh. Déan teagmháil linn a luaithe is féidir chun am a thabhairt dúinn freagra a thabhairt duit agus cabhrú le d’iarratas. Cuirfidh muid tacaíocht in oiriúint d’iarratais aonair.

Má theastaíonn duine uait d’fhoirmeacha a chomhlánú leat ar an nguthán, déan teagmháil a luaithe is féidir agus más féidir, sula n-osclófar an fhuinneog iarratais le go bhféadfaidh muid coinne le ball foirne a chur in áirithe chun cabhrú leat tráth a mbeidh an fhuinneog iarratais ar oscailt.

Oibreofar an tseirbhís ghlórphoist agus tosaíocht á tabhairt dóibh siúd nach bhféadfadh a n-iarratas a chríochnú murach ár gcúnamh nó dóibh siúd a bhfuil riachtanais inrochtaineachta eile acu. Déan chomhfhreagras linn ar ríomhphost mura mbaineann an méid sin leat.

Nótaí do Rannpháirtithe

Ba cheart dóibh siúd a fhaigheann an íocaíocht na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara:

  1. Foilseofar ainmneacha na bhfaighteoirí
  2. Déanfar iniúchóireachtaí bliantúla chun incháilitheacht seasta a dheimhniú (féach sonraí thíos). Déanfar na daoine nach féidir leo cruthúnas ar incháilitheacht seasta a sholáthar a bhaint den scéim agus cuirfear iarrthóirí incháilithe eile ina n-ionad
  3. Tar éis dóibh a bheith roghnaithe, déanfar faighteoirí nach bhféadann an Roinn teagmháil a dhéanamh leo arís agus arís eile (e.g. cuntas ríomhphoist neamhghníomhach nó lán etc.) a bhaint den scéim agus cuirfear iarrthóirí incháilithe eile ina n-ionad
  4. Ní bheidh na daoine a roghnaíodh le haghaidh íocaíochta sa bhabhta 2026 - 2029 incháilithe don bhabhta dár gcionn (e.g. 2030 - 2033) ach tá fáilte rompu iarratas a dhéanamh don bhabhta ina dhiaidh sin (2034 - 2037). Áirítear orthu sin pointí B agus C thuasluaite.

Tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ag súil go mbeidh cleachtas cruthaitheach gníomhach atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann go príomha ar feadh thréimhse na scéime ag faighteoirí na híocaíochta. Tá roinnt ceanglas ar fhaighteoirí na híocaíochta leagtha amach thíos.

Iniúchtaí ar Fhreagraí an tSuirbhé

Beidh iarrthóirí roghnaithe a fhaigheann an IBE faoi réir iniúchóireachtaí agus ní mór dóibh a bheith in ann fianaise a thabhairt chun tacú leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil mar chuid den suirbhé bliantúil e.g. nuair a mhaíonn faighteoir go ndearna siad a saothar a léiriú, a gceol a thaifeadadh, cónaitheacht ealaíne a bhaint amach, caibidil a scríobh, ceardlann a mhúineadh, gur bronnadh maoiniú deontais orthu etc., ní mór dóibh a bheith in ann fianaise a sholáthar ina leith. D’fhéadfaí rannpháirtithe a bhaint den scéim agus go mbeidh orthu aon íocaíocht IBE faighte a aisíoc mura gcomhlíonfaí na ceanglais maidir le bailiú sonraí.

Mura bhfuil sé déanta cheana féin, ní mór d’iarrthóirí a roghnaíodh don íocaíocht:

  • clárú mar fhéinfhostaithe le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim nuair a roghnaítear don scéim iad
  • gabháil scáileáin Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim do shocrú a gcuntas bainc a fháil nuair a roghnaítear don scéim iad (beidh treoir maidir le conas a dhéantar é sin curtha ar fáil dóibh siúd atá roghnaithe)
  • Foirm 11 a sholáthar go bliantúil (ó 2027 ar aghaidh) le comhlánú a dtuairisceáin chánach a fhianú, lena léirítear admháil ar íocaíocht Ioncaim Bhunúsáigh do na hEalaíona agus aon ioncam eile etc.
  • toiliú lena n-uimhir PSP a roinnt leis na Coimisinéirí Ioncaim agus í a chur ar chlár Státchabhair an AE d’Éirinn go bliantúil más gá
  • Beidh iniúchóireacht bhliantúil ar fhaighteoirí i bhfeidhm ina mbeidh orthu fianaise a thabhairt ar shonraí a cuireadh isteach mar chuid dá suirbhé

Déanfar taifead agus measúnú ar chomhlíonadh incháilitheachta ar bhonn leanúnach le linn na tréimhse ina bhfaigheann faighteoir an íocaíocht.

Úsáid Sonraí

Taighde:

Déanfar na sonraí a bhailítear trí shuirbhéanna a anaithnidiú sa mheastóireacht ar an scéim. Déanfar meastóireacht ar shonraí ar leibhéal comhiomlán agus ní ar leibhéal aonair: Ciallaíonn sé sin nach bhfuil fócas na dtaighdeoirí ar athruithe i gcúinsí daoine aonair, ach ar na hathruithe níos leithne laistigh d’earnáil na n-ealaíona. Ní chuimsíonn sonraí an tsuirbhé a roinntear le taighdeoirí ainmneacha daoine ná UPSP.

Déanfar suirbhé riachtanach uair amháin sa bhliain ar a laghad agus d’fhéadfaí go dtabharfar cuireadh do rannpháirtithe freastal ar sheimineáir, grúpaí fócais, nó agallamh aonair chun sonraí cáilíochtúla a bhailiú ar thionchar an deontais. Cuirfear rannpháirtithe ar an eolas maidir leis na tionscadail taighde ábhartha a bheidh ar siúl in ollscoileanna agus institiúidí taighde.

Má theiptear ar fhaighteoirí na suirbhéanna riachtanacha a chomhlánú, aistarraingeofar an íocaíocht deontais / bainfear den scéim iad

Ba cheart d’iarrthóirí tabhairt faoi deara go gcuireann tuairisciú riachtanach na rannpháirtithe bonn eolais faoi ghné thaighde na scéime.

Státchabhair:

Roinnfear ainmneacha agus Uimhreacha PSP na ndaoine a fhaigheann an íocaíocht leis na Coimisinéirí Ioncaim agus foilseofar iad ar chlár Státchabhrach AE, atá ar fáil go poiblí. Is riachtanas AE nua é sin amhail an 1 Eanáir 2026 maidir le gach Státchabhair a chuirtear ar fáil ar fud an AE.

Fíorú Cruthúnas

Féadfar Iarratais agus Cruthúnas Inleithéid a roinnt le hEagraíochtaí Acmhainní Ealaíon na hÉireann don scéim 2026 - 2029 chun a chinntiú nach roghnaítear ach Ealaíontóirí Gairmiúla a bhfuil Cleachtas Cruthaitheach Gníomhach acu chun an íocaíocht a fháil.

Oibríochtaí:

Beidh rochtain ag an bhfoireann Oibríochtaí IBE ar na sonraí go léir a chuireann iarratasóirí isteach. Áirítear leis sin iarratas iomlán duine, sonraí suirbhé, agus faisnéis phearsanta a theastaíonn chun íocaíochtaí a phróiseáil amhail uimhir chuntais bhainc, UPSP agus faisnéis maidir le comhlíonadh cánach. Tá rochtain ag an bhfoireann Oibríochtaí freisin ar shonraí teagmhála iarratasóirí amhail seoltaí ríomhphoist etc.

Déanfaidh an fhoireann Oibríochtaí iniúchtaí lena n-áirítear faisnéis a roinntear sna suirbhéanna.

Iarrfar sonraí pearsanta uait chun iarratas a dhéanamh ar IBE, lena n-áirítear faisnéis faoi Eitneachas, Stádas Míchumais, Inscne agus Aois, d’fhonn sampla ionadaíoch de rannpháirtithe a chinntiú. Liostaítear na cineálacha sonraí pearsanta sin faoin Alt 9 den RGCS mar "chatagóirí speisialta" sonraí pearsanta. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin an Choimisinéara um Chosaint Sonraí anseo. Tá an rogha ‘B’fhearr liom gan a rá’ ar fáil mar fhreagra do gach ceann de na ceisteanna seo. Iarrfaidh an Roinn toiliú gach iarratasóra chun a Sonraí Pearsanta de Chatagóir Phearsanta agus Speisialta (Eitneachas, Míchumas, Inscne, Aois) a phróiseáil ar na cúiseanna atá leagtha amach thuas.

Ráiteas Príobháideachais:

Tá meas ag an Roinn seo ar do phríobháideachas agus tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus baineann sí úsáid as bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Ní phróiseálfaidh an Roinn do shonraí pearsanta

ach chun na gcríoch dár bailíodh iad. D’fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt in imthosca áirithe le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile nuair a fhorálann an dlí é sin. Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch dár bailíodh iad agus dár próiseáladh iad ina dhiaidh sin. Nuair a éagfaidh an riachtanas gnó chun an fhaisnéis sin a choimeád, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe agus is féidir, agus de réir bheartas na Roinne.

Coinneofar sonraí go buan chun críocha taighde i gcomhréir le hAirteagal 89 den RGCS - GDPRhub. Déanfar na sonraí a bhailítear trí shuirbhéanna a anaithnidiú. Déanfar meastóireacht ar na sonraí ar bhonn comhiomlán agus ní ar bhonn aonair. Ní chuimsíonn na sonraí suirbhé a roinntear le taighdeoirí ainmneacha daoine ná uimhreacha UPSP.

Tá Ráiteas Príobháideachais na Roinne maidir le soláthraithe aonair, íocaithe agus deontaithe ar fáil ar ár suíomh Gréasáin ag: https://www.gov.ie/en/department-of-culture-communications-and-sport/organisation-information/individual-suppliers-payees-grantees/

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí ar ár suíomh gréasáin ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/5c605-data-protection/

Riachtanais iniúchóireachta

Réamhíocaíocht:

  • Déanfar seiceálacha ar gach cáipéisíocht ar chruthúnas / fhianaise ar chleachtas gach iarrthóra a roghnaíodh
  • Rithfear seiceálacha fíorúcháin chun fírinneacht na cáipéisíochta a cuireadh isteach a dheimhniú

Iaríocaíocht:

  • Athdheimhniú bliantúil na bparaiméadar incháilitheachta ag gach iarrthóir
  • Foirm 11 a chur isteach go bliantúil (ó 2027 ar aghaidh) chun an méid a leanas ó fhaighteoirí a fhianú:
    • clárú mar fhéinfhostaithe agus Rann S ÁSPC a íoc
    • tuairisceán cánach a chomhlánú lena léirítear admháil na híocaíochta agus aon ioncam ealaíona eile etc.
  • Beidh iniúchóireacht bhliantúil d’fhaighteoirí i bhfeidhm ina mbeidh orthu fianaise a chur isteach ar shonraí a soláthraíodh mar chuid dá suirbhé

Nótaí ar íocaíocht le faighteoirí IBE

Íocfar deontais ar luach €325 sa tseachtain le faighteoirí. Déanfar íocaíochtaí go míosúil ar ráta €1413.21. Cuirfear tús le faighteoirí a íoc faoi dheireadh na bliana agus déanfar iad a chúldhátú go Meán Fómhair 2026.

Imréiteach Cánach

Ní fhéadfaidh duine nach bhfuil a gcuid cánach imréitithe íocaíocht a fháil ón Roinn.

Tabharfar spás ocht seachtaine (dhá íocaíocht) d’fhaighteoirí le go bhféadfaidh siad imréiteach cánach a eagrú, agus ina dhiaidh sin, ní mór go mbeadh:

Mura bhfuil Imréiteach Cánach ag faighteoirí agus 6 mhí caite, bainfear den scéim iad agus ní íocfar tuilleadh íocaíochtaí ná íocaíochtaí siardhátaithe leo.

Cóireáil cánach agus leasa shóisialaigh na n-íocaíochtaí

Tá íocaíochtaí IBE ináirithe chun críocha cánach ioncaim.

