Ciste um Shábháilteacht Pobail

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Ciste um Shábháilteacht Pobail


An Ciste um Shábháilteacht Pobail, 2026

D’oscail Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Ciste 2026 le haghaidh iarratas Dé Luain an 13 Aibreán 2026. Glacfar le hiarratais go dtí 5pm Dé Luain an 18 Bealtaine.

Cliceáil anseo chun amharc ar an bpreaseisiúint a bhaineann le seoladh an Chiste.

Tá deontais sa raon idir €20,000 agus €150,000.

Iarrtar iarratais ó thionscnaimh sábháilteachta pobail, ó ghrúpaí atá comhchistithe le húdaráis áitiúla, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí pobail a oibríonn ar shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht pobail agus le ceartas óige.

Glacfar le hiarratais ó eagraíochtaí aonair, agus ó chuibhreannais lena mbaineann dhá eagraíocht nó níos mó i gcás gur eagraíocht phobail, eagraíocht neamhbhrabúis, fiontar sóisialta nó eagraíocht chosúil ar a bhfuil sainchúram a bhaineann le sábháilteacht pobail agus/nó le ceartas óige é an príomhpháirtí. Tabharfar aird ar leith ar iarratais a bhfuil cineálacha nuálacha cur chuige i gceist leo.

Moltar go mór iarratais a chur isteach tamall maith roimh an spriocdháta chun go mbeidh dóthain ama ann le haghaidh aon saincheisteanna féideartha a réiteach.

Doiciméid an deontais

  • Treoir d’iarratasóirí
  • Critéir iarratais
  • Foirm Iarratais
  • Ceisteanna Coitianta

Cuirfear seimineár Gréasáin ar siúl Dé Máirt an 21 Aibreán ag 11am chun tacú le heagraíochtaí a n-iarratais a ullmhú. Cliceáil anseo chun clárú.

Maidir leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail

Is é is an Ciste um Shábháilteacht Pobail ann ná ciste deontas bliantúil a fhágann gur féidir na fáltais ó choireacht arna n-urghabháil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) agus ag an nGarda Síochána a dhíriú ar phobail chun cistiú a thabhairt do thionscadail áitiúla nuálacha a bhfuil mar aidhm leo pobail níos láidre agus níos sábháilte a thógáil.

Ar dtús, tugadh an Ciste Nuálaíochta um Shábháilteacht Pobail ar an gCiste agus seoladh é sa bhliain 2022. Tá tacaíocht tugtha aige do 127 dtionscadal sábháilteachta pobail ar fud na hÉireann go dtí seo.

Is í an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail a bhainistíonn an Ciste.

Ba cheart gach ceist i ndáil leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail a sheoladh chuig communitysafetyfund@justice.ie.

Leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail:

  • Is féidir na fáltais ó choireacht a dhíriú ar thionscadail phobail chun tacú le sábháilteacht pobail
  • Cinntítear go bhfaighidh na tograí is cuí chun sábháilteacht pobail a fheabhsú an cistiú a theastaíonn uathu
  • Spreagtar na tograí forbartha chun feabhas a chur ar shábháilteacht pobail as a measc siúd a bhfuil an tuiscint is fearr acu ar riachtanais sábháilteachta pobail áitiúla
  • Is féidir an dea-chleachtas maidir le sábháilteacht pobail agus le ceartas óige a chomhroinnt le comhpháirtíochtaí agus pobail eile ar fud na tíre de réir mar a fhorbraítear tograí nua
  • Déantar béim a leagan ar a rathúla a bhíonn an Garda Síochána agus an Biúró um Shócmhainní Coiriúla maidir leis na fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil a urghabháil agus an méid sin a léiriú

Leithdháiltí roimhe de chuid an Chiste um Shábháilteacht Pobail

Chiste um Shábháilteacht Pobail 2025
Amharc amharc
Chiste um Shábháilteacht Pobail 2024
Amharc amharc
Chiste um Shábháilteacht Pobail 2023
Amharc amharc
Chiste um Shábháilteacht Pobail 2022
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat