193 Gharda nua curtha chuig rannáin ar fud na tíre
- Foilsithe: 6 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Bealtaine 2026
Inniu, rinneadh 193 Gharda nua a fhianú ag searmanas i gColáiste an Gharda Síochána ar an Teampall Mór. Cuirfidh Coimisinéir an Gharda na Gardaí nua atá ar promhadh chuig Rannáin de chuid an Gharda Síochána ar fud na tíre.
Imscarfar 141 Gharda ar promhadh ar fud Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath, cuirfear 14 Gharda ar promhadh chuig Réigiún an Deiscirt, cuirfear 27 nGarda ar promhadh chuig Réigiún an Oirthir agus cuirfear 11 Gharda ar promhadh chuig Réigiún an Iarthuaiscirt.
Rachaidh rang nua ina mbeidh breis agus 200 oiliúnaí isteach i gColáiste an Gharda Síochána ar an Teampall Mór chun oiliúint a thosú an 4 Bealtaine. Tá ranganna earcach ag dul isteach i gColáiste an Gharda Síochána i gcónaí gach 11 seachtain agus 12 sheachtain.