Ní mór do gach rannpháirtí rathúil clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mar fhéinfhostaithe agus cáin ioncaim Sceideal D a íoc, i gcás inarb iomchuí, ar íocaíocht deontais um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

Beidh dliteanas arioncam ón scéim phíolótach i leith ÁSPC Aicme S

Caithfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) le hioncam ón scéim mar ioncam ó fhéinfhostaíocht chun críocha na dtástálacha acmhainne éagsúla. Ciallaíonn sé sin, i gcás ina n-áirítear le scéim neamhaird ar mhéid áirithe ioncaim ó fhéinfhostaíocht, cuirfear an neamhaird sin i bhfeidhm ar ioncam ó Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach n-áirítear neamhaird ar ioncam ó fhéinfhostaíocht i ngach scéim faoi réir tástála acmhainne. Braithfidh an tionchar a bheidh ag an ioncam seo ar íocaíocht RCS duine ar an tástáil acmhainne don scéim sin agus ar chúinsí aonair an duine (go háirithe cibé an bhfuil acmhainn eile ag an duine agus/nó ag a gcéile/bpáirtí)

Moltar go láidir d’iarrthóirí imscrúdú a dhéanamh ar a gcás ar leith féin ó thaobh cánach nó leasa shóisialaigh, má fhaigheann siad íocaíocht. Is fearr ceist ar bith ar chúinsí áirithe a chur ar na Coimisinéirí Ioncaim (i gcás cúrsaí cánach) agus ar an Roinn Coimirce Sóisialaí (i ndáil le leas sóisialach). Ba cheart d’iarrthóirí teagmháil dhíreach a dhéanamh leo toisc nach bhfuil faisnéis shainiúil ag an bhfoireann IBE ina leith.

Ní mór dóibh siúd a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh agus a fhaigheann íocaíochtaí ón scéim um Ioncam Bhunúsach do na hEalaíona an t-athrú sin ina gcúinsí a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.

D’fhoilsigh an Roinn Coimirce Sóisialaí leathanach gréasáin chun cabhrú le haon ábhar imní atá ag iarrthóirí féideartha ar an IBE agus is féidir teacht air tríd an nasc thíos: An caidreamh idir an íocaíocht agus íocaíochtaí RCS. Tá sonraí teagmhála na rannóga ábhartha ar fáil faoi Cheannteideal 5. Ba cheart d’iarrthóirí féideartha teagmháil a dhéanamh leis an rannóg ábhartha óna bhfaigheann siad a n-íocaíocht leasa shóisialaigh.

D’fhéadfadh sé cuid mhaith ama a thógáil chun tús a chur le híocaíochtaí d’fhaighteoirí an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona. Ní mór céimeanna áirithe a chríochnú sula gcuirtear tús le híocaíochtaí. Ní mór do rannpháirtithe Comhaontas a shíniú leis an roinn chun glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha atá i bhfeidhm ar rannpháirtíocht ar an Ioncam Bunúsach do na hEalaíona.

  1. Beifear ag lorg sonraí bainc, gabháil scáileáin de Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim agus fianaise ar imréiteach cánach ó rannpháirtithe le go socrófar iad mar íocaithe ar chóras íocaíochta na roinne. Ní mór cuntas bainc Éireannach nó cuntas bainc ar féidir íocaíochtaí SEPA-a fháil a bheith ag faighteoirí.
  2. Ina theannta sin, lorgófar cruthúnais ar incháilitheacht a dheimhniú agus mura ndeimhnítear iad, ní bheidh an t-iarratas incháilithe a thuilleadh. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh sé sin nochtadh don Chomhairle Ealaíon, do bhallraíocht eagraíochta, d’iarfhostóir ealaíona etc. gur cosúil go bhfaighidh tú an íocaíocht.

Próiseas achomhairc

- Ní fhéadfaidh achomhairc a dhéanamh ar chinneadh go bhfuil iarratas neamh-incháilithe ach amháin ar an bpróiseas measúnaithe

- NÍ FÉIDIR achomhairc a lorg ar an mbonn nár sholáthraigh iarrthóir fianaise leordhóthanach ar chleachtas incháilithe tráth a ndéantar iarratas.

