Gearán a dhéanamh faoi Sholáthraí Cumarsáide
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) freagrach as earnáil na cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió, tarchur craoltóireachta agus seirbhísí ardráta) agus earnáil an phoist a rialú.
Is é an ról atá acu comhairle agus cosaint a thabhairt do chustaiméirí. Sa chás ina bhfuil fadhb agat le soláthraí, is féidir leo comhairle a thabhairt agus gearáin a réiteach.