Ceapann an tAire O’Donovan Cathaoirleach an Cheolárais Náisiúnta
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Deireadh Fómhair 2025
Tá an tUasal Joe Hamill ceaptha ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O’Donovan TD ina Chathaoirleach ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta, le héifeacht ón 27 Deireadh Fómhair 2025, chun fónamh ar feadh tréimhse eatramhach go dtí go gcríochnófar comórtas oscailte do ról an Chathaoirligh agus do roinnt gnáthchomhaltaí den Bhord. Is iar-Ard-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é an tUasal Hamill.
Dúirt an tAire O’Donovan:
Is mian liom buíochas a ghabháil le Joe Hamill as glacadh le ról mar Chathaoirleach ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta. Tá an-taithí aige mar thoradh ar an ról a bhí aige roimhe seo mar Ard-Rúnaí na Roinne a dhéanann maoirseacht ar na Forais Chultúrtha Náisiúnta. Reachtálfar comórtas trí PublicJobs agus idir an dá linn ceadóidh an ceapachán seo don bhord a fhreagrachtaí a chomhlíonadh go hiomlán le linn na tréimhse eatramhach.
Tá Bord an Cheolárais Náisiúnta bunaithe faoin Acht um Fhorais Chultúrtha Náisiúnta (An Ceoláras Náisiúnta), 2015. Ní fhaigheann an Cathaoirleach ná comhaltaí an Bhoird tuarastal ná táille.
CRÍOCH