CÉ ATÁ IN ANN ACHOMHARC A DHÉANAMH

· D’fhéadfadh iarratasóir achomharc a dhéanamh má cheapann sé nó sí nár cloíodh leis an bpróiseas chun a (h)iarratas a athbhreithniú .

· Ba chóir go bhfuil ríomhphost cinnidh ag an iarratasóir ón bhfoireann um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona chun achomharc a dhéanamh.

CONAS ACHOMHARC A DHÉANAMH

Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta ar an ríomhphost cinnidh.

Tá sé riachtanach na forais le d’achomhairc a leagan amach go soiléir (féach na pointí thuas) i ríomhphost ar cheart é a sheoladh chuig Oifigeach Achomhairc an IBE ag BIAAppeals@ccs.gov.ie agus “Achomharc” a lua mar aon le d’uimhir iarratais i líne ábhair an ríomhphoist.

CAD BA CHEART A BHEITH SAN ACHOMHARC

• sonraí teagmhála iomlána an iarratasóra agus uimhir iarratais

• na forais ar a gcreideann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas breithnithe i dtaca lena (h)iarratas.

• Ní mór don iarratasóir cúiseanna sonracha a lua nó fianaise a chur ar fáil chun tacú leis an achomharc.

AN PRÓISEAS ATHBHREITHNITHE ACHOMHAIRC

Gheobhaidh an t-iarratasóir ríomhphost admhála ón bhFoireann IBE laistigh de 5 lá oibre tar éis an t-iarratas ar achomharc a fháil.

Déanfar an t-achomharc a bhreithniú ansin agus eiseofar cinneadh don iarratasóir laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh na hadmhála.

Beidh an cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de agus ní bheidh sé faoi réir aon achomharc eile.

I gcás go gceaptar go mbeidh moill ann, cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoin amlíne shínithe.

Státchabhair AE / De Minimis

Ba cheart d’iarrthóirí tabhairt faoi deara go roinnfear ainmneacha agus Uimhreacha PSP na ndaoine a fhaigheann an íocaíocht leis na Coimisinéirí Ioncaim agus foilseofar iad ar chlár Státchabhrach AE, atá ar fáil go poiblí. Is riachtanas AE nua é sin ón 1 Eanáir 2026.

Foráiltear an IBE faoi Rialachán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh De Minimis. Ceanglaítear ar Bhallstát meicníocht a bheith aige chun an chabhair sin a rianú agus chun a chinntiú nach sáraíonn comhmhéid na n-íocaíochtaí cúnaimh De Minimis ó gach foinse d’aon fhiontar amháin in aon tréimhse leanúnach trí bliana uasmhéid 300,000 Euro.

Iarrfar ar fhaighteoirí sonraí a sholáthar ar gach cúnamh De Minimis eile a deonaíodh dóibh le trí bliana anuas. D’fhéadfadh dearbhú bréagach a dhéanann faighteoir a bheith ina chúis le haisghabháil na cabhrach, agus an t-ús san áireamh, níos déanaí má sháraítear an tairseach 300,000 Euro mar thoradh ar an dearbhú sin. Iarrfar ar iarrthóirí a admháil go bhfuil an íocaíocht IBE á tairiscint faoi Chúnamh De Minimis trína dhearbhú gur mhian leo iarratas a dhéanamh ar an IBE faoi Rialachán De Minimis (CE) 2023/2831 den 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán an Choimisiúin (AE) Uimh. 1407/2013.

Nótaí ar an gCaidreamh le hÍocaíochtaí Coimirce Sóisialaí

Tá fáilte roimh ealaíontóirí a fhaigheann íocaíochtaí coimirce sóisialaí (lena n-áirítear dóibh siúd a fhaigheann Liúntas Míchumais/Sochar Éagumais etc.) iarratas a dhéanamh agus tá siad incháilithe a leithéid a dhéanamh.

Caithfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) le hioncam ón scéim mar ioncam ó fhéinfhostaíocht chun críocha na dtástálacha acmhainne éagsúla. Ciallaíonn sé sin, i gcás ina n-áirítear le scéim neamhaird ar mhéid áirithe ioncaim ó fhéinfhostaíocht, cuirfear an neamhaird sin i bhfeidhm ar ioncam ón scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona.

