Maoiniú €4.6 milliún le roinnt ar thrí ghlao deontais nua Éire Ildánach fógartha ag an Aire O'Donovan

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €4.6 milliún le roinnt ar thrí ghlao deontais nua Éire Ildánach fógartha ag an Aire O'Donovan

D'fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O'Donovan TD, trí ghlao deontais nua Éire Ildánach inniu ar fiú €4.6 milliún ar an iomlán iad chun tacú leis an gcruthaitheacht, leis an gceangal agus leis an bhfolláine ar fud oileán na hÉireann. Áirítear leis na glaonna seo deiseanna do thionscadail faoin snáithe Oileán Comhroinnte de Chlár Éire Chruthaitheach, a fhaigheann tac-aíocht ón gCiste Oileáin Chomhroinnte.

Tá maoiniú ar fáil anois trí na glaonna deontais seo a leanas:

  • Sláinte agus Folláine Ildánach sa Phobal - Comhpháirtíochtaí Údarás Áitiúil le hEagraíochtaí Ildánacha agus Pobail
  • Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte - Comhpháirtíochtaí Údarás Áitiúil le hEagraíochtaí Ildánacha agus Pobail
  • An Ciste um Chothú Óige Ildánach

Fáiltítear roimh iarratais ó chleachtóirí cruthaitheacha, ó ghrúpaí, ó eagraíochtaí agus ó phobail ar mhaoiniú chun tacú le forbairt tionscadail nuálacha ildánacha agus chultúir.

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt an tAire O'Donovan:

Léiríonn na deiseanna nua maoinithe seo creideamh i dtionchar claochlaitheach na cruthaitheachta ar shaol daoine. Trí thacú le húdaráis áitiúla, le heagraíochtaí óige, agus le comhpháirtithe pobail, táimid ag cur deiseanna cruthaitheachta ar fáil atá inrochtana, cuimsitheach agus a fhreagraíonn do riachtanais phobail ar fud oileán na hÉireann. Táim ag tnúth leis na tionscadail nuálacha agus chomhoibríocha a bheidh mar thoradh ar an maoiniú suntasach seo a fheiceáil.

Ón mbliain 2023 i leith, tá infheistíocht €6 mhilliún déanta ag an gclár Éire Ildánach ar fud cúig cinn de cholúin; Pobail Ildánacha, Óige Ildánach, Sláinte agus Folláine Ildánach, Gníomh Cruthaitheach i leith na hAeráide, agus Tionscail Ildánacha, d’fhonn treisiú leis an gcruthaitheacht agus leis an obair i gcomhar ar fud Oileán na hÉireann.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Le haghaidh critéir incháilitheachta agus treoirlínte iarratais féach https://www.creativeireland.gov.ie/en/creative-grant-call-2025/

Beidh dhá sheisiún eolais ar an láthair ar na Deontais ar siúl i mí Eanáir (ní mór áit a chur in áirithe):

Is é 1pm an 27 Feabhra an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat