Fógraíonn an tAire Ó Donnabháin an scéim nua Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona
- Foilsithe: 10 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2026
Fógraíonn an tAire Ó Donnabháin an scéim nua Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona
- D’fhormheas an Rialtas paraiméadair leathana an BIA nua inniu
- Tosófar ag íoc 2,000 ealaíontóir a roghnófar don BIA nua roimh dheireadh na bliana
- Treoirlínte na scéime nua BIA le foilsiú mí Aibreáin
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick Ó Donnabháin TD, inniu an scéim chomharba do scéim phíolótach an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona.
Tabharfar cuireadh d’ealaíontóirí cleachtacha atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh ar an scéim agus roghnófar 2,000 ealaíontóir incháilithe chun íocaíocht €325 in aghaidh na seachtaine a fháil. Beidh an íocaíocht ann ar feadh 3 bliana agus beidh tréimhse laghdaithe 3 mhí ag deireadh an timthrialla.
Ba é an triail phíolótach an chéad Triail Rialaithe Randamaithe ar scála mór a rinne Rialtas na hÉireann agus tá bonn fianaise láidir curtha ar fáil aici do threo beartais na scéime amach anseo. Foilseofar treoirlínte ina leagtar amach sonraí maidir le hiarratas, critéir incháilitheachta agus cruthúnais i mí Aibreáin 2026.
Le buiséad €18.27m faighte ag an Aire i mBuiséad 2026, oibreoidh an BIA nua i dtimthriallta 3 bliana agus beidh ealaíontóirí incháilithe do gach 3 bliana as 6 bliana. Ciallaíonn sé seo, má roghnaítear ealaíontóir in 2026 – 2029 don íocaíocht, nach mbeidh siad incháilithe don íocaíocht sa chéad timthriall eile, ach féadfaidh siad iarratas a dhéanamh arís sa timthriall ina dhiaidh sin. Féadfaidh siad siúd a bhí ar an gclár píolótach a chomhlíonann na critéir incháilitheachta don scéim nua iarratas a dhéanamh ar an BIA in 2026.
Dúirt an tAire Ó Donnabháin:
Tá áthas orm a fhógairt gur cheadaigh an Rialtas an scéim nua BIA inniu agus go n-osclófar d’iarratais i mí na Bealtaine den bhliain seo. Is cloch mhíle mhór í seo do na healaíona in Éirinn agus don chaoi a dtacaímid leo. Tá áthas ar leith orm gur thug an taighde a rinne mo Roinn bonn fianaise soiléir don Rialtas chun an cinneadh sin a dhéanamh. Tá Éire ina ceannaire domhanda i réimse na dtacaíochtaí d’ealaíontóirí a bhuíochas leis an BIA.
Dúirt Peter Power, Coiste Stiúrtha an Fheachtais Náisiúnta ar son na nEalaíon (NCFA):
Is gealltanas suntasach ón rialtas é ioncam bunúsach d’ealaíontóirí chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscail ealaíon na hÉireann, rud a aibhsíonn tiomantas an rialtais seo chun rannchuidiú le cobhsú na ndálaí oibre neamhchinnte a bhíonn roimh ealaíontóirí. Is féidir le hÉirinn a bheith ina ceannaire domhanda tríd an scéim uathúil seo a rachaidh chun tairbhe don tsochaí ar fad trí thacú lenár sármhaitheas ealaíonta leanúnach ar an stáitse domhanda. Ní féidir leis an NCFA neamhaird a dhéanamh ar thábhacht na scéime seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin níos leithne atá roimh ealaíontóirí, lena n-áirítear inacmhainneacht tithíochta agus an gá atá le conairí gairme inbhuanaithe laistigh den earnáil ealaíon.
Leagann tabhairt isteach an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona béim ar an mbonn go dtugann infheistíocht Rialtais sna healaíona go leor buntáistí dearfacha don tsochaí, ó thaobh eacnamaíochta, sláinte, folláine mheabhrach, oideachais, comhtháthú sóisialta, éagsúlachta agus cuimsithe, go cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil, nuálaíocht, fiontraíocht, dea-cháil dhomhanda agus níos mó. Táimid ag tnúth le cur i bhfeidhm agus leathnú an chórais chun gach ealaíontóir agus oibrí ealaíon incháilithe a áireamh sna blianta amach romhainn.
Bhailigh taighde ón scéim phíolótach fianaise shoiléir ar an tionchar dearfach comhsheasmhach atá ag an íocaíocht ar fud beagnach gach táscaire. De ghnáth bíonn ealaíontóirí a fhaigheann tacaíocht in ann:
- níos mó ama a chaitheamh lena gcuid ealaíne;
- níos mó saothar a tháirgeadh;
- feabhas a chur ar a bhfolláine trí shástacht níos mó leis an saol
- níos lú imní a mhothú, agus;
- a bheith cosanta ó neamhchinnteacht ioncaim san earnáil ar bhealach níos mó ná iad siúd nach bhfuil ag fáil na tacaíochta.
Fuair anailís sheachtrach costais-sochair amach gur fuair an tsochaí €1.39 ar ais as gach €1 a infheistíodh sa scéim phíolótach.
Dúirt an tAire:
Léirigh taighde ar scéim phíolótach BIA go seasta an tionchar dearfach a bhí aici ar na daoine atá á fáil agus cé chomh deacair is atá sé oibriú mar ealaíontóir in Éirinn i bhfianaise na neamhchinnteachta ioncaim atá i réim san earnáil. Cabhróidh an scéim chomharba le gairmeacha beatha na n-ealaíontóirí sin a fhaigheann í a chothabháil agus a gcuid tallann san earnáil ealaíon a choinneáil. Molaim d’ealaíontóirí ó gach cearn den tír iarratas a dhéanamh lena chinntiú go ndéanann na daoine a roghnaítear don scéim ionadaíocht ar an raon is leithne d’ealaíontóirí atá ag cleachtadh in Éirinn inniu.
Tá treoirlínte ina leagtar amach sonraí na gcritéar agus na bparaiméadar don scéim á dtabhairt chun críche faoi láthair agus foilseofar iad i mí Aibreáin. Ina dhiaidh sin, osclófar an scéim d’iarratais i mí na Bealtaine agus déanfar measúnú orthu seo i rith an tsamhraidh, agus cuirfear tús le híocaíochtaí d’ealaíontóirí roghnaithe roimh dheireadh 2026.
Tá tuarascálacha ar na sonraí a bailíodh mar chuid den tionscadal píolótach ar fáil anseo: Scéim phíolótach Ioncam Bunúsach do na hEalaíona: Tuariscí
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá tuarascálacha foilsithe go dtí seo ar an Scéim Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona ar fáil anseo: Ioncam Bunúsach do na hEalaíona