Braithfidh an tionchar a bheidh ar theidlíochtaí coimirce sóisialaí ar chúinsí an duine féin mar shampla: ioncam teaghlaigh, foinsí ioncaim eile.

Moltar d’iarrthóirí a roghnaítear chun an íocaíocht a fháil teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí lena chinneadh an tionchar a bheidh ar a n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh má fhaigheann siad an íocaíocht sula nglacann siad le tairiscint rannpháirtíochta.

Ba cheart do dhaoine a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh agus a fhaigheann íocaíochtaí ón scéim an t-athrú sin ina gcúinsí a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.

An gcaillfidh daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais ón Roinn Coimirce Sóisialaí a sochair?

Ní gá go gcaillfidh, caithfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis an ioncam bunúsach mar thuilleamh ó fhéinfhostaíocht. Braithfidh an tionchar a bheidh ag íocaíocht na scéime ar íocaíocht Liúntais Mhíchumais duine ar chúinsí gach duine agus beidh orthu dul i dteagmháil leis an Roinn Cosanta Sóisialta ina leith.

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Liúntas Míchumais do dhaoine faoi mhíchumas sonraithe a bhfuil a n-ioncam faoi bhun teorainneacha áirithe agus atá idir 16 bliana d’aois agus faoi 66 bliain d’aois.

Féadfaidh duine a fhaigheann Liúntas Míchumais dul i mbun fostaíochta nó féinfhostaíochta. Ní thugtar aird ar an gcéad €165 d’ioncam seachtainiúil ón bhfostaíocht sin (tar éis ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn a asbhaint) chun críche na dtástála acmhainne.

Ansin déantar neamhaird de 50% dá dtuilleamh seachtainiúil idir €165 agus €375 chun críche na dtástála acmhainne. Déantar aon tuilleamh breise, os cionn €375 sa tseachtain, a mheasúnú go hiomlán chun críche na dtástála acmhainne.

Sa bhreis ar an tástáil acmhainne a shásamh, chun a bheith incháilithe don Liúntas Míchumais ní mór do dhaoine:

  • gortú, galar nó míchumas coirp nó meabhrach a bheith acu a lean, nó a mbeifí ag súil go leanfaidh, ar feadh bliana amháin ar a laghad, agus
  • srian suntasach a bheith orthu ó obair a dhéanamh a bheadh oiriúnach do dhuine ag a n-aois, lena dtaithí agus a gcáilíochtaí

An gcaillfidh daoine a bpinsean easláine má fhaigheann siad an íocaíocht ó Ioncam Bunúsach do na hEalaíona?

Is íocaíocht sheachtainiúil é an Pinsean Easláine do dhaoine nach bhfuil in ann oibriú mar gheall ar thinneas fadtéarmach nó míchumas agus atá clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC).

Ní dhéantar tástáil acmhainne ar an íocaíocht agus mar sin ní bheadh tionchar ag ioncam ó Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ar ráta pearsanta íocaíochta duine.

Chun a bheith incháilithe do phinsean easláine, áfach, ní mór do dhuine:

  • a bheith éagumasach chun oibriú ar feadh 12 mhí ar a laghad agus gur cosúil go mbeidh siad éagumasach chun oibriú ar feadh 12 mhí eile ar a laghad (d’fhéadfadh go raibh Sochar Breoiteachta nó Liúntas Míchumais á fháil acu le linn an ama sin),

  • a bheith éagumasach go buan chun oibriú (i gcásanna áirithe tinnis nó míchumas an-tromchúiseach, féadfaidh duine aistriú go díreach ó íocaíocht leasa shóisialaigh eile nó óna bpost chuig an bPinsean Easláine)

agus

  • na coinníollacha ranníocaíochta ÁSPC ábhartha a shásamh

An bhféadfaidh daoine a fhaigheann Liúntas Cúramóra iarratas a dhéanamh agus an gcaillfidh siad a liúntas cúramóra ón Roinn Coimirce Sóisialaí?

Féadfaidh daoine a fhaigheann Liúntas Cúramóra iarratas a dhéanamh ar an scéim. Caithfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis an ioncam mar thuilleamh ó fhéinfhostaíocht. Mar sin i gcás scéimeanna ar nós Liúntais Chúramóra a bhfuil neamhaird ioncaim acu, cuirfear an t-ioncam san áireamh i neamhaird ioncaim na scéime.

