English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin an Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona faoi bhráid Ghrúpa Parlaiminteach Uile-Pháirtí Chomhaontas Taibheoirí na RA in Westminister

• Buaileann an tAire le Grúpa Parlaiminteach Uile-Pháirtí Chomhaontas Taibheoirí na RA inniu chun an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a phlé

• Sa Scéim nuálaíoch maoinithe seo déanfar taighde ar thionchar an 2000 ealaíontóir agus oibrí ealaíon cruthaitheach in Éirinn a gheobhaidh €325 in aghaidh na seachtaine ar feadh trí bliana mar chuid den chlár taighde

• Beidh an taighde mar bhonn eolais do bheartas an Rialtais san earnáil ealaíon amach anseo

Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catheirne Martin, i Londain inniu chun bualadh le parlaiminteoirí agus le hionadaithe ceardchumainn de chuid na Ríochta Aontaithe. Tugadh cuireadh don Aire Martin labhairt le Grúpa Parlaiminteach Uile-Pháirtí Chomhaontas na dTaibheoirí in Westminister faoi scéim cheannródaíoch na hÉireann um ioncam bunúsach do na healaíona, scéim phíolótach nuálaíoch a d’fhéadfadh athrú a dhéanamh ar an mbealach a mhaoinítear na healaíona in Éirinn.

Scrúdaíonn an Grúpa ceisteanna a théann i bhfeidhm ar thaibheoirí sna healaíona ar fud na RA agus tá machnamh á dhéanamh acu faoi láthair ar ráthaíochtaí íosta ioncaim do thaibheoirí. Thug an Grúpa cuireadh don Aire Martin labhairt leo, mar sin, faoin Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona agus faoi aon eolas a fuarthas ó scéim phíolótach na hÉireann a d’fhéadfadh a bheith úsáideach don RA.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm cuireadh a fháil labhairt le Grúpa Parlaiminteach Uile-Pháirtí Chomhaontas na dTaibheoirí faoi sheachadadh Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona, rud a thugaim tús áite dó. Sa Scéim phíolótach seo déanfar taighde ar an tionchar a bheidh ag íocaíocht bhunúsach ioncaim d’ealaíontóirí agus beidh sí mar bhonn eolais do bheartas an Rialtais amach anseo maidir leis an mbealach is fearr chun tacú le healaíontóirí agus le hearnáil na n-ealaíon. Cuireadh spéis mhór sa Scéim ar fud an domhain agus táim sásta go bhfuil Éire chun tosaigh sa nuálaíocht maidir leis an mbealach is fearr chun tacú le healaíontóirí agus le hearnáil na n-ealaíon."

Seoladh an Scéim i mí Aibreáin na bliana seo agus fuarthas níos mó ná 9000 iarratas. Cuireadh tús le híocaíochtaí leis an 2000 faighteoir an tseachtain seo caite agus cuireadh tús leis an tionscadal bailithe sonraí agus taighde.

Nasc chuig óráid an Aire Item was unpublished or removed

Nótaí d’Eagarthóirí

Cad é Grúpa Parlaiminteach Uile-Pháirtí Chomhaontas na dTaibheoirí?

Bunaíodh an Grúpa chun oibriú in éineacht le ceardchumainn Chomhaontas na dTaibheoirí - Cothromas, Aontas na gCeoltóirí agus Cumann Scríbhneoirí na Breataine Móire - chun ceisteanna a bhaineann le taibheoirí agus scríbhneoirí ar fud phobal na n-ealaíon a chur agus chun fóram a sholáthar do cheisteanna a bhaineann le beartas ealaíon agus cultúir.

Cé atá ina mbaill den Ghrúpa?

Ról Ainm Páirtí
Cathaoirleach & Teagmhálaí Cláraithe Claire Hanna Daonlathach Sóisialta & Lucht Oibre
Oifigeach Banbharún McIntosh de Hudnall Páirtí an Lucht Oibre
Oifigeach Kim Johnson Páirtí an Lucht Oibre
Oifigeach Giles Watling Coimeádach
Oifigeach David Warburton Neamhspleách
Oifigeach Deidre Brock Páirtí Náisiúnaithe na hAlban
Oifigeach Ian Murray Páirtí an Lucht Oibre
Oifigeach Kerry McCarthy Páirtí an Lucht Oibre
Oifigeach An Tiarna Clement-Jones Liobrálach Daonlathach
Oifigeach Kevin Brennan Páirtí an Lucht Oibre
Oifigeach Iarla Chlann Chárthaigh Trasbhinse

Príomhphointí Eolais faoin Scéim:

Ar an mórgóir, tá sé mar aidhm ag an Scéim:

• tacaíocht phíolótach shainearnála do na healaíona a chur ar fáil, i bhfoirm bhunioncaim, chun aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann leis an am a chaitear ar chleachtas cruthaitheach agus d’oibrithe ealaíon a chuireann go mór leis an bpróiseas cruthaitheachta;

• A chur ar chumas ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach díriú ar obair ealaíonta agus chruthaitheach gan a bheith orthu dul i mbun fostaíochta in earnálacha eile chun iad féin a chothú;

• Tacú le rannpháirtithe a gcleachtas a fhorbairt trí ioncam a sholáthar le linn tréimhsí ina bhfuil cleachtas agus portfóilió á bhforbairt;

• Aitheantas a thabhairt do luach na n-ealaíon agus ról an chleachtais chruthaithigh i sochaí na hÉireann;

• Cailliúint scileanna agus taithí a íoslaghdú san earnáil ealaíon.

• Roghnaíodh 2,000 iarratasóir go randamach ó 8,000 iarratasóir incháilithe. Rinneadh conradh le EY mar fhíoraitheoir neamhspleách an phróisis roghnúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an Roghnúchán lena chinntiú go raibh sé randamach agus gan ainm.

• Gheobhaidh siad íocaíocht – €325 (£280) in aghaidh na seachtaine – a íocfar ar bhonn míosúil.

• Beidh ar rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gclár taighde ina mbeidh orthu sonraí a bhailiú agus a roinnt ar roinnt topaicí lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:

- Am a chaitear ar ghníomhaíochtaí éagsúla lena n-áirítear cleachtas cruthaitheach, obair sna healaíona, obair in earnálacha eile, oiliúint, forbairt ghairmiúil, am fóillíochta srl.;

- Ioncam a thuilltear ó na healaíona agus ó earnálacha eile lena n-áirítear ioncam teaghlaigh;

- Sonraí déimeagrafacha e.g. aois, inscne, eitneachas, stádas míchumais, foirm ealaíne, suíomh geografach srl.;

- Táscairí folláine

• Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go mbeidh na sonraí a bhailítear i measúnú na Scéime gan ainm agus go ndéanfar iad a mheas ar leibhéal comhiomlán seachas ar leibhéal aonair.

• Toisc gur Scéim phíolótach taighde í seo ní dheimhnítear go leanfar leis an maoiniú tar éis na Scéime.

• Déanfar meastóireacht ar an Scéim ar bhonn leanúnach chun tionchar na híocaíochta deontais a chinneadh.

• Próiseas neamhiomaíoch a bheidh i gceist, agus mar sin má shásaíonn duine na critéir incháilithe cuirfear isteach i bpróiseas randamach roghnúcháin iad.

• Iarradh ar 1,000 iarratasóir incháilithe nár tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ex post ar an gclár píolótach a éascú. Cabhróidh sé seo le tionchar na híocaíochta a mheas trí thorthaí na ndaoine a fuair an íocaíocht a chur i gcomparáid le grúpa piaraí nár íocadh an bunioncam leo thar an tréimhse chéanna.

• Cosúil leis an gcuid is mó d’ioncam eile, deontas inchánach a bheidh i gceist ach braithfidh an méid cánachais a íocfar ar chúinsí pearsanta an duine.

• Tá faighteoirí an Ioncaim Bhunúsaigh i dteideal ioncam breise a thuilleamh, a bheadh ináirithe freisin chun críocha cánach ioncaim.

• Tá incháilitheacht bunaithe ar an sainmhíniú ar na healaíona mar atá san Acht Ealaíon 2003; ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínitheach (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus áiríonn sé, go háirithe, na hamharcealaíona, an drámaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus áiríonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.

• Sainmhínítear oibrí ealaíon cruthaitheach mar dhuine a bhfuil cleachtas cruthaitheach aige/aici a gcuireann a s(h)aothar cruthaitheach ar bhealach tábhachtach le léiriú nó le taispeáint na n-ealaíon.