Baineann an tástáil acmhainne le haghaidh an Liúntais Cúramóra le measúnú a dhéanamh ar an ioncam a thagann isteach i dteaghlach. I gcás duine singil, ní chuirtear €625 dá n-ioncam seachtainiúil iomlán san áireamh (nó déantar neamhaird air). Má tá duine pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí le chéile ní thugtar aird ar an gcéad €1250 den ioncam comhlán seachtainiúil. (Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndéantar ÁSPC, dleachtanna ceardchumainn, aoisliúntas (ranníocaíochtaí pinsin) a asbhaint ó d’ioncam comhlán freisin).

Sa bhreis ar an tástáil acmhainne, is é ceann de na coinníollacha cáilithe chun Liúntas Cúramóra a fháil ná nach bhfuil an duine ag obair, féinfhostaithe, nó ar chúrsa oiliúna nó oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain.

An gcaillfidh daoine a fhaigheann Pinsean na nDall a n-íocaíocht leasa shóisialaigh má fhaigheann siad an íocaíocht IBE?

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é Pinsean na nDall a íoctar le daoine dalla agus lagamhairc a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn. Is é €208 an t-uasráta pearsanta in aghaidh na seachtaine.

Féadfaidh duine a fhaigheann Pinsean na nDall dul i mbun fostaíochta nó féinfhostaíochta. Ní thugtar aird ar an gcéad €165 d’ioncam seachtainiúil ón bhfostaíocht sin (tar éis ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn a asbhaint) chun críche na dtástála acmhainne. Ansin déantar neamhaird de 50% dá dtuilleamh seachtainiúil idir €165 agus €375 chun críche na dtástála acmhainne.

Déantar aon tuilleamh breise, os cionn €375 sa tseachtain, a mheasúnú go hiomlán chun críche na dtástála acmhainne.

Toisc go gcaithfear le hioncam ón scéim mar ioncam ó fhéinfhostaíocht cuirfear an neamhaird i bhfeidhm.

Ginearálta

Tugann an t-eolas a sholáthraítear ar fáil sa cháipéis seo tuiscint d’iarrthóirí ar an bpróiseas trína ndéantar iarratais ar an scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a fháil agus a mheas agus níl sé ina léirmhíniú dlíthiúil.

Féadfar faisnéis bhreise a iarraidh

Forchoimeádann an Roinn an ceart chun tuilleadh faisnéise a iarraidh uait d’fhonn sonraí i d’iarratas a dheimhniú. Maidir leis seo, d’fhéadfadh an roinn spotseiceálacha a dhéanamh.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014

Ba cheart go mbeadh a fhios ag iarrthóirí, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007 go 2014, go bhféadfadh faisnéis a sholáthraíonn siad le linn an phróisis iarratais agus na bpróiseas ina dhiaidh sin a bhaineann lena n-iarratas a bheith faoi dhliteanas nochta.

Saoráil Faisnéise

Cosaint sonraí

Féach ar an nasc seo a leanas le haghaidh faisnéise faoi chosaint sonraí na Roinne:

Cosaint Sonraí

Tástáil Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Tá an tástáil Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide le haghaidh an IBE ar fáil anseo BIA SME Test

Séanadh

Ní bheidh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt faoi dhliteanas i leith iarrthóra ná aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste nó costais de shaghas ar bith a eascróidh go díreach nó go hindíreach as an iarratas nó as a ábhar nó as diúltú na Roinne don iarratas ar chúis ar bith.

Ní bheidh an Roinn, a seirbhísigh ná a ngníomhairí freagrach, tráth ar bith, in aon chúinse, as aon ábhar a bhaineann le forbairt, pleanáil, maoiniú, tógáil, oibriú, bainistiú agus/nó riar thionscadal aonair nó aon ábhar a bhaineann le cuid de na sonraisc a chuir deontaithe isteach a íoc.

Treoirlínte - Doiciméad i gCló Mór

Treoracha - Doiciméad Formáid Mór - Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat